I mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe in eastát Gaeltachta

Tá ‘Pairceanna na Glas’, eastát nua sa Daingean, ag cothú conspóide mar gheall ar a ainm dothuigthe agus mar gheall ar pholasaí agallaimh Chomhairle Contae Chiarraí

I mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe in eastát Gaeltachta

Tá conspóid go leor ag baint le heastát nua tithíochta sa Daingean toisc nach bhfuil aon chiall leis an ainm atá tugtha air agus mar gur i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe ann.

Dúirt an Dr Pádraig Ó Cearbhaill, Príomhoifigeach Logainmneacha Choimisiún na Logainmneacha, ar An Saol Ó Dheas ar RnaG go bhfuil sé “náireach” gur tugadh ainm nach bhfuil aon chiall leis ar an eastát tithíochta nua, ‘Pairceanna na Glas’.

Cé go bhfuil sé curtha in iúl do Chomhairle Contae Chiarraí nach bhfuil aon chiall leis an ainm sin, deir an Chomhairle nach bhfuil sé i gceist acu an t-ainm a athrú.

Ní hin an t-aon chonspóid teanga a bhaineann leis an eastát nua, áfach.

Bhí sé leagtha amach go mbeadh sé cinn den 20 teach ann á gcur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ach i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas teanga na n-iarrthóirí ar na tithe sin.

Dúirt an file aitheanta Simon Ó Faoláin, a bhí ar liosta feithimh tithíochta Chomhairle Contae Chiarraí, gur ghlaoigh duine ó roinn tithíochta na Comhairle air chun fiafraí de an raibh Gaeilge aige agus chun cúpla ceist eile a chur air. I mBéarla amháin a labhair ionadaí na Comhairle leis.

Dheimhnigh Martin O’Donoghue, stiúrthóir na seirbhísí tithíochta le Comhairle Contae Chiarraí, leis An Saol Ó Dheas nach ndearnadh na hagallaimh le hiarrthóirí Gaeilge i nGaeilge agus má dúirt iarrthóirí go raibh Gaeilge acu, gur glacadh leis sin.

Nuair a ceistíodh O’Donoghue maidir le conas a d’fhéadfaí measúnú a dhéanamh i mBéarla ar chumas Gaeilge duine, dúirt sé nach raibh sé “míréasúnta” creidiúint go mbeadh Gaeilge ag aon duine a dúirt go raibh scrúdú na hArdteiste déanta acu i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, gur múinteoir bunscoile a bhí ann nó gur tógadh sa cheantar é.

Dúirt sé go nglacann sé leis anois go raibh sé de cheart ag Comhairle Contae Chiarraí a chinntiú agus a dhearbhú go raibh Gaeilge ag na hiarrthóirí seo.

Is í an eagraíocht Clúid a bhí i mbun na forbartha agus dúirt O’Donoghue gur ‘eisceacht’ a bhí san eastát tithíochta mar go raibh iarratas príobháideach pleanála déanta. Dúradh go mbeadh cur chuige difriúil ag an gComhairle dá mba rud é go raibh siadsan i gceannas ar an eastát ón uair go raibh cead pleanála á lorg. Más amhlaidh a bheadh, dúirt O’Donoghue go ndéanfaí na hagallaimh i nGaeilge.

Dúirt Clúid leis An Saol Ó Dheas, áfach, gurb iad Comhairle Contae Chiarraí a rinne na hagallaimh leis na hiarrthóirí agus tá sé dearbhaithe acu chomh maith nach raibh aon bhaint acusan le hainm an eastáit.

Maidir le hainm an eastáit, tá stádas dlíthiúil difriúil ag sráidainmneacha, mar atá i gceist sa chás seo, agus ag ainmneacha riaracháin. Dúirt an Dr Pádraig Ó Cearbhaill ó Choimisiún na Logainmneacha nach raibh an Coimisiún in ann ach comhairle a thabhairt maidir le sráidainmneacha.

Maidir leis an ainm ‘Pairceanna na Glas’, dúirt Ó Cearbhaill go raibh sé ag plé le logainmneacha “le blianta móra fada” agus nach raibh an focal ‘pairceanna’ feicthe riamh cheana aige.

“Más Gaelainn í sin, níl aon chur amach agam ar an bhfocal,” ar sé. Dúirt sé nach mbeadh an ‘glas’ ceart ó thaobh na gramadaí de ach an oiread.

Shíl sé go raibh sé “náireach” go dtabharfaí an t-ainm ‘Pairceanna na Glas’ ar áit i gceantar Gaeltachta.

Mhol Ó Cearbhaill go bhféadfaí “Páirceanna na Glaise” nó “Páirceanna Glasa” a thabhairt ar an eastát.

Mar thoradh ar fhiosrúchán a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta, tugadh le fios go raibh an t-ainm ‘Pairceanna na Glas’ ar cheann de roinnt moltaí a rinne an t-ailtire a leag amach an t-eastát agus gur roghnaigh Comhairle Contae Chiarraí an ceann sin.

In ainneoin go bhfuil botúin san ainm, deir an Chomhairle nach raibh sé i gceist acu aon athrú a dhéanamh air.

Fág freagra ar 'I mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas Gaeilge iarrthóirí ar thithe in eastát Gaeltachta'

  • Con Ó Murchú

    Haaa haaa haaa ohhh!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ceist don Choimisiún teanga…

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Níl anseo ach sampla den neamhaird agus an cluas bodhair a thugann Comhairle Contae Chiarraí don nGaeilge agus a ról sa phobal agus go háirithe sa Ghaeltacht. Léiríonn sé chomh maith chomh aineolach is atá siad i leith na teanga, móide gur chuma leo.

  • An tEisreachtach

    Cheapfainnse gur d’aon ghnó a thug na mandairíní an t-ainm sin ar an eastát – le cur as do Ghaelgeoirí.