Géarghá le clár foilsitheoireachta nua le dul i ngleic le heaspa leabhar Gaeilge do dhéagóirí

Tá tacaíocht léirithe ag údair do mholadh COGG go mbunófaí clár foilsitheoireachta a bheadh dírithe ar leabhair Ghaeilge a chur ar fáil do dhéagóirí

Géarghá le clár foilsitheoireachta nua le dul i ngleic le heaspa leabhar Gaeilge do dhéagóirí

Tá géarghá le leabhair Ghaeilge do dhéagóirí agus ba chóir clár sainiúil foilsitheoireachta a bhunú dá leithéid.

Sin moladh a rinne an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht i dTeach Laighean an tseachtain seo, moladh a bhfuil tacaíocht á tabhairt dó ag údair agus foilsitheoirí.

Agus plé á dhéanamh ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais ar na sonraíochtaí nua seo atá á moladh do Ghaeilge na hArdteiste, dúirt Pádraig Ó Beaglaoich ó COGG go raibh leabhair Ghaeilge a bheadh dírithe ar dhéagóirí ag teastáil chun saibhreas teanga na Gaeltachta a choinneáil agus chun go mbeadh ábhar nua-aimseartha ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste.

“Moltar go tréan go ndéanfar clár sainiúil spriocdhírithe a bhunú le bonn níos láidre a chur faoi thobar na litríochta do dhéagóirí, d’fhonn a dheimhniú go mbeidh saothair chomhaimseartha litríochta d’ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge do na liostaí litríochta sna seánraí éagsúla,” a dúirt Ó Beaglaoich, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG.

“Lena chois sin, baineann tábhacht nach beag le borradh breise comhaimseartha a chur faoi chúrsaí litríochta agus na healaíona dúchasacha do dhéagóirí sna ceantair Ghaeltachta, a chuirfeadh leis an saibhreas atá ann cheana féin.”

Beirt údar iad Tadhg Mac Dhonnagáin agus Bridget Bhreathnach a bhfuil gradaim mhóra buaite acu i mbliana agus aontaíonn siad beirt go bhfuil “bearna” ann ó thaobh saothar i nGaeilge atá dírithe ar dhéagóirí.

“Tá a leithéid d’easnamh ann cinnte, cé go bhfuil ábhar maith ann, níl a ndóthain ann,” arsa Bhreathnach. “Tá an-éileamh ar leabhair do dhéagóirí atá ar fáil, ar dhaoine amhail Ógie Ó Céilleachair, Áine Uí Fhoghlú, Seán Mac Mathúna agus Máire Uí Dhufaigh, agus scríbhneoirí eile mar iad.”

Aontaíonn an bheirt údar freisin go mbeadh fiúntas ag baint le clár foilsitheoireachta sainiúil do dhéagóirí, mar atá molta ag COGG “ach é a bheith déanta i gceart”.

Deir Bridget Bhreathnach, a bhuaigh Gradam Réics Carló i mbliana, agus Tadhg Mac Dhonnagáin, a bhuaigh gradam Gaeilge na Irish Book Awards an tseachtain seo, nach airgead amháin a bheadh ag teastáil chun scríbhneoirí a mhealladh le tabhairt faoi shaothair Ghaeilge do léitheoirí sna déaga.

“D’fhéadfaí cuid áirithe a dhéanamh ach níor mhór tabhairt faoi go córasach agus freastal ar an dá chineál léitheora ar bhealach ar leith,” arsa Tadhg Mac Dhonnagáin úinéir Futa Fata.

“Agus níor leor a bheith ag iarraidh ar úrscéalaithe atá ag saothrú cheana féin leabhar Gaeilge a scríobh – theastódh oiliúint ar leith agus an tacaíocht cheart eagarthóireachta. Theastódh maoiniú suntasach chuige sin, ach ní ceist airgid amháin atá ann. Tá áit don aistriúchán ó theangacha seachas Béarla, ach na leabhair a phiocadh go cúramach.”

