Iarracht amháin eile á déanamh teacht ar mhargadh Breatimeachta roimh chruinniú mullaigh

Beidh iachall Boris Johnson síneadh ama eile ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh beannacht na parlaiminte in Westminster aige do mhargadh nua faoin Satharn beag seo

Iarracht amháin eile á déanamh teacht ar mhargadh Breatimeachta roimh chruinniú mullaigh

Inseoidh príomh-idirbheartaí an AE Michel Barnier d’ambasadóirí 27 ballstát an AE ag 1pm inniu cé acu an bhfuil nó nach bhfuil margadh Breatimeachta déanta in am do chruinniú mullaigh an lae amárach.

Is gá go bhfoilseofaí ar dtús aon mhargadh a táthar ag iarraidh go n-aontódh ceannairí na mballstát é ag a gcruinniú mullaigh atá ar siúl amárach agus Dé hAoine.

De réir reachtaíochta a tugadh isteach in Westminster beidh iachall ar Phríomh-Aire na Breataine Boris Johnson síneadh ama eile ar an mBreatimeacht a lorg mura mbeidh beannacht na parlaiminte in Westminster aige do mhargadh nua faoin Satharn beag seo.

Tá na cainteanna maidir le margadh nua fós ar siúl ar maidin.

“Bhí na foirne ag obair siar amach san oíche agus tá dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí acu. Casfaidh siad ar a chéile arís ar maidin,” a dúirt urlabhraí thar ceann Rialtas na Breataine.

Is é an dris chosáin is mó sna cainteanna sin i gcónaí ná ceist na teorann in Éirinn agus conas a láimhseálfaí cúrsaí custaim ar oileán na hÉireann.

Tá easaontas ann i gcónaí chomh maith faoi cén ról a bheadh ag Stormont maidir leis an margadh nua.

Tá Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson fós ag iarraidh an DUP a mhealladh chun tacú lena mholtaí is déanaí i dtaobh an mhargaidh.

Tuairiscítear go bhfuil ábhar margaidh anois ann agus go bhfuil géillte ag Boris Johnson go mbeadh teorainn chustaim síos muir Éireann, moladh a bhfuil col ag an DUP leis agus ar dhiúltaigh Theresa May scon scan dó.

I ráiteas a chuir siad amach aréir, dúirt an DUP nach raibh sé i gceist acu labhairt faoi na cainteanna toisc iad a bheith ar siúl i gcónaí ach go raibh “bearnaí” ann i gcónaí agus gá “lena thuilleadh oibre”.

D’fhéadfadh nach mbeadh gá ag Boris Johnson le vótaí fheisirí parlaiminte an DUP dá n-éireodh leis dóthain tacaíochta do mhargadh a fháil i measc na mBreatimeachtóirí is diongbháilte ina pháirtí féin.

Tá sé i gceist ag Johnson na sonraí is déanaí faoi na cainteanna a thabhairt dá rialtas ag 4pm inniu agus casfaidh sé anocht le cúlbhinseoirí a pháirtí ag cruinniú de Choiste 1922 na dTóraithe.

Fág freagra ar 'Iarracht amháin eile á déanamh teacht ar mhargadh Breatimeachta roimh chruinniú mullaigh'