Go minic má bhí an fhírinne uait, fuair tú a malairt…

Ba é saol an chur i gcéill, ina raibh an oiread sin a bhí dofheicthe, doluaite agus bréagach amach is amach, a spreag mná agus fir óga in Éirinn le cúpla focal a scríobh

Go minic má bhí an fhírinne uait, fuair tú a malairt…

Le gairid bhí colún le Justine McCarthy san Irish Times leis an gceannlíne: ‘Ba cheart dúinn a bheith buíoch de Charles Haughey as an rath atá ar scríbhneoirí na hÉireann sa Duais Booker.’

Scríobh McCarthy: ‘Is ionann tábhacht chriticiúil ealaíontóirí na hÉireann a phlé gan Charles J Haughey a lua agus Hamlet a chur ar an stáitse d’uireasa an phrionsa.’ Chuir na focla sin i gcuimhne dom ócáid bronnta duaiseanna a bhí san Sugar Club timpeall chúig bliana déag ó shin. Ba é an file Anthony Cronin a thug an óráid, duine ar chomhairleoir do Charles Haughey é. Chuir sé ar a súile do na healaíontóirí a bhí cruinnithe ann, ar scríbhneoirí breátha iad ar fad, gur dócha nach mbeadh sé de mhisneach acu buíochas poiblí a ghlacadh le Charles Haughey as gach a ndearna sé ar son na n-ealaíon.

‘An rud ba chirte daoibh uilig a dhéanamh,’ a dúirt Cronin, ‘ná imeacht abhaile agus sleamhnú isteach i seomra libh féin, na soilse a mhúchadh agus sláinte Haughey a ól sa dorchadas. Ní bheadh a fhios ag aon duine choíche. Sin an rud is lú atá dlite dó.’

Tá sé soiléir go ndearna an iliomad tionscnamh a raibh Haughey páirteach iontu difríocht, gó háirithe an stádas saor ó cháin d’ealaíontóirí agus bunú Aosdána.

An rud aisteach faoin stádas saor ó cháin ná a laghad eachtrannach a bhain leas as. Sna 1990idí phléigh mé é sin le roinnt scríbhneoirí Sasanacha a raibh cuid acu ag tosú ag déanamh roinnt mhaith airgid. Cén fáth nach dtiocfá go hÉirinn chun saol saor ó cháin a bheith agat? Níl ann ach eitilt uair an chloig!

Ba chríocha anaithnide í Éire dóibh uilig. Nuair a labhair Éireannach, ba mhinic nár thuig siad an acmhainn grinn. Ní dhearna polaitíocht na Poblachta aon chiall. Agus níor thuig na Sasanaigh cén chaoi ar oibrigh an córas aicmeach in Éirinn. Agus a bheith ag iarraidh scoileanna le haghaidh páistí de bhunadh Sasanach a fháil i mBaile Átha Cliath agus chuile dhuine ag tabhairt foláireamh duit faoi éagóracha a dúradh a rinneadh i scoileanna de chuid na mBráithre Críostaí, fiú agus na Bráithre imithe, nó an chuma uafásach a bhí ar institiúidí oideachais, leithéidí Choláiste Gonzaga nó Blackrock nó roinnt scoileanna aitheanta eile.

Nó a thabhairt faoi deara gur faoi stiúradh ban rialta a bhí an dá phríomhospidéal i mBaile Átha Cliath, cé nach bhfaca aon duine na siúracha sin riamh agus nach raibh a gcuid ainmneacha ar eolas ag daoine. Agus de bhrí nach gcaithidís a gcuid aibídí, ní aithneofá bean rialta, fiú dá bhfeicfeá a leithéid ag déanamh a bealaigh chugat go hamhrasach aníos an pasáiste.

‘An féidir nó nach féidir coiscíní a fháil?’ a chaoinfeadh na scríbhneoirí Sasanacha úd. ‘Agus inis dom arís cén t-ainm a thugann sibh ar na póilíní in Éirinn? Agus cé nó céard é ‘Fiona Flail’? An fíor gurb in é ainm bhur bpríomhpháirtí polaitíochta?’

