Faoi dheireadh thiar thall tá Comhairle nua ar Raidió na Gaeltachta – go n-éirí a saothar leo.
Chuala mé an Cathaoirleach nua, Noel Ó Gallchóir, ar Adhmhaidin, saothraí cumasach i réimsí go leor eile ach ó tharla nach raibh a chéad chruinniú aige le RTÉ ná lena chomhghleacaithe nua ar an gcomhairle fós, ba dheacair dó mórán a rá.
Ní heol don éisteoir seo cén roinnt a dhéantar ar chúraimí sa raidió – bainisteoirí, bord, comhairle agus RTÉ ach déarfainn nach mbeidh siad gan dúshláin.
Is minic oibrithe an raidió ag clamhsán faoin difríocht ina bpá óna gcomhghleacaithe i nDomhnach Broc agus pléadh sin ag coiste Oireachtais. Dúshlán a haon.
An bhfuil aon chúis go dtabharfaí ainm Béarla ar an oileán álainn Gaeltachta, Inis Oírr go síoraí seasta ar Nuacht an Iarthair? Nach bhféadfaí comhairle bheag faoi logainmneacha a chur ar fáil d’iriseoirí, go háirithe an dlí faoi ainmneacha bailí Gaeltachta? Dúshlán a dó.
Agus an raidió d’uireasa comhairle tugadh isteach na fógraí tráchtála. Thagair an Cathaoirleach nua dóibh ar Adhmhaidin mar ghné de shaol an lae inniu. Agus smeadar Gaeilge i gcuid díobh, gealladh sa mBealtaine seo caite nach gcraolfaí fógraí a bheadh ar dhroch-chaighdeán feasta. Is léir nach dtuilleann foghraíocht mhícheart an cháilíocht sin. Tá daoine ar a mbionda ag iarraidh foghraíocht chruinn a thabhairt dá gclann agus dá ndaltaí agus ní aithníonn cuid de na daoine sna fógraí sin an difríocht idir tuil agus tuill, fail agus faill, sin agus sinn, ní áirím aitheantas a thabhairt do chaol le caol agus leathan le leathan an dúchais. Dúshlán a trí.
Ní mé an bhfuil éisteoirí le spáráil ag an stáisiún Gaeltachta ach ní dóigh gurb í an t-éisteoir seo amháin a thachtann an fhoghraíocht phianmhar agus a thugann aghaidh ar stáisiún Béarla.
Ach foighid ort tá fógraí Gaeilge orthu siúd freisin – tá cartún ag síorspraoi i m’intinn den ‘Súiteálaí Gáis’ is ceart a fháil má bhíonn gás ag sceitheadh i mo theach. Feicim bean an gháis ina luí ar a bolg sa doras agus í ag sú an gháis nimhnigh amach as an teach. Tá fógra eile a deir liom go bhfuil “deiseanna á oscailt” dom ach dul go www éigin! Meas tús céard a osclaíonn siad? Déistin freisin a chuireann an tsiléig sin orm ar stáisiún Béarla ach ar a laghad níl foireann cainteoirí breátha Gaeltachta ag obair acusan agus ar phobal an Bhéarla atá siad dírithe seachas ar chainteoirí Gaeilge is Gaeltachta.
Gan éisteoirí a chur ó dhoras. Dúshlán a ceathair.
Is deacair d’aon stáisiún raidió coinneáil leis na síor-athruithe ollmhóra sa saol cumarsáide is teicneolaíochta agus is deacra fós sin ag stáisiún beag Gaeilge. Dúshlán a cúig, éisteoirí a chothú.
Éisteoir
Is léir nach mise an t-aon duine a bhíonn curtha soir ag na fógraí tráchtála ar RnaG. Tá sé dona go leor scaití a bheith ag éisteacht le daoine le droch-Ghaeilge agus iad ag caint ar RnaG seachas na fógraí a bheith ag cur pian inár gcluais freisin. Bíonn corrcheann acu go breá (an ceadúnas teilifíse mar shampla) ach níl sa gcuid is mó acu ach droch-Ghaeilge bunaithe ar fhuaimeanna agus struchtúr an Bhéarla. Fiú dá mbeadh an fhoghraíocht cruinn bheadh sé deacair ciall a bhaint as go leor acu mar gur drochaistriúcháin iad ar an leagan Béarla. Caithfear aghaidh a thabhairt ar bhfadhb seo go práinneach mar tá na fógraí ag cur daoine ó dhoras agus i dtreo na stáisiún raidió eile. Cén fáth nach féidir leas a bhaint as aisteoirí Gaeltachta agus earnáil an raidió agus na teilifíse sa nGaeltacht chun iad a dhéanamh seachas a bheith ag brath ar lucht na gcúpla focal i mBaile Átha Cliath?
Nóirín
Dúshlán a sé, a éisteoir, meoin dhearfach oscailte a bheith agat i leith na Gaeilge! Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste. Brú an cnaipe don tseirbhís as Béarla ach ní athróidh pobal dílis na Gaeilge ó RnaG agus an tseirbhís den scoth a chuireann siad ar fáil.
