Gradaim Eorpacha bronnta ar dhaltaí i gcomórtas aistriúcháin Gaeilge

Bhronn an Coimisiún Eorpach gradaim ar cheathrar daltaí don aistriúchán is fearr agus fógraíodh ollbhuaiteoir amháin

Gradaim Eorpacha bronnta ar dhaltaí i gcomórtas aistriúcháin Gaeilge

Róisín Ní Lionaird le Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne

Dalta óg as iarbhunscoil lán-Ghaeilge i nGaillimh a thug léi an phríomhdhuais i gcomórtas aistriúcháin a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann.

Fógraíodh gurb ar Róisín Ní Lionaird ó Choláiste na Coiribe a bronnadh ollduais an chomórtais ‘Aistritheoirí Óga 2024’ as saothar a d’aistrigh sí ó Bhéarla go Gaeilge.

Bronnadh gradaim ar cheathrar eile, duine as gach cúige in Éirinn, ag an searmanas bronnta a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath aréir.

Daniel Scally

Is iad Peadar Mac Donncha ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i nGaillimh, Daniel Scally ó Choláiste Thulach Mhór in Uíbh Fhailí, Ruadhán de Faoite ó Mheánscoil San Nioclás sa Rinn i bPort Láirge agus Ashley Nic Giolla Cheara ó Choláiste Feirste in Aontroim a thug leo na duaiseanna do na haistriúcháin is fearr ina gcúigí.

I mbliana, ghlac 79 dalta as 29 scoil ar fud na tíre páirt sa chomórtas, iad ag aistriú ón mBéarla, ón bhFraincis, ón nGearmáinis agus ón Spáinnis go Gaeilge.

Róisín Ní Lionaird

Is é seo an seachtú comórtas ‘Aistritheoirí Óga’, comórtas aistriúcháin bliantúil a eagraíonn an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i dteannta a chéile ar mhaithe le “ardchaighdeán Gaeilge” a chur chun cinn, an t-ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus suim na ndaltaí a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, a bhronn na gradaim ar na daltaí agus rinne sé comhghairdeachas leis na buaiteoirí agus le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas.

Peadar Mac Donncha

“Thaispeáin na buaiteoirí a sárscileanna aistriúcháin dúinn agus is ábhar misnigh é go bhfuil an oiread sin suime á léiriú ag daoine óga i réimse an aistriúcháin agus go bhfuil daltaí meánscoile ag smaoineamh ar na deiseanna fostaíochta san Eoraip. Níl aon amhras orm ach go bhfeicfimid cuid de na daoine óga cumasacha atá anseo inniu arís agus iad ina gcomhghleacaithe againn sna hinstitiúidí Eorpacha sna blianta amach romhainn.”

Dúirt Shanna Ní Rabhartaigh, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach go raibh an caighdeán aistriúcháin a chuir na rannpháirtithe ar fáil i gcomórtas na bliana “ní ba airde ná mar a bhí riamh”.

Ruadhán de Faoite

Is cuid d’iarracht níos forleithne é an comórtas chun feasacht a ardú i dtaca leis an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le stádas iomlán na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach. Fágann ganntanas aistritheoirí agus ateangairí go bhfuil cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa gan seirbhís iomlán na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge don chéad téarma eile.

Fág freagra ar 'Gradaim Eorpacha bronnta ar dhaltaí i gcomórtas aistriúcháin Gaeilge'

  • Carraig

    Comhairle bhur leasa do bheirim daoibh a aistritheoirí óga a thugann an Bhruiséil orthu féin:
    ‘Seachnaíg sibh féin!’