Deir Bridget Bhreathnach, atá ag obair le Cló Iar-Chonnacht, go mbeadh forbairt agus tacaíocht ag teastáil ó fhoilsitheoirí agus ó scríbhneoirí chun na leabhair a chur ar fáil agus freisin ó thaobh na margaíochta de.

“Ba chóir go ndíreofaí ar thacaíocht do scríbhneoirí ó thaobh traenála, ceardlanna agus meantóireacht,” arsa Bhreathnach.

“Teastaíonn tacaíocht ó fhoilsitheoirí agus ba ghá maoiniú sainiúil a chur ar fáil chun saothair dá leithéid a fhorbairt agus teastaíonn tacaíocht ó thaobh cúrsaí margaíochta chun nós na léitheoireachta a chothú agus caithfear a chinntiú go gcuirfí spás ar fáil ar sheilfeanna sna siopaí leabhar.”

Deir Mac Dhonnagáin go mbeadh gá freastal ar dhá phobal ar leith – an mionlach, na léitheoirí Gaeltachta/Gaelscoile agus an tromlach, na daltaí ó scoileanna Béarla.

“Gan tacaíocht agus treoir ón earnáil oideachais, bheadh sé dúshlánach go maith a bheith ag freastal ar na déagóirí mar léitheoirí. Ní fheilfeadh an leabhar céanna don dá dhream.

“Ní bheadh dóthain díobh, cainteoirí dúchais ná cainteoirí T2, ag siúl isteach i siopaí leabhar le húrscéal Gaeilge a cheannach agus a léamh mar chaitheamh aimsire. Chaithfidís teacht ar na leabhair ar scoil.

“Theastódh téacsanna ‘high/low’ a chruthú dóibh siúd nach bhfuil cúlra acu i labhairt na teanga taobh amuigh den rang Gaeilge – leabhair a d’fheilfeadh dóibh ó thaobh aois shíceolaíoch, ábhar agus téamaí ach a bheadh soléite go leor le tabhairt faoi,” a deir sé.

Dá mbunófaí clár nua a bheadh dírithe ar dhéagóirí, measann Bhreathnach go gcuideodh sé le gasúir coinneáil orthu ag léamh i nGaeilge agus iad ag fás aníos.

“Séard a tharlaíonn go minic faoi láthair ná go mbíonn neart leabhar ar fáil suas go dtí aois a 12 nó mar sin agus ansin tá ganntanas ábhar léitheoireachta do na páistí sna déaga agus titeann daoine amach as nós na léitheoireachta,” arsa Breathnach.

“D’fhéadfaí tuilleadh béime a chur ar léamh na nua-litríochta do dhéagóirí mar chuid den churaclam scoile mar go dtabharfadh sé tacaíocht do dhaoine óga nós na léitheoireachta Gaeilge a choinneáil an bealach ar fad ón luathléitheoireacht suas go dtí an léitheoireacht don duine fásta.”

Fág freagra ar 'Géarghá le clár foilsitheoireachta nua le dul i ngleic le heaspa leabhar Gaeilge do dhéagóirí'

  • Marguerite Tonery (Tribes Press, Ireland)

    Tá alán leabhair le fáil do dhéagóirí i mBéarla a mbeadh go hiontach i nGaeilge freisin. Tá deacrachtaí ann ar shon an méid a chostnaíonn leabhar a aistrigh ó Bhéarla go Gaeilge (tá sé i bhfad níos daor ná leabhar a aistrigh go alán teangacha eile), freisin níl an margadh mór, agus mar sin, níl an foilsitheoir in ann cóimheá airgid a bhaint amach mura raibh siad scríofa i nGaeilge ar dtús. Tá sé tábhachtach suim a bheith ag scoileanna leabhair a cheannacht freisin, ach sa deireadh thiar thall, tá ar an rialtas tacaíocht a thabhairt do foilsitheoirí nó ní athróidh aon rud, agus leanfaidh an teanga ag fulaingt.