Thart ar an mbliain 2001 bhí mé i gcartlann sa mBreatain agus mé ag déanamh taighde ar Chogadh na Saoirse. Tháinig mé ar chomhad nach raibh cead ag an bpobal féachaint air. D’fhiafraigh mé de chartlannaí cén fáth go raibh sé dúnta? Fear óg a bhí ann. Dúirt sé liom gur mar gheall go raibh ábhar sa gcomhad a ghoillfeadh go mór ar dhaoine fós. Mhúscail sé sin mo shuim ar an bpointe. ‘Tá chuile dhuine atá sa gcomhad sin básaithe le fada. Tá an t-eolas atá ann ochtó bliain d’aois. Ní ghoillfeadh a bhfuil ann ar dhuine ar bith.’
Bhog an cartlannaí a chloigeann i mo threo agus d`ísligh sé a ghlór:
‘Well, I know for a fact that there are mugshots of Irish terrorists in it. That would be a cause of shame for their families.’
Bhí iontas le tabhairt faoi deara ar a éadan nuair a thosaigh mé ag straoisíl. D`ardaigh sé a malaí.
‘You know, where I come from that wouldn’t be a cause of shame,’ a dúirt mé leis.
Léim na mallaí in airde an athuair. Bhreathnaigh sé orm mar a bhreathnaigh an fear i Meiriceá ar chriú Columbus ar a dteacht go dtí an tír sin a chéaduair dóibh. Cérbh é an duine aisteach, coimhthíoch seo a bhí tar éis teacht anall chuige ó dhomhan strainséartha?
Ina bhealach féin, bhí an ceart ag an gcartlannaí Sasanach. Cé go bhfuil na cáipéisí faoina bhfuil muid ag caint ann le céad bliain anuas tá cuimhne fós ar na daoine atá luaite iontu. Tá gasúir na ndaoine seo beo fós, agus is é an duine agus ní an réabhlóidí, an póilín, an saighdiúir, ná an spíodóir a shamhlaíonn siadsan.
Na rudaí a scríobhann staraithe gortaíonn siad daoine fós. Tá sé éasca dearmad a dhéanamh air sin ach is cuid de shaol an staraí é, go háirithe má tá sé ag déileáil le stair a cheantair féin. Scaití maslaítear daoine i ngan fhios.
Mhaslaigh mé bean uair amháin nuair a dúirt mé léi nach raibh a hathair, a bhí san IRA, fuarchúiseach, nach raibh a chroí sa chogaíocht. Á mholadh a bhí mise. Ní raibh an dearcadh céanna aici féin. Ar an lámh eile, bhí formhór na ndaoine a casadh orm iontach tuisceanach. Fad is nach ndéantar slad ar chuimhne a ngaolta tuigeann siad nach mbíonn an dearcadh céanna ag chuile dhuine ar an stair agus a bhíonn acu féin agus a muintir. Níl uathu ach cothrom na Féinne.
Ceann de na deacrachtaí is mó a bhéas ag duine ar bith a bhfuil réamhchlaonta aige i dtaobh na staire ná go dtiocfaidh rudaí chun solais faoina laochra nach dtaitneoidh leis. Mar gheall ar an méid atá á fhoilsiú agus éagsúlacht na bhfoinsí atá á scaoileadh d’fhéadfaí teacht ar eolas gan choinne uair ar bith.
Is minic nach eol duit cén tionchar a bhí ag an laoch ar a gclann mar shampla. D’inis seanfhear dom uair amháin gur chuir a athair, seanfhondúir de chuid na réabhlóide, lámh ina bhás féin. Chuir an scoilt faoin gConradh i 1921 in ísle brí é.
Caithfear a bheith réidh do gach sórt, mar sin. Don té a raibh gaolta leis sna hÓglaigh ní amháin go bhfuil seans go bhféadfadh cáipéisí na Breataine a bheith cáinteach ar dhuine muinteartha leis ach d`fhéadfadh cáipéisí nó cuimhní cinn na bpoblachtánach agus na náisiúnaithe a bheith chomh cáinteach céanna.
“An seanleaid” an freagra a thug mé ar dhuine uair amháin nuair a d’fhiafraigh sé díom cé a chaith duine áirithe. Is cuimhneach liom a éadan fós. Ar an lámh eile, caithfidh an té a dhéanfadh íospartach glan den té a d`ionsaigh an tIRA a bheith chomh cúramach céanna. “Connolly has the reputation of being a thief” – líne as comhad de chuid an RIC faoi fhear a d’éalaigh ón IRA.
Mharaigh an tIRA spíodóirí agus tá daoine ann a chreideann go ndearnadh é seo ar bheagán cúise. Ach níorbh aon laoch é chuile dhuine a caitheadh, díreach mar gheall gur caitheadh é. Bhí daoine a thug eolas mar gheall gur chreideadar go raibh dualgas orthu é sin a dhéanamh le daoine a chosaint agus mar sin de, ach bhí daoine eile ann a sceith eolas ar mhaithe le hairgead, le teann spite agus mar sin de.
Bhí daoine eile fós ann a shílfeá go rabhadar ar thaobh na Breataine sa gcoimhlint, ach a thug cúnamh don IRA. Baintear geit as daoine chomh maith nuair a fheiceann siad cé hiad na daoine a bhris an dlí agus iad ag ionsaí poblachtánach agus b`fhéidir fiú bhaill den phobal.
Níor luadh an Cogadh Cathartha fós. Tá líomhaintí go leor ann faoi dhaoine ar an dá thaobh: dúnmharú, céasadh, gadaíocht.
Agus ar deireadh thiar thall tá an pobal féin agat. Nuair a bhí an deis ann bhí go leor acu sásta teacht i dtír orthu siúd ar bualadh cos orthu. Caithfear a bheith réidh, mar a dúirt mé, do rud ar bith.
Ach tá sé chomh dona céanna tosú amach ar aistear taighde agus náire ort. Nuair a chuimhnítear ar an méid saoirse a tugadh do bhaill na bhfórsaí éagsúla agus don phobal ag an am, is féidir a rá gur iompar formhór mór acu iad féin go macánta don chuid is mó.
Is moladh é sin ar mhuintir na hÉireann (agus na Breataine). Is féidir a bheith cáinteach ar roinnt de na rudaí a rinne réabhlóidithe, ach ní chiallaíonn sé sin nach ceart aitheantas a thabhairt don réabhlóid nó comóradh a dhéanamh uirthi. Is féidir aitheantas a thabhairt do bhaill d’fhórsaí na Breataine, mar shampla, gan a mhothú gur ceiliúradh ar an Impireacht atá ar bun. Is féidir a bheith cáinteach ar an Stát a bunaíodh i 1922 gan droim láimhe a thabhairt do 1916.
Sin an bhuntáiste a bhaineann leis an éagsúlacht mhór atá le feiceáil i searmanais cuimhneacháin agus in ócáidí ceiliúrtha na linne seo. Ach, ar a bhfaca tú riamh, ná bí ag saighdeadh as do chomharsana faoina sinsir. Filleann an feall…
Fág freagra ar '‘I know for a fact that there are mugshots of Irish terrorists in it…’'