Ach mar sin féin, rinne an tacaíocht d’ealaíontóirí in Éirinn difríocht mór d’ealaíontóirí Éireannacha. Má tá tú ag iarraidh úrscéal nó bailiúchán pictiúr a chur ar fáil gach cúpla bliain, tá ort dul sa tseans agus bíonn ina chúis imní. B’fhéidir nach mbeidh díol maith ar thaispeántas, is cuma cé chomh maith agus atá sé. B’fhéidir go bhfaighidh úrscéal droch-léirmheasanna agus nach ndíolfaidh go maith – fiú scoth an úrscéil a bheadh ina shárshaothar. (Leis an bhfírinne a rá, is mó seans go dtarlóidh sé sin do shárshaothar.) Má bhí tú riamh i gcomhluadar péintéir a chuaigh go Baile Átha Cliath agus arbh éigean dó taisteal ar ais go dtí an tuath in Éirinn gan pictiúr amháin díolta aige ionas go mbeadh air cúpla bliain a chur isteach ag obair in aisce, beidh a fhios agat céard faoi a bhfuil mé ag caint.

Thairis sin, nuair a rinne ealaíontóir brabús suntasach, b’fhéidir nach dtarlódh sé sin do dhuine ach uair sa gcéad, ionas go mbeadh an teacht isteach i bhfad níos airde aige an bhliain áirithe sin, ní chuirfeadh na húdaráis chánach spéis i meán-ioncam duine – abair meán-ioncam thar chúig bliana nó mar sin.

Ciallaíonn sé sin go ndearna an stádas saor ó cháin, difríocht mhór d’ealaíontóirí chomh maith le hAosdána, Córas Sparántachta na Comhairle Ealaíon, agus, gan dabht, nuair a cheannaigh an Chomhairle Ealaíon pictiúir ó ealaíontóirí dá bailiúchán féin.

Go díreach mar a rinne an tacaíocht d’irisí liteartha. Sa leabhar Dead as Doornails le Anthony Cronin, tá cuntas iontach ar chaidreamh an fhile Patrick Kavanagh leis an iris The Bell mar ar oibrigh sé mar eagarthóir sna 1950idí. Thairgfeadh Cronin táille don fhile láithreach bonn gach uair a gcuirfeadh sé dán nua a chuirfí i gcló ar fáil don iris. Thug sé sin ardú croí do Kavanagh mar a thuigfeadh aon scríbhneoir. Níor scríobh sé na dánta ar mhaithe leis an airgead, ach thug an smaoineamh go raibh duine eicínt (Cronin) agus rud eicínt (táille) ar fáil dó, fuinneamh dó, agus spreag an smaoineamh sin é díriú ar a chuid filíochta.

Tá mé ag ceapadh go bhfaigheann tú an tógáil croí chéanna nuair a ghlacann iris le scéal de do chuid. Spreagann sé mothúchán ionat gur cheart duit níos mó scéalta a scríobh nó na cinn leathchríochnaithe atá agat a chríochnú.

Tamall ó shin, foilsíodh agallamh le Thomas Morris san Observer i Londain, duine den fhíorbheagán saoránach ón oileán in aice láimhe ar bhronn Cathair Liteartha Bhaile Átha Cliath saoránacht onórach air – ba chóir ridireacht a bhronnadh air – agus cuireadh ceist air faoin rath atá ar an Stinging Fly. D’fhreagair sé: ‘Tá claonadh ann sa mBreatain a rá ‘á, nach iontach iad na hÉireannaigh lena gcuid béaloidis’ amhail is dá mba uaidh sin a thiocfadh an rath. Obair chrua í. Snáithe amháin de stair na hirise sna 25 bliain ó bunaíodh í ná fás na Comhairle Ealaíon [in Éirinn] le linn an ama.

