FOCAL IS FUAIM: Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh dánta as ceithre chnuasach dá cuid…

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is í Nuala Ní Dhomhnaill atá againn (© An Sagart)

Nuala Pic

Dánta le Nuala Ní Dhomhnaill ó na cnuasaigh An Dealg Droighin (An Sagart, 1981), Féar Suaithinseach (An Sagart, 1984), Feis (An Sagart, 1991), agus Cead Aighnis (An Sagart, 1999). 

Tá fáil ar na dánta anois sna cnuasaigh An Dealg sa bhFéar (Cló Iar-Chonnacht, 2011) agus Feis & Cead Aighnis (Cló Iar-Chonnacht, 2015)

Is féidir ‘An Dealg sa bhFéar’ a cheannacht ag an nasc seo:

Is féidir ‘Feis & Cead Aighnis’ a cheannacht ag an nasc seo:

Fear

Bain díot do chuid éadaigh
ceann ar cheann,
do threabhsar is do bheist
líontánach liath.
Cuir do chuid spéaclaí
ar an gclabhar
in aice led chíor
is do haincisiúr.

Is siúil chugam trasna
an urláir ar dheis
go bun na leapan
chun go bhfaighead deis
mo shúile a shíneadh
thar an niamh dorcha id chneas,
thar na míorúiltí is na háilleachtaí
id chabhail.

Is ná bí grod ná giorraisc
liom anocht,
ná fiafraigh díom ‘cén chaoi?’
ná brostaigh ort,
tuig nach lú a fhéadaim
i bhfianaise do dhea-nocht
mo shúile a líonadh
ná iad a dhúnadh ort.

A fhir atá chomh fada
as do ghéag,
chomh leathan as do ghualainn
is do thaobh,
fainge fionn fireann
ó bhaitheas go bearradh iongan
is do bhall fearga
cumtha dá réir,

ba chóir go mórfaí tú
os comhair an tslua,
go mbronnfaí ort
craobh is próca óir,
ba chóir go snoífí tú
id dhealbh marmair
ag seasamh romham
id pheilt is uaireadóir

Peirseifiné

‘Ná bí buartha fúm, a mháthair,
is ná bí mallaithe,
cé go n-admhaím go rabhas dána
is nár dheineas rud ort,
gur thógas marcaíocht ón bhfear caol dorcha
ina BhMW,
bhí sé chomh dathúil sin, is chomh mánla
ná féadfainn diúltú dhó.

Thug sé leis ar thuras thar sáile mé
thar raoin m’aithne.
Bhí an gluaisteán chomh mear chomh síodúil sin
gur dhóigh leat go raibh sciatháin faoi.
Gheall sé sról is veilbhit dom
is thug sé dom iad, leis.
Tá sé go maith dhom – ach aon rud amháin,
tá an tigh seo ana-dhorcha.

Deir sé go mbead i mo bhanríon
ar chríocha a chineáil,
go ndéanfaidh sé réalt dom chomh cáiliúil
le haon cheann acu i Hollywood.
Tugann sé diamaintí dom is seoda chun mo thola
ach tá an bia gann. Anois díreach
thugadar chugham úll gráinneach. Tá sé craorag
is lán de shíolta ar nós na mílte is na mílte

braonta fola.’

Filleadh na Béithe

Adúrtsa leis an dia
mar a déarfadh mo leanaí
i bpatois Ghaelscoileanna Bhaile Átha cliath,
‘Féach anseo, tusa, faigh as!

Níl sé féaráilte.
Táim tar éis bháis, geall leis,
mo sparán is lán mo mhála goidte.
É seo go léir tíolactha
mar íbirt dhóite ar t’altóir-se
is cad tá fachta agamsa
ina éiric-san?’

Is an chéad rud eile
do sheol sé chugam tú.
Siúlann tú isteach im chroí
chomh neafaiseach, chomh haiclí
amhail is nár fhágais riamh é
ar feadh na mblianta.

Suíonn tú sa chathaoir
uilleann is compordaí
agus is teolaí le hais
na tine. Tá sceitimíní
áthais orm timpeall ort.

Faoi mhaide boilg an tsimléara
is faoi chabha an staigre
geofar láithreach
na coda beaga.

Ag cothú linbh

As ceo meala an bhainne,
as brothall scamallach maothail
éiríonn an ghrian de dhroim
na maolchnoc
mar ghine óir
le cur i do ghlaic,
a stór.

