FÍSEÁN DON RONG: Trí Ghaelscoil nua oscailte ar dhá thaobh na Life

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1:

  • Sula bhféachann tú ar an mír físe déan iarracht na leaganacha Gaeilge a mheaitseáil le leis an míniú/focal gaolmhar
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat
  • Féach ar an mír físe agus féachaigí ar na freagraí arís

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt do do chuid féin.

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
  1. Cén fáth ar deineadh an mhír seo dar leat?
  2. Céard atá suntasach faoi Ghaelscoil Eoin?
  3. Cén bhaint atá ag an mBaile Gaelach leis an scéal?
  4. Cad é an polasaí nua atá ag an Roinn Oideachais?
  5. Cén fáth a luaitear an figiúr 45,000?
  6. Luaigh rud amháin atá le rá ag Jill McMahon.

Gníomhaíocht 4 – Líon na Bearnaí:

Féach/Éist leis an mír físe arís agus déan iarracht na bearnaí seo a líonadh.

Gníomhaíocht 5 – Obair duit féin

  • Téigh ar líne agus déan taighde faoi na Gaelscoileanna/Gaelcholáistí eile atá sa cheantar.
  • Déan cúpla pointe a scríobh agus ansin déan iad a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Is féidir focail agus frásaí a chuardach ar teanglann.ie agus focloir.ie.
  • Bí cinnte do shaothar a chur sa Phunann Teanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN DON RONG: Trí Ghaelscoil nua oscailte ar dhá thaobh na Life'

  • Therese

    Go maith – iontach