Sa mBreatain, tá na healaíona faoi chonspóid go fóill – an cheist dá cur, ar cheart dúinn tacaíocht a thabhairt dóibh? Ach in Éirinn tá an chuma air go bhfuil siad tábhachtach, go dtugtar tús áite dóibh. Más scríbhneoir de chuid na Breataine Bige mé atá ag iarraidh mo shaothar a fhoilsiú, cá rachaidh mé? In Éirinn, d’fhéadfainn é a sheoladh chuig an Dublin Review, Banshee, Gorse, an Tangerine, an Stinging Fly. Tá níos mó agus níos mó scríbhneoirí ón mBreatain ag iarraidh deis a fháil anseo mar nach bhfuil na deiseanna sin sa Ríocht Aontaithe i ndáiríre.’

Má tá tacaíocht stáit mar bhun le scríbhneoireacht mhaith a chruthú, an bhféadfaí an cur chuige sin a easpórtáil? Dá gcuirfeadh tíortha beaga eile ceist orainn gluaiseacht liteartha le haghaidh a dtodhchaí a leagan amach nó a mholadh dóibh, an mbeadh Éire in ann plean straitéiseach a thairiscint? An bhféadfadh muid an rath atá orainn anseo a chur i bpacáiste a d’fhéadfaí a dhíol?

B’fhéidir go bhfuil comhábhar ann nach bhféadfadh muid a aistriú ó thír go tír go héasca. B’fhéidir go bhfuil níos mó ann seachas fóirdheontas stáit a mba cheart dúinn a bheith buíoch gur thug Charles Haughey agus a chomhpholaiteoirí isteach iad. Tá buíochas dlite dóibh as tír a chruthú nach ndearna ciall ná réasún trí reitric neamhréadúil a úsáid go minic.

Sampla maith iad na fiacha náisiúnta. Nuair a rinneadh Taoiseach de, gheall Haughey go bpléifeadh sé le farasbarr an chaiteachais phoiblí. Chuaigh sé ar an teilifís, fiú, chun craoladh speisialta a dhéanamh. Bhí cuma lándáiríre air. Ach ina dhiaidh sin tháinig méadú ollmhór ar an gcaiteachas poiblí. Ina áit, tháinig Garret FitzGerald a gheall go scriosfadh sé an gá le haon easnamh sa gcaiteachas poiblí agus lean ar aghaidh ag dúbailt na bhfiacha náisiúnta i gcaitheamh na gceithre bliana ina dhiaidh sin.

Sa tréimhse sin, d’fhan na daoine a bhí dofheicthe mar a bhí. Aontaíodh leis nach nglacfadh na hÉireannaigh le ginmhilleadh choíche. Bhí reifreann ann sa mbliain 1983 leis an gcosc ar ghinmhilleadh a dhaingniú sa mBunreacht. Ach théis an reifrinn, mar a tharlaíonn, mhéadaigh an líon ban a bhí ag iarraidh ginmhilleadh a fháil i Sasana ionas go raibh ar aon dul le tíortha eile de chuid na hEorpa.

B’ionann é agus cás na homaighnéasach. Nuair a chuir Garret FitzGerald tús lena Chrosáid Bhunreachta sna 1980idí luatha, labhair sé faoi gach cineál mionlach. Ach ní fúinne. Nuair a chuaigh mé chuig na Ceithre Cúirteanna chun freastal ar iarrachtaí David Norris go bhfógraítear gur míbhunreachtúil iad na dlíthe Victeoiriacha i gcoinne na homaighnéasachta, ní raibh aon tuairisceoir nuachtáin ann, ní raibh ann ach leathscríbhneoir cúirte. Bhí na gailearaithe poiblí beagnach folamh. Bhí mothú aduain san aer go raibh rud tábhachtach ag tarlú, sách tábhachtach le nach gceapfá go raibh.

Nuair a tháinig an cás chun cinn sa gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, dúirt rialtas na hÉireann leis an gcúirt nár ghá dóibh an dlí a athrú de bhrí nach mbainfidís úsáid as. Go díreach mar a bhí homaighnéasaigh dofheicthe bheadh na dlíthe ina gcoinne dofheicthe freisin.

Ba dheacair gan gáire a dhéanamh.

