IarAire Gaeltachta as láthair ó sheoladh polasaí oideachais Gaeltachta de bharr ‘masla’

‘Masla don Taoiseach’ nár seoladh cuirí chuig seoladh an pholasaí oideachais Gaeltachta níos luaithe - Ó Cuív

IarAire Gaeltachta as láthair ó sheoladh polasaí oideachais Gaeltachta de bharr ‘masla’

Ní raibh iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív i láthair ag seoladh an pholasaí nua oideachais don Ghaeltacht ar an gCeathrú Rua inniu mar gheall ar a dhéanaí is a tháinig an cuireadh ón Roinn Oideachais.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil le Tuairisc.ie gur “masla” a bhí ann do Theachtaí Dála dháilcheantar Ghaillimh Thiar agus don Taoiseach féin, a sheol an pholasaí i Scoil Mhic Dara inniu, nár sheol an Roinn Oideachais na cuirí chuig an ócáid go dtí 16.00 tráthnóna inné.

“Níor tháinig an cuireadh go dtí a ceathair a chlog inné agus dáiríre is mór an masla é sin ón Roinn Oideachais, ní hamháin do na Teachtaí Dála sa cheantar ach don Taoiseach féin.

“Chuirfinn geall go bhfuil Teachtaí Dála eile ann nach raibh in ann a bheith i láthair mar gheall ar a dheireanaí is a tháinig an cuireadh,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Mhínigh Ó Cuív gur bhreá leis a bheith i láthair ag an seoladh inniu ach go raibh ócáidí eile aige le freastal orthu in áiteanna eile sa chúige. Dúirt sé gur socraíodh na coinní sin le cúpla lá anuas ach go gcaithfeadh sé go raibh eolas roimh ré ag an Roinn Oideachais go mbeadh an ócáid ar siúl inniu.

Sheol an Taoiseach agus an tAire Oideachais Richard Bruton an polasaí oideachais sa bhunscoil Ghaeltachta ag meán lae inniu.

Fág freagra ar 'IarAire Gaeltachta as láthair ó sheoladh polasaí oideachais Gaeltachta de bharr ‘masla’'