Iarcheannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir ceaptha ina idirghabhálaí ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí

Tá Pól Ó Gallchóir as Gaoth Dobhair ceaptha ag Roinn na Gaeltachta mar idirghabhálaí chun iarracht eile a dhéanamh teacht ar réiteach ar an gconspóid faoin mbád an 'Queen of Aran'

Iarcheannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir ceaptha ina idirghabhálaí ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí

Tá Pól Ó Gallchóir, iarcheannasaí TG4, ceaptha mar idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus muintir Thoraí chun iarracht a dhéanamh réiteach a fháil ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

Tuairiscíodh ar Nuacht an Tuaiscirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna go mbeidh Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas dó, ina idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus muintir Thoraí sa phlé eatarthu faoin gconspóid a bhaineann leis an mbád an ‘Queen of Aran’.

Dhearbhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo caite nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreáin.

Tá ráite ag muintir Thoraí go gcuirfidh siad bac ar ché an oileáin an lá sin má dhéanann an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán agus iad den tuairim go bhfuil an bád  “róshean” agus nach bhfuil sí “sábháilte” dá bharr.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’, ach is cosúil nach bhfuil aon fhuascailt go fóill ar an aighneas seo agus Roinn na Gaeltachta ag rá nach bhfuil aon dul siar ar an gcinneadh sin, fad is atá

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, an tseachtain seo caite gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus go raibh an Roinn “muiníneach” go bhfaighidh an bád teastas sábháilteachta ó Oifig an tSuirbhéara.

Fág freagra ar 'Iarcheannasaí TG4 Pól Ó Gallchóir ceaptha ina idirghabhálaí ar an aighneas faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí'

  • Oileanach

    Cen chaoi gur bhronn An Roinn an conradh farantòireachta go Torai ar an MV Queen of Aran agus gan aon Teastas Sabhailteachta ag an mbad sin?