Sa mbliain 1980, nuair a tháinig na dlíthe frithghiniúna nua isteach, bhí mé ag tosú ag obair i gcúrsaí iriseoireachta, do In Dublin ar dtús agus don Sunday Tribune ina dhiaidh sin agus bhí an-chraic agam. Ós rud é nach bhféadfadh ach dochtúirí coiscíní a cheadú, b’éigean dom cuairt a thabhairt ar a gcuid clinicí agus a gcuid ama luachmhar a chur amú agus mé ag faire ar céard a déarfaidís nuair a déarfainn orthu oideas dochtúra a scríobh le haghaidh coiscín. Agus é a thabhairt chuig cógaslann. Ba bheag nár chaith cógaslann amháin i gCorcaigh isteach sa Laoi mé nuair a tháinig mé agus an t-oideas sin agam.

Ba chuid den bhearna ollmhór idir an saol príobháideach agus an saol poiblí in Éirinn é sin uilig. Chaithfeadh sé go raibh an bhearna mhór sin an-dian i dtréimhsí eile freisin, ach sna 1980idí bhí níos mó bealaí ann le haird a tharraingt ar an mbearna: bhí stáisiúin raidió na hÉireann éirithe níos géire, chomh maith leis an Irish Times. Agus bhí irisí ann mar In Dublin agus Magill.

Bhí an chuma air nach i bhfolach amháin a bhí chuile scéal príobháideach ná fírinne gach saol agus gach teaghlaigh. Bhíodar dofheicthe, ní raibh siad nochtaithe go poiblí. Mar a bheadh duine eicínt ag gabháil fhoinn ach gan é le cloisteáil. Bhí an chosúlacht air gur tógadh gach scáthán chun bealaigh agus nach raibh fágtha ach balla lom.

Chiallaigh sé sin go ndearna sé difríocht aisteach nuair a foilsíodh leabhair áirithe agus nuair a léiríodh drámaí áirithe sna 1990idí: Amongst Women le John McGahern, mar shampla, nó filíocht Eavan Boland, nó léiriúcháin Garry Hynes, nó The Journey Home le Dermot Bolger, nó filíocht Paul Durcan.

Ach níorbh í an litríocht a phléigh go díreach agus go hoscailte le fírinne ár saoil amháin a rinne difríocht neamhghnách. Leabhair eile freisin: bhí úrscéalta John Banville, dánta Seamus Heaney agus Derek Mahon, drámaí Tom Murphy, Frank McGuinness agus Marina Carr in ann athrú a chur ar theanga, focla a láimhseáil go freagrach nó, dá mba é a dtoil é, go hiontach ealaíonta mífhreagrach. Ag an am sin, sheas úrscéal dea-dhéanta nó dráma nó dán do rud eicínt taobh amuigh de réimse na healaíne.

Bhí tábhacht le leabhair ag an am de bharr nach raibh ach fíorbheagán dár dúradh linn go poiblí fíor. D’fhásadh scríbhneoirí suas, ní hamháin ag braistint an chiúnais a bhíodh thart timpeall orthu ach ag braistint na n-iarrachtaí a dhéantaí an saol a chur faoi cheilt le cineál reitric shioctha gan phaisean (nó, níos measa fiú, le neart paisin).

Go minic, má bhí an fhírinne uait, fuair tú a malairt. Mar shampla, sna 1980idí luatha thug Charles Haughey agus Garret FitzGerald go leor gealltanas do dhaoine óga ina gcuid óráidí. Dar leo, ba í an acmhainn náisiúnta ba thábhachtaí a bhí againn i gcónaí ná na daoine óga. Thuig mé go raibh rud an-difriúil i gceist acu. Chiallaigh sé ag deireadh na n-ochtóidí go bhfágfadh caoga míle duine óg sa mbliain an tír ar thóir oibre. Agus, dar liom féin, thuig chuile dhuine an bhrí a bhí i bhfolach sna focla ar bhain na polaiteoirí úsáid astu.

Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara dá gcuirfeá an focal ‘ní’ sna habairtí nach raibh an focal sin iontu, na habairtí a mbaintí úsáid astu i saol poiblí na hÉireann, agus dá scriosfá amach an ‘ní’ sna habairtí ina raibh sé iontu, go bhfaighfeá tuiscint níos soiléire ar a raibh ag tarlú, ar an bhfírinne.

Cuireann an tacaíocht do reifreann na bliana 1972 i gcoinne mhíreanna áirithe d’Alt 44 de Bhunreacht na hÉireann iontas fós orm. Dúirt an príomh-mhír: ‘Admhaíonn an Stát an chéim faoi leith atá ag an Naomh-Eaglais Chaitliceach Aspalda Rómhánach ós í is caomhnaí don Chreideamh atá ag ard-fhormhór na saoránach.’ Scriosadh amach í le 721,003 vóta i gcoinne 133,430. Sna hochtóidí, thuig mé gur scriosadh amach é de bhrí go raibh sé fíor. Dá réir sin, níor ghá é a rá.

Gan dabht, ní raibh an chuid is mó dá raibh i mBunreacht na hÉireann fíor in aon chor. Mar shampla: dar leis an mBunreacht, is í an Ghaeilge ‘an phríomh-theanga oifigiúil’. Cuir ‘ní hí’ leis sin agus beidh an saol mar atá agat. Nó: ‘Admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.’ Ní aithníonn an stát a leithéid seo de rud.

Níl iontu sin ach roinnt samplaí beaga.

Agus ba é saol sin an chur i gcéill, ina raibh an oiread sin a bhí dofheicthe, doluaite agus bréagach amach is amach, a spreag mná agus fir óga le cúpla focal a scríobh, focla as a dtáinig níos mó focla agus as a dtáinig leabhair ina dhiaidh sin, iad ina lóchrann solais nó mar a bheadh bratacha ann a d’ardófaí os cionn bailte. D’inis siad scéal de chineál eile i stíl nua; chuir siad an rud ba chigiltí a bhí ann ag an am – aon íogaireacht amháin – ar taispeáint. Bhí siad in ann an saol a fheiceáil ar bhealach neamhghéilliúil, nó soineanta, fiú, nó lán le seanchríonnacht agus spraíúlacht.

Scríobh siad amhail is dá mbeidís ag scaoileadh rúin, amhail is dá mbeidís ina seasamh ar thailte coiscthe, amhail is nach mbeadh an saol mar an gcéanna arís choíche nuair a bheadh a gcuid leabhar foilsithe. Scríobh siad amhail is dá mba thábhachtaí an stíl ná an tsubstaint, agus gurbh í an stíl, agus nárbh é an plota, a ghabhfadh i bhfeidhm ar an néarchóras nó ar an tsamhlaíocht, agus nach go dtí ina dhiaidh sin a ghabhfadh sí i bhfeidhm ar an rud a bhféadfadh muid ‘an intleacht’ a thabhairt air. Sin é an chaoi ar cheart dúinn úrscéalta Eimear McBride, Mike McCormack agus Claire Keegan, a foilsíodh le gairid, a léamh. Agus sin é an chaoi ar cheart dúinn na húrscéalta nua sin atá ar fhadliosta an Booker a mheas.

Ní scríobhann aon duine in Éirinn faoin náisiún, mar cuireadh coincheap an náisiúin i dtoll a chéile chun na daoine a chur amú. Ach tuigeann roinnt scríbhneoirí gur féidir le gnáth-abairt dhea-scríofa, nó abairt den scoth, fiú, athrú a chur ar an léitheoir nó an léitheoir a chur faoi dhraíocht ar feadh nóiméid, agus b’fhéidir gur leor sin.

Sa ré ar thuig tú nár chóir duit muinín a chur in aon fhocal dár chuala tú in Éirinn threisigh an spreagadh le triail a bhaint as scáthán a dhéanamh nó fuaim a chruthú don amhrán. Thug na fóirdheontais agus tacaíocht an stáit cúnamh. D’íoc siad an píobaire.

Ach tháinig an port é féin ó fhoinse níos doimhne.

Fág freagra ar 'Go minic má bhí an fhírinne uait, fuair tú a malairt…'