I dteannta a chéile is fearr na hiascairí agus na heolaithe

Chun leasa na nglúnta romhainn a rachas an comhoibriú idir iascairí agus eolaithe

I dteannta a chéile is fearr na hiascairí agus na heolaithe

Nach iontach go deo an dul amú an méid éisc a chaitheann iascairí i bhfarraige chuile bhliain? Éisc aischurtha a thugtar orthu go hoifigiúil.

Tá sé déanta amach ag eolaithe go dtarlaíonn sé do dheich milliún tonna éisc ar fud an domhain in aghaidh na bliana.

Nach mór an lán daoine ocracha a bheathódh an méid sin i dtíortha bochta.

Tógann iascairí na tíre seo iasc nach dteastaíonn uathu chomh maith le chuile dhream eile. Ní bhíonn aon neart acu air mar gur de réir cuótaí a bhíonn siad ag iascach.

Dá bhféadfaidís gan a thabhairt ar bord ach na cineálacha éisc a mbíonn cuóta agus margadh orthu bheadh gach ní ar deil ach faraor is éasca é sin a rá ná a dhéanamh.

Ní fheileann sé iasc beag a thabhairt isteach ach an oiread. Leagadh síos rialacha faoi na mogaill a mhéadú sna líonta le go n-éalódh an t-iasc beag ach níl leigheas iomlán na faidhbe ansin ach an oiread.

Dá bhféadfadh na hiascairí fanacht glan ar na háiteanna a mbíonn iasc gan tairbhe ba mhór an dul chun cinn é.

Is minic iascairí Árann ar thóir cloicheán mar shampla ach is minic ina cheann sin a chastar cluichí móra cnúdán leo. Ní bhíonn fáilte ar bith acu roimh na cnúdáin.

Tá Foras na Mara ag réiteach tionscnaimh faoi láthair a d’fhéadfadh cuidiú le hiascairí mar seo.

Aip atá siad a dhearadh a bheadh sa mbád ag an iascaire. Nuair a chasfaí i réimse farraige é a mbeadh iasc ann nár fheil dhó d’fhéadfadh sé an t-eolas a roinnt le hiascairí eile a bheadh cláraithe leis an tionscnamh.

Iascairí ag roinnt eolais, arsa tusa, ní hé a nádúr é a dhéanamh. Ní hé go deimhin agus ar ndóigh ní bheadh duine ar bith ag súil go gcuirfidís fios ar a gcomhiascairí chuig spota a mbeadh an t-iasc tairbheach fairsing ann.

Scéal eile a bheadh ann fógra a thabhairt dóibh faoin ionad ba cheart dóibh a sheachaint.

Tá Foras na Mara ag tabhairt faoin tionscnamh seo go tuisceanach. Tá ómós acu don saineolas atá ag na hiascairí féin de bharr taithí na mblianta a bheith acu ar an gcaoi a n-aistríonn cineálacha éisc ó áit go háit de réir an tséasúir.

I gcomhar leis na hiascairí is mian leo an córas a leagan amach. Tá cuireadh tugtha acu dóibh moltaí a chur chucu faoin mbealach is fearr lena dhéanamh.

Bíonn amhras ag cuid de na hiascairí ar na heolaithe. Tá siadsan cráite ag rialacha agus feictear dóibh go mbíonn lámh ag na heolaithe sna rialacha céanna.

Ach tá neart iascairí ann freisin a thuigeann go maith gur i dteannta a chéile is fearr iad féin agus na heolaithe. Ní gá a mheabhrú don chuid sin acu go gcaithfear an stoc éisc a chosaint nó go dtiocfaidh an lá nach mbeidh aon slí bheatha le baint as an iascach.

Is minic a thabharfá faoi deara an difríocht a bhíonn idir an t-iascaire tuisceanach, fadbhreathnaitheach agus an t-iascaire nach mbíonn ag maireachtáil ach ó lá go lá.

Bhí mé ag cur síos anseo cheana ar an aire a thug gliomadóirí i bPortland Maine le dhá scór bliain anuas don stoc gliomach.

Le linn comhdhála faoi na gliomaigh sa gcathair sin roinnt blianta ó shin d’fhiafraigh mé de dhuine acu cén chaoi a ndéileálann siad leis an ngliomach baineann.

“Tógann muid isteach sa mbád í, pógann muid í agus cuireann muid ar ais sa sáile aríst í,” a dúirt sé.

“Is maith atá a fhios againn gur ar an ngliomach sin a bhfuil na heochraí inti a bheas an tionscal ag brath sna blianta atá romhainn,” ar seisean.

Chuir Údarás na Gaeltachta scéim ar bun le cuidiú le gliomadóirí na Gaeltachta v-eangú a dhéanamh ar na gliomaigh bhaineanna agus iad a chur ar ais. Mhol siad dóibh ina theannta sin gan gliomaigh bheaga a choinneáil ar a bhfaca siad ariamh.

Tá cosaint dlí sa tír seo anois ag an ngliomach beag, ag an ngliomach mór agus ag an ngliomach a bhfuil an v-eang inti .

Is fiú go mór an gliomach baineann a chosaint ó bhíonn an t-ualach eochraí atá sí in ann a iompar ag dul de réir a méide.

Deir na heolaithe freisin go dteastaíonn gliomach mór fireann ó ghliomach mór baineann le cúpláil i gceart.

Ghlac cuid de na gliomadóirí leis an v-eangú gcónaí ach bhí cuid eile nár ghlac.

Tá gliomadóirí Inis Oírr ag v-eangú le riar maith blianta agus iad ag comhoibriú le Foras na Mara agus le hOllscoil na Ríona, Béal Feirste, le tuilleadh adhmaid a bhaint as an eolas.

Cuireann siad na v-eangaí as na gliomaigh i dtaisce agus seoltar chuig an ollscoil iad.

Déantar anailís DNA orthu ansin agus ríomhtar cuid de ghinealach ghliomaigh Inis Oírr.

Tá cruthú acu cheana féin gur shíolraigh cuid de ghliomaigh óga an cheantair ó ghliomaigh a chosain na hiascairí sna blianta a caitheadh.

Cruthú eile fós é gur chun leasa na nglúnta romhainn a rachas an comhoibriú idir iascairí agus eolaithe.

Fág freagra ar 'I dteannta a chéile is fearr na hiascairí agus na heolaithe'