Gáire, caoineadh is údar machnaimh i scéal Ghearóid Willie

Tá saol suaithinseach caite ag Gearóid Willie Ó Fátharta agus tuiscint iontach ar an saol sin le roinnt le daoine eile aige

Gáire, caoineadh is údar machnaimh i scéal Ghearóid Willie
Mo Scéal Fhéin
Gearóid Willie Ó Fátharta
Cló Iar-Chonnacht €15

Ar léigh tú nó ar chuala tú trácht riamh ar an iris The Far East, iris atá fós á foilsiú? An dtugtaí Pudsy Ryan ort sa rang nuair a bhíodh do litriú ar strae? An mbíteá in éad leis na mná rialta agus na sagairt a bhí amuigh faoin ngréin sna ‘tíortha caocha’ ag cur reiligiún, oideachas agus cúram sláinte ar fáil, ag tógáil bóithre, ag tiomáint jípeanna tríd an dufair agus saol fíor-‘exciting’ go deo acu? Ó iris réamhtheilifíse sin Ord na gColmbánach i bPáirc Dhealgan na Mí a fuair mise an chéad bhlaiseadh d’obair na misinéirí a oileadh le soiscéal Caitliceach Éireannach na Róimhe a scaipeadh ar fud na cruinne.

Mise á rá leat go raibh léamh eile ar an saol agus ar theagasc Íosa agus tá sin againn go paiteanta ar pár anois.

Tá cuimhne chéadach ag Gearóid Willie. Níl garraí, sruthán, strapa ná teach ina cheantar dúchais nach bhfuil ar bharr a theanga aige agus níl duine dá chomharsana is dá mhuintir nach bhfuil a nádúr agus a dtréithe greanta ar a intinn. Is iontach go deo an léiriú atá sa gcéad chuid den leabhar seo ar an athrú ó bhonn atá tagtha ar Chois Fharraige agus ar shaol na tuaithe ó bhí Gearóid ina leaid óg sna seascaidí.

Móin, curaíocht, cairríní asail, trátaí, slua bráithre ar chúrsaí Gaeilge agus córas oideachais a bhí dall ar dhínit an pháiste agus ar theoiric Howard Gardner faoi na héirimí éagsúla a bhíonn ag duine ach a bhí go maith ag cothú náire agus easpa muiníne.

Is mór idir sin agus G-teiceanna agus obair ón mbaile. Turas taitneamhach siar ar bhóithrín na smaointe agus glúin óg á gcur féin in iúl go dána i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, soiscéal a thug Gearóid leis go Meiriceá Laidineach.

Meán Fómhair 1972 tugann an peileadóir óg agus naonúr fear eile a n-aghaidh ar thailte méithe na Mí agus na Colmbánaigh. Oscailt súl domsa an cúrsa léinn a bhí rompu – nach beag a cheap mé go raibh na fealsaimh mhóra chéanna á n-iniúchadh ag ábhair sagairt a rabhamar fhéin tógtha leo ag an am – Sartre, Nietzsche, Freire, de Beauvoir agus a leithéidí. Bhí ciall cheannaigh agus lorg láidir fágtha ag a gcuid misinéireachta ar na daoine ba choimeádaí ag tús a n-aistir thar sáile.

Sa tSile faoi dheachtóireacht Augusto Pinochet a rinne Gearóid a phrintíseacht sular oirníodh ina shagart é agus mise á rá leat gur theastaigh teacht aniar agus misneach ansin. Spáinnis le foghlaim ar dtús, áit chónaithe i measc an phobail a aimsiú agus do mhisean a aithint agus tabhairt faoi.

Cuimhnigh go raibh fear óg na nAille ag tabhairt aghaidh ar thír an machismo agus Pinochet fós ina dheachtóir inti, a bhuíochas d’uisce faoi thalamh Mheiriceá, tíoránach a bhí ar a mhine ghéire ag cur maoin na tíre ina bhealach féin agus a chairde agus an lámh láidir á himirt ar aon duine nár ghean leis.

