GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Gnólachtaí Mhaigh Eo ag baint tairbhe as an nGaeilge agus €30,000 buaite acu ag Gradaim Ghnó Mhaigh Eo

Tugann na Gradaim Ghnó aitheantas do ghnólachtaí i gCo. Mhaigh Eo a úsáideann an Ghaeilge sa ghnó

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Gnólachtaí Mhaigh Eo ag baint tairbhe as an nGaeilge agus €30,000 buaite acu ag Gradaim Ghnó Mhaigh Eo

D’FHÓGAIR GNÓ MHAIGH EO buaiteoirí Ghradaim Ghnó 2023 ag ócáid bhronnta in Óstán an Ellison i gCaisleán an Bharraigh, i Maigh Eo le déanaí agus breis is €30,000 de dhuaiseanna buaite acu. Tugann Gnó Mhaigh Eo tacaíocht agus spreagadh d’earnáil an ghnó i Maigh Eo agus tacaíonn siad leo leis an Ghaeilge a úsáid mar acmhainn atá luachmhar agus bhrabúsach.

Tugann na Gradaim Ghnó aitheantas do ghnólachtaí i gContae Mhaigh Eo a úsáideann an Ghaeilge agus cuireann siad chun cinn iad. Tá 4 chatagóir sna gradaim – Brandáil, Comharthaíocht, Ábhair Ghnó/Suíomh Gréasáin agus Seirbhís as Gaeilge. Aithnítear an luach brandála agus margaíochta atá ag an nGaeilge do ghnólachtaí agus an bealach go meallann sé custaiméirí Éireannacha agus custaiméírí thar lear araon.

NA BUAITEOIRÍ

Clr Seán Carey (ar chlé) agus an Clr Blackie Gavin (sa lár) ag bronnadh Gradaim an Ollbhuaiteora ar Fiona Neary, Comhstiúrthóir – Ionad Ealaíon Halla an Líneéadaigh (sa lár) agus Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo (ar dheis). Grianghraf: Alison Laredo

Ollbhuaiteoir

Is pacáiste fógraíochta náisiúnta a fuair an t-ollbhuaiteoir – pacáiste fógraíochta ar fiú €2,000 é ó TG4 agus pacáiste fógraíochta ar luach €2,500 ó The Irish Times. Chomh maith leis sin, fuair siad ardán náisiúnta lena ngnó a chur chun cinn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Is iad Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh a bhain amach an duais sin.

Ionad Ealaíon Halla An Línéadaigh, Caisleán an Bharraigh

Tá Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh lonnaithe ar Shráid an Línéadaigh, Caisléan an Bharraigh. Tá neart Gaeilge le feiceáil sa chomharthaíocht agus sa chlár imeachtaí. Feiceann tú an Ghaeilge ar dtús taobh amuigh ar an bhfoirgneamh agus tá comharthaí ildate nua taobh amuigh anois a chuirean go mór leis an áit. Ansin tá ainm Gaeilge ar an Siopa Caifé. Tá daoine ar an bhfoireann a labhraíonn Gaeilge. Bíonn go leor imeachtaí ar bun as Gaeilge, ina measc ciorcal comhrá agus club ceoil. Le déanaí, d’eagraigh siad oíche gheandrámaíochta le fuirseoirí mór le rá, ina measc Ger Staunton agus Julie Jay. Bhí sé go hiomlán as Gaeilge. Tuilleadh eolais: https://www.thelinenhall.com/

BUAITEOIRÍ NA gCATAGÓIRÍ

Bhuaigh buaiteoirí na gceithre chatagóir duaiseanna de bhreis agus €25,000, sin duaiseanna de bhreis agus €6,000 in aghaidh na catagóire

 

Clr Al Mc Donnell ag bronnadh Gradaim na Comharthaíochta ar Loretto Masterson, Bainisteoir Ginearálta – Óstán an Ellison (ar chlé) agus Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo (ar dheis). Grianghraf: Alison Laredo

Buaiteoir na Comharthaíochta: Óstán an Ellison, Caisleán an Bharraigh

Cuitear fáilte chroíúil romhat in Óstán an Ellison, atá lonnaithe i gcroílár Chaisleán an Bharraigh. Tá comharthaí dátheangacha sa charrchlós, san óstán agus taobh amuigh den óstán. Feicfidh tú dhá fhógra mór taobh amuigh – ceann acu leis an bhfrása ‘Fáilte go Caisleán an Bharraigh’ agus an ceann eile a dhéanann fógraíocht ar an óstán agus a dhéanann cur síos ar na fáthanna gur fiú fanacht san óstán chomh maith leis na háiseanna atá ar fáil acu – seomraí galánta, rogha iontach bia, seomraí do chruinnithe agus d’imeachtaí agus suíomh den scoth i gcroílár Chaisleán an Bharraigh. Tuilleadh eolais: https://www.theellisonhotel.ie/