Agus Sin Sin
Muid bodhraithe ag éisteacht leis na fógraí lofa seo. Dúshlán eile…. cad chuige go gcaithfidh muid éisteacht le lear fógraí agus muid ag iarraidh ceangal leis an stáisiún beo, agus ansin bíonn orainn éisteacht leis na fógraí a bhíonn ann le linn na mbrisithe.
Dá mbeifeá ag iarraidh tiúnáil isteach láithreach bonn mar tá rud éigin as an aer, bheifeá ag fanacht píosa fada ar an gceangal.
Múissssc!
Seán
Togha na seirbhíse á chur ar fáil ag RnaG. Go mba fada buan sibh.
CriostóirÓF
Is beag atá ag déanamh imní don údar agus an riocht atá an Ghaelinn ann i gcúrsaí fostaíochta, maonaithe, oideachais rl…..ag súil lena tuairimí ar na hábhair gur spéis le lucht na Gaelinne!
Pól Ó Braoin
Caillte uilig a bheadh muid, lucht labhartha na Gaeilge, gan seirbhís RnaG ar an raidió againn. Cébí cé na lochtanna is seacht n-oiread níos fearr RnaG ann nó in easnamh, cheapfainn.
WTF
Tá siad….na fógraí damanta sin…ar an seinnteoir fresin!
Marbhfháisc orthu, go háirithe an AI sin ó CIE a labhrann i nguth íseal!!
Mairéad
Go bhFóire Dia ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus an mheoin atá ag na saineolaithe!
Séamas de Barra
Freagra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Gan éisteoirí a chur ó dhoras le drochfhoghraíocht agus na dúshláin eile roimh Raidió na Gaeltachta’, tuairisc.ie, Déardaoin, Feabhra 13, 2025.
Tá an ceart ag Máire Ní Fhinneadha: bíonn drochfhoghraíocht ag lucht léite na bhfógraí Gaeilge ar RnaG, agus ar RTÉ Radio 1 chomh maith; agus bíonn droch–Ghaeilge sna fógraí sin ar an dá stáisiún sin.
Liam Ó Budhlaedhir, ó Ard na Cainne, i gCorca Dhuibhne, beannacht Dé lena anam, bhí sé ar dhuine de na teagascóirí foghraíochta ag Roinn na Nua–Ghaeilge, le mo linnse, ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i dtosach bhlianta 1970. Deireadh Liam gurb iad na 3 fhoghar is mó le rá sa teanga Ghaeilge: r caol; ch leathan; agus l leathan. Is minic nach mbíonn siad sin ag lucht léite na bhfógraí Gaeilge ar an dá stáisiún sin sa lá atá inniu ann.
Ach ní ag foghlaimeoirí Gaeilge amháin a bhíonn an drochfhoghraíocht agus an droch–Ghaeilge. Bíonn siad ag na Gaeilgeoirí Gaeltachta chomh maith. Gach re lá cloisimid léitheoir nuachta ag cur síos ar ‘an mbáisteach is troime’, agus de cheal gan t leathan ná r leathan a bheith i gceart ag an léitheoir, ní bhíonn a fhios ag an éisteoir cé acu atá an léitheoir a rá, ‘an mbáisteach is trioma’, nó ‘an mbáisteach is troime’.
Is iomaí craoltóir ar RnaG, agus RTÉ Radio 1, nach bhfuil na hiarmhíreanna treise ar a ndeis acu. Bíonn sé seo i bhfoclaíocht ceann de na fógraí a bhíonn á léamh amach gach uile lá: ‘ag soláthar todhchaí DÁR leictreachas’. Is é rud atá i gceist agamsa leis na ceannlitreacha, DÁR, gur treise neamhdhúchasach a bhítear a chur ar ‘do + ár’. B’fhearr i bhfad an méid sin a scriosadh agus é seo a chur ina ionad: ‘ag cur ann don tseirbhís leictreachais in Éirinn atá Electric Ireland,’ nó pé cuideachta soláthair leictreachais atá i gceist. Is dearg–Bhéarlachas is ea ‘ag soláthar todhchaí do …’. Baintear an iomarca úsáide sa ‘Ghaeilge Nua’ as ‘ag’ ina leithéid sin de chomhthéacs. Is minic ‘ag’ á chur ag obair nuair a bhíonn geireann an Bhéarla –– arb é –ing a dheireadh –– sa téacs bunaidh. An tOllamh Máire Próinséas Ní Chatháin a bhí ina hOllamh Sean–Ghaeilge le mo linnse ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. An gnáthleagan Gaeilge ar This is my Body, le linn Choisreacan na hAbhlainne i liotúirge Gaeilge an Aifrinn, chuireadh sé as go mór do Mháire Próinséas. An sagart a deireadh an tAifreann Gaeilge i Séipéal Belfield fadó, ‘Is é seo MO chorp’ ba ghnách leis a rá. ‘Is é seo mo Chorpsa’ a bhíodh i seanaistriúchain ar an abairt sin. Bhí an tOllamh Tomás de Bhaldraithe ag aontú leis an Ollamh Ní Chatháin ar an méid sin. Beannacht Dé le hanamacha na beirte scoláirí sin.
