FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Scannáin Gault as Corca Dhuibhne

Féach ar an bpíosa físe seo ó TG4 agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1:

Gníomhaíocht 2:

  • Déan iarracht na focail/frásaí thuas a chur in abairt de do chuid féin.

Gníomhaíocht 3 – Ceisteanna Ginearálta:

  • Féach/Éist leis an mír físe faoi dhó agus déan iarracht na ceisteanna seo a leanas a fhreagairt.
  • Déan do fhreagraí a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Déan achoimre cúig phointe a scríobh ar an mír seo.
  • Cén fáth a luaitear 1925?
  • Cén ghairm a bhí ag Benjamin T. Gault?
  • Cén fáth a luaitear Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha agus an Chéad Chogadh Domhanda?
  • Luaigh rud amháin atá le rá ag Pat Ó Nialagáin faoi na daoine?
  • Déan dhá rud atá le rá ag Rob Byrne a aistriú go Gaeilge.
  • Cad a dhéanfar leis na scannáin anois?
  • Déan cur síos ar an méid atá le feiceáil sa phictiúr thíos.

Gníomhaíocht 4 – Líon na Bearnaí:

Nach mór an seó de scannán atá déanta aige, nach bhfuil, agus iad chomh glan. Rincí agus cleas naomhóg agus iad ag teacht ón gcnoc le móin thiar san Inis, iad sa Daingean lá aonaigh nó rud éigin.

Tá sé beartaithe na scannáin ar fad a chur ar fáil don bpobal ar shuíomh Institiúid Scannán na hÉireann. Agus maidir leis an scéal a chuala Maidhc ón athair críonna agus an phíb i mbéal an mhadra, bhuel tá sé le feiscint go soiléir ann.

Gníomhaíocht 5 – Obair duit féin

  • Dá mbeadh ort físeán a dhéanamh de do cheantar dúchais a bheadh le taispeáint i gceann caoga bliain cad a chuirfeá ann? Déan an chéad 100 focal den tráchtaireacht a scríobh.
  • Is féidir focail agus frásaí a chuardach ar teanglann.ie agus focloir.ie.
  • Breathnaigh sa Phunann Teanga le haird a thabhairt ar bhotúin a rinne tú agus saothair eile á scríobh agat.
  • Bí cinnte go gcuireann tú do shaothar sa Phunann Teanga.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN d’FHOGHLAIMEOIRÍ: Scannáin Gault as Corca Dhuibhne'