Gaeilgeoirí Luimnigh le nasc idir an cultúr agus glúin na réabhlóide a cheiliúradh

Cuairt faoi threoir ar bhailiúchán lámhscríbhinní a thiomsaigh an sagart radacach An tAthair Tomás de Bhál i measc imeachtaí...

Ghosts
Cuid de bhailiúchán de Bhal

Beidh fáilte roimh dhaoine páirt a ghlacadh i gcuairt speisialta inniu ar bhailiúchán de lámhscríbhinní Gaeilge a thiomsaigh an tAthair Tomás de Bhál.

Mar chuid de cheiliúradh speisialta atá eagraithe ag Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál atá an chuairt á tabhairt.  ‘An Aisling a Cumadh: 1916 agus an Éigse’ is teideal don cheiliúradh lae seo ina mbeidh ceol, cainteanna agus imeachtaí eile.

Bhí cáil ar an Athair de Bhál mar radacach agus é ar dhuine den bheirt shagart a chosain Easpag Luimnigh, an Dr Ó Duibhir, tar éis don bheirt tacú le lucht an Éirí Amach. Bhí aithne go forleathan ar an Athair de Bhál mar phearsa mhór i gConradh na Gaeilge – bhí sé ina shagart i bparóistí éagsúla sa chontae, Faing agus Cill Curnáin ina measc. Tá sé curtha i mBaile an Gharraí. Bhí suim mhór aige i litríocht na Gaeilge agus i logainmneacha agus baint aige le Coimisiún na Logainmneacha i dtreo dheireadh a shaoil.

20151031_Ghosties (5)

Is cuid de chlár cuimsitheach í ócáid an lae inniu atá curtha le chéile ag comhluadar an choláiste chun 1916 a chomóradh. Beidh an taispeántas speisialta, atá ar iasacht ó cheannáras Chonradh na Gaeilge, le feiceáil i bhFáiltiú an Choláiste le linn na n-imeachtaí. Tugann an taispeántas seo eolas ar an nasc idir Conradh na Gaeilge agus glúin na réabhlóide.

Cuirfear tús leis an gclár ag meán lae ar an Aoine le seisiún cainteanna. Pléifidh an Dr Róisín Ní Ghairbhí na ceangail idir an ghluaiseacht nua-ealaíne Éireannaí, glúin na réabhlóide agus gluaiseacht na Gaeilge. Tráchtfaidh Roibeárd Ó Cathasaigh ar an seal a chaith Earnán de Blaghd i gCorca Dhuibhne i 1913-14. Déanfaidh Ceann Roinn na Gaeilge Máire Ní Neachtain plé ar na ceangail idir an Dr Ó Duibhir agus gearrscéal Phádraic Uí Chonaire ‘Anam an Easpaig.’ Ag 2.15p.m. tiocfaidh na daoine ar spéis leo cuairt a thabhairt ar bhailiúchán de Bhál le chéile sa bhFáiltiú i gColáiste Mhuire gan Smál. Deir an cartlannaí David Bracken go bhfuil sé “ar bís” faoin gcuairt agus é an-bhródúil as an acmhainn seo atá curtha ar fáil do scoláirí na mórdúiche.

Ghosties (6)

Beidh siansa ceoil agus amhráin ó ré na réabhlóide ar siúl sa choláiste óna 3.30p.m. agus cuirfear clabhsúr speisialta ar chlár an lae le caint speisialta ó Pheadar Ó Riada roimh thaispeántas den scannán ‘Mise Éire’, a bhfuil ceol cáiliúil a athar, Seán Ó Riada mar fhuaimrian leis. 

Tá saorchead isteach i ngach imeacht agus fáilte roimh gach duine.

Fág freagra ar 'Gaeilgeoirí Luimnigh le nasc idir an cultúr agus glúin na réabhlóide a cheiliúradh'