Géillfear do na haltraí, ach cé mhéad a ghéillfear? Sin ceist eile…

Tairgfear ardú de réir a chéile do na haltraí, ach ní hacmhainn don Rialtas iad a shásamh

Géillfear do na haltraí, ach cé mhéad a ghéillfear? Sin ceist eile…

An Dr Edwards Mathews, Phil Ni Sheaghdha agus Tony Fitzpatrick ón INMO ag déanamh ar an gCoimisiún Um Chaidreamh san Ionad Oibre i gcomhar cainteanna an tseachtain seo. Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Deireadh Fómhair 2016: Dúirt an Taoiseach nach raibh airgead ag an Rialtas a chuirfeadh ar a gcumas pá na nGardaí a ardú. 

Gheall Enda Kenny agus airí eile trí bliana ó shin nach ngéillfeadh an rialtas d’éileamh pá na nGardaí. Dá ngéillfí, a dúirt siad go léir, bheadh oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí ag lorg arduithe pá dá réir. Dá ngéillfí, bheadh comhaontú pá ar ghlac móramh mór de cheardchumainn na seirbhíse poiblí leis caite i leataobh.

Ní raibh seans dá laghad ann, a dúirt siad, go ngéillfí do na Gardaí toisc nach raibh caiteachas breise ná iarmhartach ar acmhainn an rialtais. Thug Cumann Ionadaíoch na nGardaí (an GRA) agus Cumann Sáirsintí agus Cigirí na nGardaí (AGSI) an chluas bhodhar dóibh.

D’fhógair an dá chumann go rachaidís chun cinn le stailc lae agus nach mbeadh ach thart ar 400 ceannfort agus oifigeach sinsearach eile ar dualgas lá na stailce. Leanadh le cainteanna idir an dá thaobh. Thug an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan rabhadh do na Gardaí go sáróidís rialacha smachta na nGardaí dá rachaidís ar stailc. Cad a tharla faoi dheireadh?

Ghéill an rialtas. Cuireadh an stailc ar ceal. Thairg an rialtas arduithe ar liúntais éagsúla arbh fhiú €50 milliún iad san iomlán. Glacadh leis an tairiscint. B’éigean €120 milliún a chaitheamh ar arduithe gaolmhara a d’iarr oibrithe eile sa tseirbhís phoiblí.

Eanáir 2019: Dúirt an Taoiseach nach raibh airgead ag an rialtas pá na n-altraí a ardú. 

Dá ngéillfí dá n-éilimh, a dúirt an t-Aire Airgeadais le gairid, bheadh an comhaontú pá ar ghlac móramh mór de cheardchumainn na seirbhíse poiblí leis caite i leataobh. Dá ngéillfí do na haltraí, bheadh ardú bord ar bhord á lorg ag oibrithe eile. Agus mar sin de, díreach mar a dúradh leis na Gardaí trí bliana ó shin go dtí gur chuir an rialtas breis airgid ar an mbord.

Tá an scéal céanna romhainn ar go leor bealaí, agus na haltraí ar tí dul ar stailc lae Dé Céadaoin (tá stailceanna eile beartaithe ar an 5, 7, 12, 13, agus 14 Feabhra). Tá míshásamh láidir follasach i measc na n-altraí. Tá cúis imní an rialtais chomh mór agus a bhí trí bliana ó shin.

Nó níos láidre, mar gheall ar an mBreatimeacht. Ní raibh airgead ar fáil, a dúirt Leo Varadkar an tseachtain seo caite, chun pá na n-altraí a ardú. Fiú dá mbeadh, a dúirt sé, chaithfí é a choimeád ar fhaitíos go mbeadh gá leis chun déileáil le Breatimeacht gan mhargadh.

Dála an scéil, ba léir admháil indíreach thábhachtach i ráiteas an Taoisigh. Más Breatimeacht crua a chuirfear i bhfeidhm ar an 29 Márta, cuirfear an cur chuige airgeadais a fógraíodh sa cháinaisnéis as a riocht. Beidh ciorrú ar chaiteachas éigin dosheachanta. Ach fágaimis an scéal éiginnte sin i leataobh ar feadh scaithimh.

Tá ardmheas ag an bpobal ar altraí, agus cuimhníonn ár bhformhór ar a ndearna siad agus iad ag tabhairt aire den scoth dúinn féin nó dár ngaolta. Níl aon dabht mar sin ach go mbeidh cóir na gaoithe leo agus iad ag áitiú ar an bpobal brú a chur ar an rialtas ardú pá a thairiscint dóibh.

Sin ráite, ní foláir fainic thábhachtach a lua láithreach. Tá dianfheachtas stailceanna beartaithe ag Cumann na nAltraí agus na mBan Cabhrach (INMO) idir an Chéadaoin seo chugainn agus an 14 Feabhra, agus tá stailc trí lá beartaithe acu idir an 12 agus 14 Feabhra. Mura ngéilleann an Rialtas dóibh ar bhealach éigin, nó fiú má bhíonn idirbheartaíocht ar bun, is léir an chontúirt go gcuirfear i leith na n-altraí go bhfuil siad ag dul thar fóir ag éirí as obair ar feadh trí lá i ndiaidh a chéile.

Cuirfidh an Rialtas breis airgid ar an mbord, luath nó mall, faoi mar a cuireadh i gcás na nGardaí in 2016. Ach cé mhéad, agus cé chomh luath? Tá ardú thart ar a 12% á iarraidh ag na haltraí, ach níl aon chosúlacht ar an scéal faoi láthair go dtairgfear ardú chomh mór sin dóibh.

Tá ábhar buille faoi thuairim ina bhfuil ráite ag urlabhraí sláinte Fhianna Fáil Stephen Donnelly. Dar leis go bhfuil “ceist réasúnta” curtha ag na haltraí agus nach bhfuil “freagra réasúnta” tugtha fós ag an Rialtas. Níl €300 milliún ar fáil, a deir Stephen Donnelly, chun pá na n-altraí a ardú láithreach, ach tá cur chuige molta aige chun fadhbanna pá a réiteach agus coinníollacha oibre a fheabhsú.

Ar ndóigh is furasta réiteach aighnis a mholadh ó bhinsí an fhreasúra, ach tá síol réitigh ina ndúirt sé. Tairgfear ardú de réir a chéile do na haltraí, ach ní hacmhainn don Rialtas iad a shásamh. Ar ndóigh, fearacht gach deacracht atá romhainn, d’éascódh athrú intinne na gcomharsan maidir leis an mBreatimeacht gach rud.

Fág freagra ar 'Géillfear do na haltraí, ach cé mhéad a ghéillfear? Sin ceist eile…'