Gnóthaí fáilteachais ar fud Chorca Dhuibhne ag glacadh páirt i bhfeachtas chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar an leithinis

Tá céim thosaigh an tionscadail, atá á maoiniú ag Fáilte Éireann, dírithe ar mhonatóireacht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh bhreis is 120 gnó ar fud Chorca Dhuibhne

Gnóthaí fáilteachais ar fud Chorca Dhuibhne ag glacadh páirt i bhfeachtas chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar an leithinis

Helen Heaton (Tig ósta Castlewood) agus Barry Bambury (DC Six Technologies) agus iad a chur isteach monitóir

Tá breis is 120 gnó i gCorca Dhuibhne ag glacadh páirt i bhfeachtas chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn in earnáil na turasóireachta ar an leithinis.

Tá an chéad chéim den togra Pobal Fuinnimh Inbhuanaithe (PFI) Turasóireachta agus Fáilteachais tosaithe agus tús curtha le séasúr gnóthach turasóireachta an tsamhraidh in iarthar Chiarraí.

Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh Corca Dhuibhne a bhunú mar cheann scríbe inbhuanaithe do thurasóirí trí forbairt a dhéanamh ar mháistirphlean fuinnimh ina ndéanfar moltaí áirithe a bhaineann leis an earnáil sin, a mbeidh tionchar suntasach acu maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin earnáil na turasóireachta ar an leithinis.

Tá an chéad chéim den tionscadal, atá á maoiniú ag Fáilte Éireann, dírithe ar mhonatóireacht a dhéanamh ar úsáid fuinnimh bhreis is 120 gnó ar fud Chorca Dhuibhne. Táthar tar éis na gnóthaí sin a roghnú go cáiréiseach ionas go mbeidís ionadaíoch ar réimse éagsúil na ngnóthaí a bhaineann leis an turasóireacht, leithéidí na n-óstán, pubanna, caiféanna agus áiteanna a gcuireann turasóirí spéis ar leith iontu.

Beidh an próiseas monatóireachta á éascú ag réitigh theicneolaíochta nuálaíocha atá curtha ar fáil ag DC Six Technologies, ceann de mhórsholáthraithe réiteach fuinnimh inbhuanaithe.

Tá ceistneoir faoin inbhuanaitheacht curtha amach ag an am céanna leis an monatóireacht chun sonraí a bhailiú maidir le húsáid fuinnimh san earnáil seo ar an leithinis. Ní mór do na baill eolas a sholáthar faoin bpatrún úsáide fuinnimh sa ghnó, cuir i gcás an líon agus an saghas fuinnimh a bhíonn á úsáid acu, chomh maith leis an tslí a mbíonn sé á úsáid acu ina gcuid oibre.

Chomh maith leis sin, tá ceisteanna ar an gceistneoir faoi ghnéithe a bhaineann le foirgnimh an ghnó – ábhair, Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (RFF), aois agus úinéireacht (cé acu an bhfuil sé ar cíos nó in úinéireacht an ghnó). Cruinneofar eolas freisin faoi gcaoi a ndéantar bainistiú ar fhuíollbhia, ionas go mbeifear ábalta measúnú a dhéanamh ar dheiseanna chun feabhas a chur ar chleachtas bainistíochta dramhaíola.

Trí anailís a dhéanamh ar na sonraí sin tá sé i gceist ag an tionscadal straitéisí ar leith a fhorbairt don cheantar a laghdóidh úsáid fuinnimh agus rian carbóin na ngnóthaí atá rannpháirteach ann agus déanfar na straitéisí sin a chur le chéile sa mháistirphlean.

“Seasann tionscadal pobail na turasóireachta inbhuanaithe i gCorca Dhuibhne mar chloch mhíle thábhachtach ar an aistear go dtí todhchaí níos glaise agus níos inbhuanaithe d’earnáil turasóireachta na hÉireann,” a deir lucht an fheachtais. “Tá sé ina eiseamláir do chinn scríbe turasóireachta eile, ag taispeáint an tionchar suntasach gurbh féidir le hiarrachtaí comhoibritheacha a bheith acu ó thaobh chruthú earnála turasóireachta atá níos inbhuanaithe agus níos treise.”

Tá Dingle Hub ag glacadh ceannais ar an tionscadal seo agus tá sé ag obair i bpáirt le Fáilte Ireland, Comhairle Contae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta agus Comhaontas Turasóireachta Chorca Dhuibhne.

Fág freagra ar 'Gnóthaí fáilteachais ar fud Chorca Dhuibhne ag glacadh páirt i bhfeachtas chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn ar an leithinis'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dá ndéanfadh Fáilte Ireland agus earnáil na turasóireachta níos mó a dhéanamh don Ghaeilg agus aitheantas níos mó a thabhairt dí.

    Dá ndéanfaí turasóirí a bhfuil suim acu sa Ghaeilg agus í a fhoghlaim a threorú chun na Gaeltachta in áit iad siúd atá ag cuardú caitheamh aimsire amuigh faoin spéir agus gan pioc suim acu sa teanga dúchais. Bheinn den tuairim go dtagann daoine chun na Gaeltachta leis an Ghaeilg a chluinstean, a fheiceáil agus a chleachtadh – chomh maith le bheith páirteac in imeachtaí a bhíonn ag tarlú amuigh faoin spéir (trí mheán na Gaeilge dar ndóighe). Ní ghlacaim le Fáilte Ireland agus na heagraíochtaí turasóireachta Béarla eile – comhairlí contae san áireamh – ag mealladh Béarlóirí chun na Gaeltachta. Tá muid ag strachailt go holc leis an Ghaeilg a choinneáil beo mar theanga pobail agus níl an turasóireacht Bhéarla ag cuidiú leis an dúshlan seo ar chóir ar bith.