GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Spriocdháta scrúduithe TEG ag teannadh linn

Dóibhsean atá ag foghlaim nó ag athfhoghlaim na Gaeilge, tugann TEG struchtúr córasach soiléir dóibh agus tugann sé deis do chainteoirí líofa cruthúnas a fháil ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Spriocdháta scrúduithe TEG ag teannadh linn

Is éard atá i gceist le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ná córas scrúduithe a thugann deis d’iarrthóirí a gcumas sa Ghaeilge a mheas ó bhonnleibhéal go hardleibhéal. Tá borradh mór faoin gcóras scrúduithe seo agus TEG atá in úsáid ag foghlaimeoirí agus ag úsáideoirí líofa Gaeilge ar chúiseanna pearsanta agus gairmiúla.

Tá TEG in úsáid ag cuid mhór institiúidí ardoideachais mar chuid den phróiseas iontrála. I mbliana den chéad uair, tá scrúdú TEG Meánleibhéal 1 (B1) in úsáid ag roinnt institiúidí oideachais chun cumas Gaeilge na n-iarrthóirí ar na cúrsaí seo a mheas: ina measc, tá an Máistir Gairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) (MGO) do na hinstitiúidí oideachais poiblí; an B.Oid trí Mheán na Gaeilge sa Bhunmhúinteoireacht (Institiúid Oideachais Marino) agus an M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (Coláiste Mhuire gan Smál).  Tugann teastas TEG fianaise bhailí iontaofa don institiúid maidir le cumas teanga an iarrthóra.  Faoi láthair is gá do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chláir san aistriúchán, sin iad na cláir atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta, Ardleibhéal 1 (C1) a bhaint amach mar riachtanas fágála. Thug tuairim is 1000 iarrthóir faoi scrúduithe TEG i mí Feabhra agus Márta 2019 ar fud na tíre.

Beidh deis ag iarrthóirí na scrúduithe seo a dhéanamh arís ó mhí an Aibreáin go mí Lúnasa 2019.  Do dhaoine ar mhaith leo cur isteach ar cheann de na cúrsaí thuasluaite amach anseo, beidh an teastas seo bailí ag am iarratais in 2020 agus 2021.

Dóibhsean atá ag foghlaim nó ag athfhoghlaim na Gaeilge, tugann TEG struchtúr córasach soiléir dóibh chun a gcuid spriocanna teanga a bhaint amach.   Chomh maith leis sin, tugann sé deis do chainteoirí líofa cruthúnas a fháil ar an gcaighdeán Gaeilge atá acu agus cáilíocht aitheanta a fháil. 

Is é an 5 Aibreán 2019 an spriocdháta d’iarratais.

Tuilleadh eolais: www.teg.ie

Rphost: teanga@mu.ie

Guthán: 01 708 3737

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Spriocdháta scrúduithe TEG ag teannadh linn'