Ólann tú do shá ó mo chíoch
is titeann siar i do shuan
isteach i dtaibhreamh buan.
Tá gáire ar do ghnúis,
cad tá ag gabháil trí do cheann,
tusa ná fuil
ach le coicíos ann?

An eol duit an lá ón oíche,
go bhfuil mochthráigh mhór
ag fógairt rabharta,
go bhfuil na báid
go doimhin sa bhfarraige
mar a bhfuil éisc is rónta
is míolta móra
ag teacht ar bhois is ar bhais
is ar sheacht maidí rámha orthu,

go bhfuil do bháidín ag snámh
óró sa chuan
leis na lupadáin lapadáin
muranáin maranáin
í go slim sleamhain
ó thóin go ceann
ag cur grean na farraige
in uachtar
is cúr na farraige
in íochtar?

Orthu seo uile an bhfuilir
faoi neamhshuim?
is do dhoirne beaga
ag gabháilte ar mo chíoch.

Tánn tú ag gnúsacht le taitneamh,
ag meangadh le míchiall.
Féachaim san aghaidh ort, a linbh,
is n’fheadar an bhfeadaraís
go bhfuil do bhólacht
ag iníor i dtalamh na bhfathach,
ag slad is ag bradaíocht,
is nach fada go gcloisfir
an “fí-faidh-fó-fum”
ag teacht thar do ghuaille aniar.

Tusa mo mhuicín a chuaigh
ar an margadh,
a d’fhan age baile,
a fuair arán agus im
is ná fuair dada.
Is mór liom de ghreim tú
agus is beag liom de dhá ghreim,
Is maith liom do chuid feola
ach ní maith liom do chuid anraith.

Is cé hiad pátrúin bhunaidh
na laoch is na bhfathach
munar thusa is mise?

Dán do Mhelissa

Mo Pháistín Fionn ag rince i gcroí na duimhche,
ribín i do cheann is fáinní óir ar do mhéaranta
duitse nach bhfuil fós ach a cúig nó a sé de bhlianta
tíolacaim gach a bhfuil sa domhan mín mín.

An gearrcach éin ag léimt as tóin na neide,
an feileastram ag péacadh ins an díog,
an portán glas ag siúl fiarsceabhach go néata,
is leatsa iad le tabhairt faoi ndeara, a iníon.

Bheadh an damh ag súgradh leis an madra allta,
an naíonán ag gleáchas leis an nathair nimhe,
luífeadh an leon síos leis an uan caorach
sa domhan úrnua a bhronnfain ort mín mín.

Bheadh geataí an ghairdín ar leathadh go moch is go déanach,
ní bheadh claimhte lasrach á bhfearadh ag Ceiribín.
Níor ghá dhuit duilliúr fige mar naprún íochtair
sa domhan úrnua a bhronnfainn ort mín mín.

A iníon bhán, seo dearbhú ó do mháithrín
go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian
is go seasfainn lem chorp fhéin idir dhá bhró an mhuilinn
is muilte Dé chun ná meilfí tú mín mín.

Ag Tiomáint Siar

Labhrann gach cúinne den leathinis seo liom
ina teanga féinig, teanga a thuigim.
Níl lúb de choill ná cor de bhóthar
nach bhfuil ag suirí liom,
ag cogarnaíl is ag sioscarnaigh.

Tá an Chonair gafa agam míle uair
má tá sé gafa aon uair amháin agam.
Fós cloisim scéalta nua uaidh gach uile uair,
léasanna tuisceana a chuireann
na carraigeacha ina seasamh i lár an bhóthair orm
faoi mar a bheadh focail ann.

Inniu tá solas ar Loch Geal
á lasadh suas mar a dheineann an Cearabuncal
uair gach seachtú bliain nuair a éiríonn seal
aníos go huachtar na loiche is croitheann
brat gainní dhi. Bailíonn
muintir na háite na sliogáin abhann seo mar bhia.

Is ar mo dheis tá Cnocán Éagóir
mar ar maraíodh tráth de réir an scéil
‘seacht gcéad Seán gan féasóg,’
is na Sasanaigh ag máirseáil ar Dhún an Óir.
As an gceo

nochtann leathabairt díchéillí a ceann –
‘nóiníní bána is cac capaill.’
Scuabann a giodam rithimiúil
síos isteach ‘on Daingean mé.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Nuala Ní Dhomhnaill ag léamh dánta as ceithre chnuasach dá cuid…'