Gearrscannán – ‘Fíorghael’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Fíorghael'

Físeán

Gníomhaíocht 1:

Fíorghael an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

Céard is brí leis an teideal sin meas tú? Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Inis i d’fhocail féin cad é teachtaireacht an ghearrscannáin seo?
  2. Cad é an seanfhocal atá ar an scáileán ag tús an ghearrscannáin?
  3. Cé a scríobh an dara ráiteas a thagann ar an scáileán?
  4. Mínigh an ráiteas sin?
  5. Cén bhaint atá ag Loretta leis an scéal seo?
  6. Cá bhfuil formhór d’eachtraí an ghearrscannáin seo lonnaithe?
  7. Cén fáth a luaitear comhairleoir faisin?
  8. Céard atá scríofa ar uimhirphláta bhas an Rúnaí?
  9. Céard a tharlaíonn don Rúnaí tar éis do na hothair aghaidh a thabhairt uirthi?
  10. Cá bhfuil an Rúnaí ag deireadh an ghearrscannáin?

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Céard a thugann tú faoi deara faoin téacs ina bhfuil an teideal agus réamhrá scríofa?
  2. Cad is brí leis an ráiteas ‘tír gan teanga, tír gan anam’?
  3. Cén fáth, dar leat, ar úsáideadh ráiteas an Phiarsaigh?
  4. Cén fáth, dar leat, ar úsáideadh ráiteas George Bernard Shaw?
  5. Cad deir an gearrscannán seo faoin dátheangachas in Éirinn?
  6. Níl aon Ghaeilge ag na hothair ag tús an ghearrscannáin ach mar sin féin tuigeann siad  go bhfuil an Rúnaí á maslú. Cén chaoi a bhfaigheann siad an tuiscint seo?
  7. Céard a cheap tú don chasadh sa scéal?
  8. Cé hé bas an Rúnaí, meas tú?
  9. Cén fheidhm atá leis an radharc deireanach, meas tú?
  10. Téigh ar líne agus faigh tuilleadh amach faoin seanchló Gaelach. Déan iarracht abairt a scríobh ann.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid atá thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat

  • Gearrscannán greannmhar, cliste atá anseo ina bhfuil teachtaireacht láidir ó thaobh na Gaeilge. 
  • Tosnaíonn an gearrscannán leis an ráiteas ‘tír gan teanga, tír gan anam.’ Is é an tírghráthóir, oideachasóir agus reibiliúnach Pádraig Mac Piarais a cheap an ráiteas.
  • Tugann sé le fios go bhfuil teanga na tíre ina gné lárnach d’fhéiniúlacht na tíre céanna.
  • Ansin tagann ráiteas leis an scríbhneoir, cáiliúil Éireannach George Bernard Shaw ar an scáileán. Tá sé ag maíomh go bhfuil muintir na hÉireann fiáin agus as a meabhair.
  • Ansin feicimid bean fhaiteach ag dul chuig oifig an tsíceolaí.
  • Is bean chúlchainteach, bhéalscaoilteach, bhinbeach í an Rúnaí. Bíonn sí de shíor ag cúlchaint as Gaeilge lena cara Loretta ar an bhfón. Bíonn rudaí maslacha, gránna á rá aici faoi na hothair.
  • Bíonn sí ag caitheamh anuas orthu mar go bhfuil siad ag freastal ar shíceolaí.
  • Ní féidir leis na hothair í a thuiscint mar nach bhfuil Gaeilge acu. Níl acu ach an ‘cúpla focal’ agus cuireann siad an milleán ar na múinteoirí a bhí acu ar scoil.
  • Tar éis tamaill briseann ar fhoighne na n-othar agus déanann sin cinneadh Gaeilge a fhoghlaim.
  • Buaileann siad lena chéile gan choinne i rannóg na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa siopa leabhar. 
  • Le himeacht ama tá siad réasúnta líofa sa teanga agus tuigeann siad gach a bhfuil á rá ag an Rúnaí.
  • Tá siad ar bís go nglaofaidh Loretta ar an Rúnaí.
  • Tá an chuma orthu go bhfuil siad i bhfad níos misniúla agus sásta iontu féin. Tá siad gléasta níos fearr chomh maith.
  • Tugann siad aghaidh ar an Rúnaí.
  • Faigheann an Rúnaí bata is bóthar ansin.
  • Tá casadh sa scéal ansin. Cuirtear ina luí orainn gur cur i gcéill a bhí in iompar an Rúnaí.
  • Bhí an chúlchaint agus maslaí á n-úsáid aici leis na hothair a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
  • Feicimid bas an Rúnaí ansin. Is é siúd a íocann í as a cuid oibre agus a thugann na poist éagsúla di.
  • Tá an Rúnaí i Nua-Eabhrac sa radharc deireanach. Tá triúr ó thíortha difriúla suite os a comhair amach. Is léir go mbeidh an grúpa seo i bhfad níos dúshlánaí.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘Fíorghael’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'