 

Clr John Caulfield ag bronnadh Gradaim na Brandála ar Anne Barrett, úinéir Bronntanas (ar chlé) agus Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo (ar dheis), Grianghraf: Alison Laredo

Buaiteori na Brandála: Bronntanas, Caisleán an Bharraigh

Tá an siopa Bronntanas lonnaithe ar Shráid an Droichid, Caisleán an Bharraigh. Díolann an siopa seo bronntanais do gach ócáid ó earraí criostail go cártaí. Tá ainm an tsiopa foirfe agus sin é an fáth go bhfuil an bhrandáil chomh cliste. Tá an t-ainm Gaeilge le feiceáil sa siopa agus ar an suíomh gréasáin. Tá an-suim ag an úinéir Anne sa Ghaeilge. I measc na mbrandaí a dhíolann siad, tá poirceallán Bhéal Leice [Beleek china] agus Criostal Phort Láirge. Chomh maith leis sin, díolann siad táirgí a bhfuil Gaeilge orthu cosúil le cupáin agus naprúin. Is bronntanas álainn a bheadh iontu don Ghaeilgeoir i do shaol. Tá táirgí acu ar líne freisin ach is é an mana atá acu ná: ‘más rud é nach bhfuil sé againn, beidh muid in ann é a fháil duit.’ Tuilleadh eolais: https://bronntanas.ie/

 

Clr Martin Mc Loughlin ag bronnadh Gradaim – Ábhair Ghnó/Suíomh Gréasáin ar Graham Byrne, úinéir – Krem Gelateria & Cafe (ar chlé) agus Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo (ar dheis). Grianghraf: Alison Laredo

Buaiteoir – Ábhair Ghnó/Suíomh Gréasáin: Krem Gelateria & Café, Cathair na Mart

Bunaíodh an gnó seo i gCathair na Mart in 2019. Is é an t-úinéir Graham Byrne an ceathrú glún de dhéantóirí uachtar reoite, gnó a thosaigh an chlann sna 1930idí. Bíonn sé seasta ag teacht suas le blasanna nua agus baineann sé úsáid as comhábhair áitiúla, ina measc bainne áitiúil, arán á bácáladh go háitiúil agus salann mara as Acaill, Achill Sea Salt. Tá gach baisc den uachtar reoite déanta le grá agus is é seo an frása atá le feiceáil ar na tobáin uachtar reoite chomh maith leis an abairt ‘Is breá liom uachtar reoite’. Ní hamháin sin ach tá a gcaife féin ag Krem agus tá an frása ‘Is breá liom caife blasta’ ar na cupáin le tabhairt leat. Tuilleadh eolais: https://krem.ie/

 

Clr Michael Kilcoyne ag bronnadh Gradaim Seirbhís as Gaeilge ar David Brennan, úinéir Castle Bookshop (ar chlé) agus Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo (ar dheis). Grianghraf: Alison Laredo

Buaiteoir – Seirbhís as Gaeilge: Castle Bookshop, Caisleán an Bharraigh

Tá an siopa leabhair agus caifé seo lonnaithe ar Shráid an Mhargaidh i gCaisleán an Bharraigh. Tá Gaeilge ag an úinéir David Brennan chomh maith le cuid den fhoireann. Tá rogha iontach leabhar le fáil sa siopa chomh maith le rannóg Ghaeilge agus leabhair atá bainteach le Co. Mhaigh Eo. Tá caifé thuas staighre agus cuirtear fáilte mhór roimh an nGaeilge. Tá comhlacht foilseacháin acu freisin, Mayo Books Press. Bunaíodh é le leabhair a bhfuil nasc acu le Maigh Eo a fháil, a fhorbairt agus a fhoilsiú. Foilsíonn siad leabhair as Gaeilge freisin. Buail isteach don chaife,  na leabhair agus comhrá Gaeilge. Tuilleadh eolais: https://mayobooks.ie/

Comhghairdeas leis na buaiteoirí ar fad agus molaimid iad as an tsárobair atá déanta acu. Lean Gnó Mhaigh Eo ar na meáin shóisialta chun an tsárobair sin a fheiceáil: Facebook: @gnomhaigheo | Instagram: @gnomhaigheo agus X (Twitter): @Gno_MhaighEo

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Gnólachtaí Mhaigh Eo ag baint tairbhe as an nGaeilge agus €30,000 buaite acu ag Gradaim Ghnó Mhaigh Eo'