FUAIM: Ar Son na Cúise – ‘Ná tabhair suas go Montó mé! (Bailéad Fhoras na Gaeilge)’

Tá foireann an Fhorais ag cur cosa i dtaca faoin moladh go mbogfaí ó thuaidh trasna na habhann iad agus tá bailéad cumtha acu chun aird a tharraingt ar a gcás

FUAIM: Ar Son na Cúise – ‘Ná tabhair suas go Montó mé! (Bailéad Fhoras na Gaeilge)’

‘Ná tabhair suas go Montó mé! (Bailéad Fhoras na Gaeilge)

(Ní fios cé a sceith)

Má bhíonn tú ‘cuartú HQ nua,
Ní mór duit bheith mór is crua,
Mar beidh Seánie do do chur ó thuaidh,
Go teach Haugh-ey

Ó ná tabhair suas go Montó, Montó, Montó,
Ná tabhair suas go Montó mé,
A Sheáin Uí Choinn.

Níl fáil ann ar an skinny latté
Ná áit brunch ná hipster caifé
Ná lón sea bass lár an lae,
Fan ó dheas!

Tá povos ann ar fud na háite,
Beidh uaisle Chearnóg Mhuirfean cráite,
Gaeilgeoirí áille i mbaol a sáite,
Dia linn!

Ó ná tabhair suas go Montó, Montó, Montó,
Ná tabhair suas go Montó mé,
A Sheáin Uí Choinn

‘S cad faoi chás na teanga,
Beidh muide ag bun an ranga,
Fiú níos measa as ná lucht an Ghúim.

Fág sinn mar atáimid
Gar don Dáil agus Seanad
Ní éisteofar go deo linn ar Shráid Amiens.

Ó ná tabhair suas go Montó, Montó, Montó,
Ná tabhair suas go Montó mé,
A Sheáin Uí Choinn

Tháinig Seán Ó Coinn ar cuairt,
Ba bheag a spéis inár mbuairt
‘Éist anois, a mhac,’ a dúirt,
‘Ní rachaidh mé!’

‘An dtabharfar dom aon phepper spray
ar fhaitíos go n-imeoinn ar strae?
Bíonn junkies ann ar éirí an lae
Póg mo thóin!’

Ó ná tabhair suas go Montó, Montó, Montó,
Ná tabhair suas go Montó sinn,
Mar Is Gael mé!

Fág freagra ar 'FUAIM: Ar Son na Cúise – ‘Ná tabhair suas go Montó mé! (Bailéad Fhoras na Gaeilge)’'

  • Somerfeld

    Bonnie Crew ! Féar plé dóibh.