An íomhá a fhanann liomsa ón tréimhse sin ná máithreacha sa tSile agus san Airgintín ina seáilíní bána agus a gclann sciobtha uathu gan tásc ná tuairisc, an bás agus an díbirt intíre, agus amhrán U2 faoin uafás. An béal balbh an t-aon fhál fánach ar an spídiúlacht agus na cuirfiúnna. Ní call a rá nach fáilte a bhí sa réimeas sin roimh dhaoine a sheas don cheart agus do phobal na bpríosún agus na favelas. Bhí mo chroí i mo bhéal le scanradh agus iontas go raibh Gearóid in ann na gábhanna sin a chur de agus nár chaill sé a mhisneach ná a shláinte agus a bheatha i mbaol. Bhí d’ádh air nár chaill sé a mhuinín in Íosa ach an oiread agus is géar a theastaigh an cúnamh sin uaidh scaití go leor.

I Salvador na Brasaíle a chaith sé a dhara téarma, teanga eile le foghlaim agus dúshláin eile le sárú, bochtanas, drugaí agus foréigean ar leic an dorais. Ba mhór é m’iontas nach aon dea-cháil atá aige ar phóilíní an daonlathais agus iad ag déileáil leis an dream nach raibh cumhacht ná údarás acu. Agus mé ag fáinneáil thart faoin tír sin i 1990 agus fíbín Chorn an Domhain ar an bpobal, chonaic mé an t-anord, an ganntan agus an rachmas ach níor thuig mé drochíde na bpóilíní ar a bpobal féin. Súile caocha an turasóra!

Chuir mé an-spéis sa mbealach oibre a shantaigh an Colmbánach, siúl le taobh a phobail ag cuidiú leo a raibh uathusan a bhaint amach seachas siúl rompu ná ina ndiaidh. Agus drochamhras orm le fada faoin bhforlámhas cultúrtha, ba bhreá le mo chroí an tuiscint agus an meas a léirigh Gearóid agus a chompánaigh don chultúr dúchais agus dá mbealach saoil. Údar spéise cúrsaí diagachta agus polaitíochta na heaglaise a raibh sé ina ionadaí aici a fheiceáil trína shúile.

Ní taobh le Meiriceá Laidineach agus oiliúint misinéirí atá sa leabhar seo ná baol air. Chomh maith le léargas tuisceanach ar an gcoilíneachas tuata agus eaglasta, tá léargas againn ar an treascairt ar an duine agus ar na boicht, ar opium na cumhachta, soiscéal na Róimhe agus soiscéal Íosa Nazarat, ar an gcogadh i dTuaisceart Éireann agus ar an oiliúint easnamhach i Maigh Nuad ina raibh meon is teagasc cliarlathach na Róimhe faoi bhláth.

Gheobhaidh tú sa leabhar freisin a thuras féin i mbun teaghlaigh agus ag filleadh ar Éirinn lena bhean is a chlann óg. Is deacair a chreidiúint gur chaith comhdhéagóirí i gConamara go ciníoch lena chlann agus muid ag ceapadh go raibh muide a chleacht an imirce slán ón aineolas sin. Is mithid dúinn mar phobal, mar thuismitheoirí agus mar scoileanna gan ligean don ghalar tógálach sin scaipeadh inár measc.

Údar machnaimh eile an léamh atá sa leabhar ar an duine a fhilleann ar a dhúchas agus an doicheall agus an t-amhras a bhíonn roimh aon léargas ná aon tuiscint a bhíonn leis abhaile. Tá súil agam go bhfaighidh Gearóid an tsláinte agus an suaimhneas lena thuiscint iontach ar an saol a roinnt le daoine eile. Tá sin le fáil sa leabhar breá seo chomh maith le gáire, caoineadh is údar machnaimh.

Diomar amháin ar an leabhar seo an síneadh fada bradach. Tuigim go bhfuil cath na sínte fada sa saol digiteach á throid ag go leor ach go sábhála Dia sinn, cé a ghoid ó Chló Iar-Chonnacht é? Tabhair ar ais é mar chuir a chuid éalúchais saidhleam dearg ormsa.

An rud is tábhachtaí faoi aon ábhar léitheoireachta ná a bheith spéisiúil dea-scríofa agus ní bréag a rá go bhfuil na buanna sin ag Gearóid. Chinn orm an leabhar seo a leagan uaim ó thosaigh mé á léamh agus ansin thosaigh mé arís. Aon duine agaibh ar cuimhneach libh an sárleabhar siúd faoin saol sa Nigéir Dúdhúchas le Pádraig Ó Máille, misinéir eile, tá a áit lena ais ar an tseilf tuillte ag an leabhar iontach seo. Mo ghairm thú, a údair.

Fág freagra ar 'Gáire, caoineadh is údar machnaimh i scéal Ghearóid Willie'