Gradam nua Thomáis de Bhaldraithe le bronnadh ar shaothair aistrithe

Is in onóir Thomáis de Bhaldraithe, an foclóirí agus scoláire aitheanta as Luimneach, a ainmníodh gradam nua Oireachtas na Gaeilge

Gradam nua Thomáis de Bhaldraithe le bronnadh ar shaothair aistrithe

Pictiúr: Togra Phortráidí Scríbhneoirí na Gaeilge

Den chéad uair riamh beidh gradam á bhronnadh ag Gradaim Fhoilsitheoireachta an Oireachtais ar shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile.

Bronnfar an gradam seo in éineacht leis an dá ghradam atá cheana ann, Gradam Réics Carló do Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg agus Gradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta.

Is in onóir Thomáis de Bhaldraithe, an foclóirí agus scoláire a bhí ina Ollamh le Nua-Ghaeilge agus le Canúineolaíocht na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, a ainmníodh an gradam nua. Ba é de Bhaldraithe a bhí ina Eagarthóir ar an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge nua-aimseartha, a foilsíódh i 1959.

Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, gur cúis áthais dóibh aitheantas a thabhairt do “shaothar tábhachtach saoil” de Bhaldraithe agus den oidhreacht shaibhir a d’fhág sé “ag glúnta de chainteoirí Gaeilge”.

“Is cúis áthais dúinn uile gradam nua do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile a bheith ar chlár na bliana seo, go háirithe gradam i gcuimhne iarUachtarán de chuid an Oireachtais agus duine de mhórscoláirí Gaeilge ár linne, Tomás de Bhaldraithe. Is é a léirigh eolas an bhealaigh dóibh siúd a sholáthraigh leaganacha Gaeilge de mhórshaothair litríochta ó theangacha eile.”

Déanfar breithiúnas ar iarratais bunaithe ar fhiúntas an ábhair ó thaobh chaighdeán na Gaeilge agus an aistriúcháin. Cuirfear san áireamh chomh maith an gá atá leis an saothar chun freastal ar riachtanais an mhargaidh léitheoireachta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh “fás mór” tagtha ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge le 20 bliain.

“Tá leabhair den scoth á bhfoilsiú, agus réimse an-mhaith ar fáil anois i raon leathan seánraí do dhaoine ar spéis leo ábhar léitheoireachta i nGaeilge,” a dúirt sé.

“Is é an dúshlán atá romhainn anois lucht na Gaeilge a mhealladh le leabhair Ghaeilge a léamh. Tá lúcháir orm go bhfuil na páirtithe leasmhara i ndiaidh a gcomhairle agus a n-acmhainní a chur i gceann a chéile le haird an phobail a tharraingt ar leabhair Ghaeilge leis na gradaim seo, agus tá mé ag súil go mór leis na torthaí.”

Fógrófar na trí ghearrliosta i mí Lúnasa agus fógrófar buaiteoirí na ngradam ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair. Idir na trí ghradam, bronnfar duaischiste €17,000.

Fág freagra ar 'Gradam nua Thomáis de Bhaldraithe le bronnadh ar shaothair aistrithe'