Mhúin Máire Próinséas dúinne gur 8 suaitheantasacht teanga atá ann a insíonn duit gur teanga Cheilteach atá á labhairt ag cainteoir dúchais. Ceann díobh sin is ea gan treise neamhdhúchasach a chur ar an aidiacht shealbhach.
Tá léachtóirí Gaeilge sa lá atá inniu ann a gcloisfeá a leithéidí seo acu: MO chéim sa Ghearmáinis; inÁR leithéidne’; ar MO chuid taighde; MO chuidse. Cá raibh na léachtóirí seo aimsir na gcluas? Ní hamháin go gcuireann siad treise neamhdhúchasach ar an aidiacht shealbhach, ach leanann siad orthu á dhéanamh sin, agus iarmhír threise a chur chomh maith leis an bhfocal a mbíonn an treise le cur air. Chloistí a leithéid seo ag craoltóir ar RnG, duine nach bhfuil ag craoladh a thuilleadh: ‘A leagan den fhonn sin’. Bhíodh jab agamsa a dhéanamh amach cé acu ‘athleagan den fhonn sin’ a bhíodh an craoltóir a rá, nó ‘a leagansan/a leagansa den fhonn sin’.
Tá an forcheartú tagtha isteach an–mhór i gcaint na gcraoltóirí Gaeltachta, mar shampla,‘ar na bhfiosrúcháin’. Tá sé mícheart amach is amach, urú a chur ar f ‘fiosrúcháin’. Maidir leis an gcuid is mó de chanúintí Gaeilge na hÉireann de, níor ghnách, go traidisiúnta, y a chur idir p agus i san fhocal ‘piont[a], ná díreach ar lorg b san fhocal ‘b’fhearr’, ach tá sé á dhéanamh inniu go tiubh, ag craoltóirí Gaeltachta féin. Focal ar bith a bhíonn pas beag nua sa Ghaeilge, ní bhacann cainteoirí ar RnG, le séimhiú, ná urú, ar chur ar an túschonsan ann, nuair ba cheart.
Téann díomsa a thuiscint conas gurb é ‘gá’ a deir craoltóirí áirithe i gcónaí, geall leis de, agus nach é ‘dhá’ [two] a deir siad.
Dá mbeadh foghraíocht cheart, agus Gaeilge cheart, ag craoltóirí RnaG agus RTÉ Radio 1, mhúinfeadh sé Gaeilge do na Béarlóirí dúchais sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim dáiríre, agus dá ndéanfaí riail den méid sin ar an dá stáisiún sin, mhisneodh sé na craoltóirí Gaeilge chun barr slachta a chur ar an gcuid féin Gaeilge.
Nílimse á mholadh do lucht na Gaeilge a chur chun cinn, pátrún a thógáil le lucht athbheochana na Nua–Eabhraise, agus an Ghaeilge a bhrú ar na gnáthshaoránaigh leis an lámh láidir. Bhí an Ginearál Moshe Dayan ar dhuine de na Síónaigh ab fhíochmhaire dá raibh ann. Ní raibh ach Nua–Eabhrais na muice, Nua–Eabhrais na hainnise, Nua–Eabhrais a chodail amuigh, ag muintir an Ghinearáil Dayan, mar gur Ghiúdaigh ón Úcráin ba ea iad siúd. Dúirt an Ginearál Dayan aon uair amháin nár thuig sé féin cad chuige a mbíodh a mhuintir ag iarraidh an Nua–Eabhrais a labhairt in aon chor, tharla í a bheith chomh hainnis acu.
Ar a shon sin agus uile, bhí an scoláire Gaeilge, Dáithí Ó hUaithne, ina aoi ar The Late Late Show blianta fadó ó sin, agus dhearbhaigh seisean gurbh é cur chuige na Síónach, cur chuige an ghunna, an tslí cheart chun teanga a athbheochan. Thug mise turas ar an Talamh Naofa agus mé óg. Is Críostaí de bhunaibh na Liobáine siar amach a bhí ina threoraí againn. D’inis seisean dúinne gur chuimhin leis nuair nach raibh athbheochan na Nua–Eabhraise ach ina tús. B’fhearr leis an gCríostaí sin a bheith ag fáscadh gainimh idir a fhiacla ná bheith ag éisteacht leis na Giúdaigh, nach raibh ach ag foghlaim na Nua–Eabhraise, ag iarraidh í a fhoghrú.
Michael
“Mhúin Máire Próinséas dúinne gur 8 suaitheantasacht teanga atá ann a insíonn duit gur teanga Cheilteach atá á labhairt ag cainteoir dúchais. Ceann díobh sin is ea gan treise neamhdhúchasach a chur ar an aidiacht shealbhach”
An cuimhin leat na seacht cinn eile, a Shéamais?