Gaillimh ag iarraidh cluiche ceannais Roinn 1 a bhuachan den chéad uair ach a gcroíthe briste ag Corcaigh cheana

I bPáirc na nGael i Luimneach a bheidh cluiche ceannais na príomhroinne idir Corcaigh agus Gaillimh agus tabharfaidh Dún na nGall agus an Cabhán aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Roinn 2 i gCluain Eois

Gaillimh ag iarraidh cluiche ceannais Roinn 1 a bhuachan den chéad uair ach a gcroíthe briste ag Corcaigh cheana

...
Roinn 1 na mBan – Cluiche Ceannais
Corcaigh v Gaillimh – Páirc na nGael, 17:00 (Beo ar TG4)

Roinn 2 na mBan – Cluiche Ceannais
An Cabhán v Dún na nGall – Páirc Naomh Tiarnach, 15:00 (Beo ar TG4)/

...

Léiriú ar a bhfuil bainte amach ag an dá chontae seo i bpeil na mban go bhfuil Corcaigh inniu ag iarraidh príomhroinn na sraithe a bhuachan den 13ú huair – gaisce a thabharfadh ar comhchéim le Ciarraí iad ar bharr an rolla onóra – agus na Gaillimhigh ag iarraidh greim a fháil ar an gcorn den chéad uair riamh.

Is iomaí seans a bhí ag Gaillimh an chéad bua sin a fháil chomh maith. Bhí na Gaillimhigh sa gcéad chluiche ceannais sraithe riamh i bpeil na mban, thiar i 1979, ach fuair Tiobraid Árann an ceann is fearr orthu agus ba é an scéal céanna é chuile uair eile ar bhaineadar amach cluiche mór an earraigh.

Bhí Gaillimh breis is 25 bliain eile ag fanacht ar chluiche ceannais eile, a tháinig faoi dheireadh in 2005, ach freasúra an lae inniu, Corcaigh, a fuair an ceann is fearr orthu an lá sin agus i dtrí cinn eile de chluichí ceannais ó shin – 2010, 2015 agus 2019. Chuir an bua sin in 2005 tús le ré órga cois Laoi. Idir sin agus 2016, bhuaigh Corcaigh an tsraith deich n-uaire agus aon cheann déag eile de chraobhacha uile-Éireann tugtha leo acu ó dheas.

Tá Roinn 1 buaite cúpla uair eile ag Corcaigh ó shin ach tá deireadh tagtha leis an gceannas sin a bhí acu ar pheil na mban agus ba i Roinn 2 a bhíodar an uair dheireanach gur bhaineadar cluiche ceannais sraithe amach. B’in anuraidh nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu agus is beag atá idir na foirne le blianta beaga anuas.

Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne nuair a chasadar ar a chéile i bPáirc Uí Rinn mí Feabhra agus cúl Áine O’Sullivan a chinntigh go mbeadh an bua ag an bhfoireann baile. Bhuaigh Gaillimh ceithre chluiche as a chéile ina dhiaidh sin chun an cluiche ceannais a bhaint amach. Chaill Corcaigh an cluiche deireanach acu, as baile i gcoinne Átha Cliath, ach bhí dóthain déanta roimhe sin chun críochnú ar bharr an tábla.

Rinne Gaillimh roinnt athruithe don chluiche deireanach in aghaidh Phort Láirge ach tá leithéidí Sarah Ní Loingsigh, Hannah Noone, Niamh Divilly agus Lynsey Noone ag filleadh do chluiche an lae inniu i Luimneach. Beidh an taithí agus an fuinneamh atá acusan ag teastáil má tá Gaillimh chun an phríomhroinn a thabhairt leo den chéad uair.

I Roinn 2, tá an phríomhsprioc bainte amach ag an gCabhán agus ag Dún na nGall agus an t-ardú céime go dtí Roinn 1 bainte amach ach ba dheas corn a fháil chomh maith agus an deis sin acu i gCluain Eois.

Trí bliana atá caite ag Dún na nGall sa dara roinn ó díbríodh iad ón bpríomhroinn in 2023 ach chinntigh an bua in aghaidh Loch Garman le gairid go mbeidh siad ag filleadh an bhliain seo chugainn. Sa dara háit ar an tábla a chríochnaigh na Conallaigh agus cluiche cinniúnach in aghaidh an Chabháin caillte mí Feabhra. Tá ardú céime bainte amach ag an gCabhán don dara bliain as a chéile tar éis dóibh Roinn 3 a bhuachan anuraidh agus an ghaoth ina seolta go cinnte.

Foireann óg atá ag Dún na nGall agus captaen na foirne, Róisín Rodgers ó Naomh Muire ar dhuine díobh siúd is mó a bhfuil taithí. Ní hé deireadh an domhain é do cheachtar foireann mura n-éiríonn leo inniu ach thabharfadh bua spreagadh maith dóibh agus iad ag fáil réidh don chraobh.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag iarraidh cluiche ceannais Roinn 1 a bhuachan den chéad uair ach a gcroíthe briste ag Corcaigh cheana'