Graham Geraghty buailte go dona tinn san ospidéal

Tá Graham Geraghty, a bhuaigh Craobh na hÉireann faoi dhó le contae na Mí, ag cur faoi i mBaile Átha Buí le fada agus tá sé ina bhall den chumann Gaeltachta Clann na nGael

Graham Geraghty buailte go dona tinn san ospidéal

Graham Geraghty ag imirt do Chlann na nGael ag Comórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh in 2017. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tuiariscítear go bhfuil Graham Geraghty, duine de laochra peile na Mí, buailte go dona tinn.

Tuigtear gur éirigh Geraghty tinn agus é ag obair oíche Dé Máirt agus tugadh go dtí an t-ospidéal san Uaimh é. Aistríodh ansin go dtí Ospidéal Beaumont i mBaile Átha Cliath é, áit a raibh sé le dul faoi scian ar maidin.

Bhuaigh Geraghty Craobh Shinsir Peile na hÉireann faoi dhó le contae na Mí, an chéad uair i 1996 agus arís i 1999, nuair a bhí sé ina chaptaen ar an bhfoireann.

Bronnadh dhá ghradam All Star ar an lántosach láidir agus bhain sé cáil amach freisin ag imirt d’Éirinn sa chluichí idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile.

Tá Geraghty agus a chlann ag cur fúthu i mBaile Átha Buí le fada agus chaith sé tréimhse ag imirt do chumann Chlann na nGael agus d’imir sé i gComórtas Peile na Gaeltachta dóibh.

Tá teachtaireachtaí seolta ag cuid mhór de phobal CLG ag súil go dtiocfaidh biseach ar an imreoir aitheanta.

Fág freagra ar 'Graham Geraghty buailte go dona tinn san ospidéal'

  • JOHN MODONOGHUE

    Laoch peile na Mí, tá súil agam go dtiocfaidh biseacg air go luath.