Géarchéim gheimhridh sa gcóras sláinte…mar is iondúil

Sampla eile é mífheidhmiúlacht na seirbhíse sláinte go bhfuil bunathrú i bpolasaí agus infheistíocht ag teastáil sa tír

Géarchéim gheimhridh sa gcóras sláinte…mar is iondúil

Seo muid arís! Géarchéim gheimhridh sa gcóras sláinte: na céadta ar thralaithe agus moltaí ó lucht riartha na n-ospidéal gan dul go dtí na ranna éigeandála más féidir iad a sheachaint. Ní léir cén plean atá ann le déileáil leis, má tá plean ar bith ann, ach is léir gur córas mífheidhmiúil atá ann.  Tá ag teip orainn seirbhís cheart sláinte a chur ar fáil do mhuintir na tíre seo.

Dar leis an IMO bhí os cionn 500 othar ag fanacht ar leaba in ospidéil an stáit lá áirithe amháin i rith na seachtaine, toisc nach raibh dóthain leapacha ar fáil.  I gcás amháin bhí ar sheanleaid, 87 bliain d’aois, céad uair a chaitheamh ar thralaí.  Céad uair an chloig. Sin os cionn cheithre lá ar fad!

Ní rud nua é seo, mo léan.  Bíonn an ghéarchéim chéanna ann gach bliain le tamall, ach níl feabhas ar bith le feiceáil.

Sa Dáil d’iarr urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, ar an Tánaiste cén fáth nach bhfuil aon phlean ag an rialtas chun an scéal seo a chur ina cheart.

Tá 1,000 leaba ag teastáil láithreach, a dúirt an Dochartach. Míle go leith faoi dheireadh na bliana seo agus dhá mhíle go leith faoi dheireadh na bliana seo chugainn.

Ach, dúirt sé, in ionad airgead breise a chur isteach le tabhairt faoin bhfadhb, tugadh, a deir sé, níos lú airgid don tseirbhís sa gcaoi nach féidir fiú an ráta reatha a choinneáil.

Agus freagra an rialtais? Sheas an Tánaiste, Micheál Martin, is dúirt go sollúnta go bhfuil plean ann. Cén plean é?  Níor tugadh aon sonraí dúinn sa gcaoi go bhfuil sé le tuiscint gurb é an plean ná plean a bheith ann am éigin.

Arís ní rud gan choinne í an fhadhb.  Thiar i samhradh na bliana seo caite, dúirt an INMO, ceardchumann na n-altraí, nach n-éireodh le plean na Seirbhíse Sláinte le tabhairt faoin bhfadhb easpa leapacha an t-am sin. Feicimid anois go raibh an ceart acu.

Sampla eile é mífheidhmiúlacht na seirbhíse sláinte go bhfuil bunathrú i bpolasaí agus infheistíocht ag teastáil sa tír.  Ni hamháin i gcúrsaí tithíochta, ach i gcúrsaí sláinte, cúrsaí inimirce agus forbairt na tuaithe freisin – agus é sin ar fad gan trácht ar na mórcheisteanna, ar nós athaontú an tíre agus athbheochan na Gaeilge, a dhéanamh lárnach i bpolaitíocht an stáit.

Mar a tharlaíonn is cosúil go mbeidh ceist na sláinte lárnach sa díospóireacht faoi athaontú na tíre.  I suirbhé ó thuaidh le deireanas thug dream Protastúnach ó na Sé Chontae le fios go mbeadh Éire Aontaithe inghlactha dóibh dá mbeadh NHS ann don tír ar fad.

Sé fírinne an scéil, ámh, ná go bhfuil an córas sláinte ó thuaidh níos measa go deimhin ná an córas ó dheas. Creid é nó ná creid.  Easpa infheistíochta thar tréimhse fada, diúltú Westminster an t-airgead riachtanach a chur ar fáil, agus easpa Stormont ag cur leis an dochar, sa gcaoi go bhfuil NHS an Tuaiscirt níos measa ná an tseirbhís in aon réigiún den Ríocht Aontaithe (mar a thugann siad orthu féin).

Léiriú eile, ar ndóigh, gur cuma le rialtas Shasana aon phobal Éireannach, bíodh siad dílis nó a mhalairt.

Mar sin féin, tá luach ag prionsabal na seirbhíse náisiúnta sláinte, an NHS, i súile daoine, ní hamháin Protastúnaigh ach Caitlicigh chomh maith.  Sé sin seirbhís saor in aisce nuair a bhíonn sé ag teastáil do chuile dhuine, agus é maoinithe as an gciste poiblí.  Tá an prionsabal sin luaite i Sláintecare, an polasaí traspháirtí sláinte a aontaíodh ach nár cuireadh i bhfeidhm beag ná mór.

Ach tá ceacht tábhachtach anseo freisin.

Má éiríonn le Sinn Féin dul i gceannas ar an rialtas ó dheas – agus níl sé sin cinnte go fóill – beidh sé riachtanach dóibh fadhbanna tithíochta is sláinte a réiteach thar aon rud eile, ar dtús lena chinntiú go mbeidh siad in ann filleadh don dara babhta, ach freisin le córas feidhmiúil ceart sláinte a chur ar fáil mar chuid den iarracht le Protastúnaigh an Tuaiscirt a mhealladh chun glacadh go fonnmhar le hathaontú na hÉireann.

San idirlinn, seo muid ar ais ag an ngnáth-ghéarchéim, an rialtas ag caint faoi phlean nach eol do dhuine ar bith céard é, agus imní, sea imní, ar dhaoine dul go dtí na ranna éigeandála ar fhaitíos go mbeadh orthu na huaireanta fada a chaitheamh ag feitheamh is gan aon leaba cheart le fáil má dhéantar cinneadh gur chóir tú a ligean isteach.

Caithfidh go bhfuil bealach níos fearr ann.

Ach céard é?  Athrú rialtais?

Fág freagra ar 'Géarchéim gheimhridh sa gcóras sláinte…mar is iondúil'

  • Concubhar

    Ní fheadar an mbeidh athrú rialtais ann nó tá rogha pháirtí Eoin ag sleamhnú leo de réir mar a thagann easnaimh chun solais ina gcuid ‘prionsabail’.

  • Eoin Ó Murchú

    Conas tá a fhios ag Concubhar mo rogha pháirtí? Níl a fhios agam fein i bhfianaise tacaíocht Shinn Féin don Aontas Eorpach.