Hala Panama! Tá m’fhoireann roghnaithe agam do Chorn an Domhain…

Is liomsa anois a fhógairt go bhfuil ‘Barnsley’ de mo chuid féin roghnaithe agam do chomórtas Chorn Sacair an Domhain atá tosaithe sa Rúis…

Hala Panama! Tá m’fhoireann roghnaithe agam do Chorn an Domhain…

Foireanna Phanama ag traenáil. Pictiúr: FEPAFUT/Twitter.com

Agus iad ag éirí aníos ba nós le gasúir an tí seo agus gasúir an bhaile fré chéile ceann d’fhoirne sacair Shasana a tharraingt chucu féin lena dtacaíocht a thabhairt di. Is ionann cás i gcónaí sna ceithre hairde.

Níos minice ná a chéile roghnaíonn cuid acu an cumann is ansa lena n-athair nó le duine níos sine ná iad sa teach. Léiríonn tuilleadh fós beagán d’fhéith an neamhspleáchais agus seasann siad ar a gcosa féin. Ach mórán i gcónaí is ceann as príomhroinn Shasana a bhíodh agus a bhíonn i gceist – Man Utd, Chelsea, Arsenal, Liverpool, Man City agus a leithéid.

Bíonn corr éan cuaiche ann. Tá bean i mo dhúiche a thacaíonn le Aston Villa, fear ar minic leis a theacht isteach i dteach an óil agus geansaí West Bromwich Albion air agus ar ndóigh i saol ilnáisiúnta, ilchultúrtha an lae inniu geansaithe Barcelona, AC Milan agus a leithéidí le feiceáil minic go leor freisin.

Bhíodh an-suim ag gasúir an bhaile sin againne a fháil amach ó chuile dhuine cén club ag a raibh a ndílseacht agus ba é an chúis ba mhó a bhí leis go mbeadh deis fonóide acu uair ar bith a bhfaigheadh a bhfoireann féin an ceann ab fhearr ar rogha an duine eile.

Níl rud is mó a shantaíonn an duine óg ná bob a bhualadh ar an té is sine ná é.

Bhí comharsa liom a raibh lán an tí de Liverpools, Uniteds agus Chelseas aige agus iad síoraí in árach a chéile timpeall an bhoird agus na teilifíse. Chaith siadsan agus muintir mo thí-se tamallacha móra ag impí ar mo dhuine foireann éicint a roghnú, ach ba mhó spéis a bhí ag Ian Paisley san Aifreann ná a bhí ag mo chara i gcluiche an tsacair.

Mar sin féin, faoi dheireadh le grá don réiteach, ní raibh aige ach géilleadh agus tráthnóna Sathairn amháin agus cur agus cúiteamh á dhéanamh faoi chluichí an lae sin gheall sé go mbeadh foireann roghnaithe aige faoin am a dtiocfadh babhta imeartha an deireadh seachtaine dár gcionn.

Ní bhíonn a oiread tnútháin leis an deatach a thagann as simléar an tSéipéil Shistínigh agus Pápa nua á thoghadh agus a bhí le toradh a chríonnachta agus nuair a tháinig an lá bhí ochtar nó naonúr bailithe timpeall an bhoird go gcloisfeadh siad focal an tsaoi.

Níor fhág sé smid acu nuair a d’fhógair sé a chinneadh… ‘Barnsley’!

Anois is é a raibh d’eolas aige faoi Barnsley go mba ann a rugadh Mick McCarthy a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann sacair na hÉireann ag an am. Ní raibh sé in ann a insint cén roinn inar imir siad, ní áirím ainm a chur ar dhuine dá n-imreoirí, ach bhí a dhualgas comhlíonta aige.

Caitheadh seachtain ag fonóid faoi agus ina dhiaidh sin níor cuireadh isteach nó amach air.

Is liomsa anois a fhógairt go bhfuil ‘Barnsley’ de mo chuid féin roghnaithe agam do chomórtas Chraobh Sacair an Domhain atá tosaithe sa Rúis.

Sin iad Panama.

Dá gceisteofá mé inné faoi iad a bheith san iomaíocht nó gan a bheith, ní bheinn in ann tú a fhreagairt – ach tá, sa ngrúpa céanna leis an mBeilg, leis an Túinéis agus le Sasana.

Sa mbeagán taighde atá déanta lena chois sin agam feicim go bhfaighfeá 500/1 ón ngeallghlacadóir gur acu a bheas Trófaí Coirn an Domhain ar fhilleadh abhaile dóibh. Ní iontas sin nuair a fheiceann tú gur bhuaigh an Eilvéis 6-0 orthu i gcluiche dúshláin dhá mhí ó shin agus go bhfuil 100/1 le fáil orthu siúd ón ngeallghlacadóir céanna.

Sna Státaí a imríonn seisear den 23 imreoir a bheas ag seasamh an fhóid do Panama sa Rúis, ina measc Román Torres (Seattle Sounders) a scóráil an cúl in aghaidh Chósta Ríce a d’fhág a thír i mbabhtaí ceannais Chorn an Domhain den chéad uair riamh.

Ní imríonn ach triúr acu ina dtír dhúchais – imreoir lár páirce darbh ainm Amador agus an bheirt cúl báire ionaid.

Imreoirí páirtaimseartha atá san iomaíocht i sraith sin Panama féin, tír ina saothraíonn oibrí oifige tuairim is $70 in aghaidh na míosa agus cuntasóir $500.

Is beag an t-iontas mar sin gur bhuail Torres bóthar, ach tá éagsúlacht mhór idir an pá a thuilleann na himreoirí is cáiliúla sna Státaí agus iad siúd atá ar an mbunráta. Tuairiscítear gur shaothraigh David Beckham $250 milliún sna cúig bliana a chaith sé i Los Angeles, ach tá 40 imreoir san MLS nár shaothraigh anuraidh ach an bunphá $50,000 sa mbliain. Tharlódh ár gcara Román a bheith ar dhuine acu.

Go fiú más fíor sin, tá a dhá oiread á shaothrú aige agus a bheadh sa mbaile dá mba chuntasóir nó innealtóir é.

Tá an chuid eile d’fhoireann Panama scaipthe ar thíortha eile i Meiriceá Láir agus Theas – Hondúras, Guatamala, an Cholóim, Meicsiceo, an tSile, Cósta Ríce agus Peiriú.

Tá beirt acu ag imirt sa mBeilg, duine sa tSlóvaic agus duine eile fós sa Spáinn, áit a n-imríonn sé le Deportivo Fabril, foireann cúltaca Deportivo La Coruna.

Hernán Darío Gómez atá ar a mbainisteoir – ní féidir ach gur fear cumasach é duine a bhfuil trí ‘shíneadh fada’ ina ainm.

Seo an tríú tír tugtha chomh fada le babhtaí ceannais Chorn an Domhain aige. Rinne sé cheana é leis an gColóim (1998) agus le Eacuadór (2002).

‘Hala Panama’ – (agus Barnsley)!

Imreoidh Panama in aghaidh na Beilge i nGrúpa G ag 6pm amárach, Dé Luain

Fág freagra ar 'Hala Panama! Tá m’fhoireann roghnaithe agam do Chorn an Domhain…'

  • Concubhar

    Is beag is fiú corrluachanna Paddy Power chun fiúntas fóirne a chur i gcodarsnacht le chéile nuair is féidir leis an Íoslainn 400/1 comhscór a bhaint amach leis an Airgintín 11/1 agus An Bhrasail 4/1 comhscór leis an Eilbhéis 100/1