Go bhfága Boris Johnson agus Michel Barnier an ‘one and one’ againn

Go mbaine sibh sásamh as bhur gcuid prátaí an Nollaig seo agus ná beireadh an Breatimeacht leis na sceallóga blasta sa mbliain nua

Go bhfága Boris Johnson agus Michel Barnier an ‘one and one’ againn

Boris Johnson. Pictiúr: Rollingnews.ie

Prog na Nollag a thugtaí in Inis Mór ar na hearraí go léir a cheannaíodh daoine leis an bhféile a cheiliúradh; an t-ábhar a théadh sna cácaí, milseoga den uile chineál, na coinnle idir gheal agus dearg agus mar sin de.

Sin é a d’inis Breandán Ó hEithir dhúinn ina leabhar An Nollaig Thiar.

Cheap sé ar feadh na mblianta gur focal Gaeilge a bhí ann go dtí gur casadh air i leabhar dar teideal Manco the Peruvian Chief é.

Focal Béarla atá ann a chiallaíonn bia nó beatha a cheannófaí roimh aistear nó roimh fhéile. Bhí barúil ag Breandán gur mairnéalaigh a thug go hÁrainn é ach oiread le focail agus téarmaí eile a bhain leis an saol ar muir a bhí sa gcaint laethúil.

‘Tá tú ag tabhairt prog na Nollag abhaile leat, bail ó Dhia ort,’ a déarfaí le bean a mbeadh mála geal, lán earraí, ar a droim ag teacht ón siopa.

Cineál amháin bia a bhíonn go fairsing acu i bPeiriú agus in Árainn is ea an fata (an práta, an préata, an potáta). Go deimhin is i bPeiriú a thosaigh siad ag fás prátaí lena n-ithe idir 8,000 agus 5,000 bliain roimh Chríost. Tá os cionn 5,000 cineál práta ar fud an domhain anois.

Anseo in Éirinn níl sé de rath orainn ár ndíol féin prátaí a fhás. Tugtar 80,000 tonna prátaí chun na tíre seo chuile bhliain. Siopaí sceallóg a thugann an chuid is mó acu isteach.

Íosfar neart fataí iasachta in Éirinn an Nollaig seo. Níl a fhios agam an itear mórán sceallóga prátaí i rith na féile, ach bí cinnte nach mbeidh muid i bhfad amach sa mbliain nua nuair a bhuailfeas dúil iontu daoine aríst.

Faoin am sin d’fhéadfadh sé nach é an blas céanna a bheadh orthu agus atá anois. Is é an deacracht atá ann gur tarraingíodh anuas cás na sceallóg nuair a bhí an mhargántaíocht ar siúl faoin mBreatimeacht.

Bagraíodh go gcuirfí cosc le hallmhairiú prátaí as an mBreatain. Is cosúil go mbíonn blas faoi leith ar na sceallóga a dhéantar as prátaí na Breataine.

Dúirt Derek Duggan a bhfuil siopa sceallóg aige i mBaile Átha Cliath go mbeidh siad in ann a dhul i muinín phrátaí na tíre seo ach nach mbíonn siad sin chomh briosc leis an gcineál eile.

Ba mhór i gceist i gcónaí siopaí éisc agus sceallóg in Éirinn agus sa mBreatain. Bhí 4,500 acu in Albain sa mbliain 1914, cuir i gcás. Áiríodh go ndíoltaí thart ar 800,00 suipéar éisc agus sceallóg i nGlaschú chuile sheachtain.

Iodálach darbh ainm Giuseppi Ceryi a thosaigh ag díol sceallóg i mBaile Átha Cliath den chéad uair am éigin sna 1880idí.

D’imigh sé i gCóbh de long a bhí ar a bealach go Meiriceá agus rinne sé a bhealach go Baile Átha Cliath de shiúl a chos. Chuaigh sé in éadan obair sclábhaíochta go ndearna sé an oiread airgid agus a cheannaigh sorn gualbhreoslaithe agus cairt láimhe dhó.

Thosaigh sé ag díol éisc agus sceallóga as an gcairt láimhe taobh amuigh de na tithe tábhairne. D’éirigh thar cionn leis. Níorbh fhada go raibh siopa sceallóg oscailte aige ar Shráid an Phiarsaigh an lae inniu.

Bhíodh a bhean Palma ag cuidiú leis agus í ag fiafraí de na custaiméirí ‘uno di questo, uno di quello’. Ceann acu seo agus ceann acu siúd, an Ghaeilge a chuirfeá ar sin.

‘One and one’ an t-aistriúchán a chuir muintir Bhaile Átha Cliath ar a cuid cainte. Deirtear ‘one and one’ i gcónaí nuair a bhíonn iasc agus sceallóga á n-ordú.

Go mbaine sibh sásamh as bhur gcuid prátaí an Nollaig seo agus go bhfága Boris Johnson agus Michel Barnier sceallóga blasta agaibh i rith na bliana nua.

Fág freagra ar 'Go bhfága Boris Johnson agus Michel Barnier an ‘one and one’ againn'

  • An Teanga Bheo

    Céasadh an Ghórta 1845 arist againn silim