Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal

Tá amharclann 200 suíochán, leabharlann agus ionad oideachais mar chuid den fhorbairt atá beartaithe ar shuíomh an tseanchlochair ar an mbaile

Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal

Tá iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir, ealaíon agus oideachais a thógáil ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Tá sé i gceist amharclann, leabharlann, caifé, spás stiúideo agus áiseanna eile a chur ar fáil i bhfoirgneamh iomlán nua atá le tógáil ar shuíomh an tseanchlochair i lár an bhaile. Tá sé beartaithe athchóiriú a dhéanamh ar an gclochar féin chomh maith agus síneadh a chur leis.

An comhlacht comhairleoireachta MKO a rinne an t-iarratas pleanála ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe thar ceann Fiontar na Gréine Teoranta, comhlacht a bhfuil Ronan Barrett agus Siobhán Barrett ina stiúrthóirí air.

Sa bhfoirgneamh nua a thogfaí, bheadh amharclann ilfheidhme 200 suíochán, leabharlann, mol oideachais do na meáin dhigiteacha, spás stiúideo, seomraí ranga, seomra cruinnithe, caifé agus gailearaí.

Deirtear san iarratas go bhforbrófaí cartlann scannán agus ceol digiteach, a chuirfí ar fáil don phobal mar chuid d’obair na leabharlainne agus go meallfadh an chartlann sin turasóirí agus taighdeoirí idirnáisiúnta.

Foirgneamh trí stór, 1,382m², a bheadh i gceist san iomlán.

Maidir le seanChlochar Naomh Éinde, a bhunaigh Siúracha na Trócaire, dhéanfaí é a athchóiriú agus síneadh a chur leis chun lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a bheadh i mbun na gcúrsaí oideachais ar an láthair. Chomh maith le 27 seomra codlata a bheith ann, bheadh ceaintín ann chun freastal orthu siúd a bheadh ag fanacht ann.

Chuirfí spás páirceála ar fáil do 54 feithicil mar chuid den fhorbairt chomh maith le háit chun rothair a fhágáil.

Samhail den ionad nua ón bpríomhbhóthar

Deirtear san iarratas pleanála go rachadh an t-ionad nua go mór chun tairbhe do phobal an Spidéil agus go gcuirfí go mór le “tarraingteacht” an bhaile mar lárionad seirbhísí Gaeltachta agus mar bhaile tábhachtach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.

Neartódh an t-ionad íomhá an Spidéil mar áit chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus thacódh sé freisin le healaíontóirí a chuireann oidhreacht agus cultúr na Gaeltachta chun cinn, a deirtear sn iarratas.

Luaitear san iarratas nach bhfuil aon amharclann ná ionad taispeántais i nGaeltacht na Gaillimhe a d’fhéadfadh freastal ar lucht féachana 200 duine agus go mbíonn ar dhaoine taisteal lasmuigh den cheantar chun freastal ar imeachtaí, amhail na Gradaim Cheoil  ag TG4 agus Oireachtas na Samhna, cé go bhfuil cumas “iontach” ceoil, litríochta, drámaíochta agus ealaíon i bpobal Gaeltachta na Gaillimhe.

Ní féidir le Conamara sochar airgeadais ná eacnamaíochta a bhaint as óstáil na n-imeachtaí cultúir sin dá bharr, a deirtear.

Tá cead pleanála faighte cheana féin ag Ronan Barrett chun óstán agus ionad leighis a thógáil ar an Spidéal, cúpla céad méadar soir ó shuíomh an chlochair ach tá stop tagtha leis an obair ar an suíomh le roinnt míonna anuas. Tá baint ag Barrett freisin le hionad cultúir agus oidhreachta atá beartaithe do Chéibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta forbairt a dhéanamh chomh maith ar Ionad Oideachais agus Óige ar shuíomh Choláiste Lurgan in Indreabhán, ceithre chiliméadar siar ón Spidéal.

Cuireadh Clochar Éinde ar díol ar €850,000 ag tús an tsamhraidh.

 

Fág freagra ar 'Iarratas pleanála déanta chun ionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar an Spidéal'

  • Seán Ó hAodha

    Is é an trua go bhfuil cuma oifigí cathrach ar na foirgnimh agus go bhfuil carrpháirc le haghaidh 50 carr pleanáilte le cur san áit a bhfuil an gáirdín.
    Níl an scála ag dul leis an cuid eile den bhaile. Ní cloch eibhir ar bith sa bplean chun an togra a cheagail go fisiúil le Cill Éinde, séipéal álainn a dhear an t-ailtire cáiliúil William A. Scott.