Fir na bpoc saor ina máistrí sa chraobh iomána

Ní fios cá ndéanfaidh Corn Mhic Cárthaigh a nead an fómhar seo, ach beidh baint mhór ag máistrí na bpoc saor leis an scéal

Fir na bpoc saor ina máistrí sa chraobh iomána

Joe Canning. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Níl sé rófhada ó shin ó bhímis ag déanamh iontais den iománaí a mbíodh ar a chumas an sliotar a chur thar an trasnán ó phoc seachtó slat. Bhí Blondie John Horgan Chorcaí ina mháistir ar an gcúram sin sna seachtóidí agus cé a dhéanfadh dearmad ar Sheánie McMahon an Chláir nó Pat Delaney Uíbh Fhailí agus a stíleanna deasa réchúiseacha. Nuair a bhíos féin ag fás aníos chuala caint go leor ar ghaiscí scórála leithéidí Christy Ring, Jimmy Doyle agus Nicky Rackard. Chonaic mé féin Eddie Keher, Charlie McCarthy, Éamonn Cregan agus Tony Doran agus a gcuriarrachtaí scórála.

Ach, taobh amuigh de na daoine atá luaite agam, is imreoirí comhaimseartha iad formhór na n-ainmneacha atá ar liostaí na scórálaithe is fearr dá raibh riamh ann. Dar ndóigh tá cúiseanna éagsúla leis sin. Tá níos mó cluichí craoibhe á n-imirt le cúig bliana déag nó mar sin. Tá an sliotar níos fearr. Tá na camáin níos fearr. Tá imreoirí ag caitheamh i bhfad níos mó ama ag forbairt a stíl féinig pocanna saora.

I láthair na huaire ní dhéantar iontas d’imreoir ag seoladh na liathróide thar an trasnán ó phoc saor seasca a cúig méadar amach ar an taobh thall den pháirc. N’fheadar conas a bheadh ag Blondie John ná Seánie Mac in 2018?

Bheadh an-bhrú orthu cinnte. Fiú amháin na ríthe comhaimseartha, leithéidí Henry Shefflin, Eoin Kelly, DJ Carey agus Joe Deane, an fada a d’fhanfadh siad ar an liosta? Beidh níos mó cluichí ann faoin gcóras nua, níos mó pocanna saora agus níos mó scóranna. An t-aon cheist a bheadh ann ná an fhaid a mhairfidh saol imeartha an imreora. Sa lá atá inniu ann, is beag imreoir a bhíonn fós ag imirt agus iad amach sna tríochaidí.

Idir an dá linn, in 2018, tá tionchar fhir na bpocanna saora le feiceáil go soiléir sa chraobh. Bíonn a n-ainmneacha ar bharr liostaí na scórálaithe gach maidin Luain.

Jason Forde a bhí ar bharr an liosta sin go dtí gur cuireadh Tiobraid Árann as an gcraobh. Faraor tá a chuid déanta ag Jason agus a shéasúr thart. Seacht gcúl agus 72 cúilín a d’fhág Forde ar bharr an liosta sa tsraith. Ach tá boic nua go hard sna cairteacha anois agus is iad na boic seo a bheidh ar bharr na liostaí sna cúpla bliain seo romhainn. Tá leithéidí Joe Canning, Patrick Horgan, TJ Reid agus Pauric Mahony ann le tamall de bhlianta ach tá Peter Duggan, Rory O’Connor, Aaron Gillane, Shane Dowling agus Tom Morrissey á mbrú féin isteach ina measc.

50 bliain ó shin bhí Tony Doran ag uimhir a haon le, creid nó ná creid, sé chúl agus trí chúilín. Deich mbliana ina dhiaidh sin, ba é Liam O’Brien Chill Chainnigh a bhí ar bharr an liosta le cúl amháin agus 23 cúilín.

In 2016 bhí ceithre chúl agus 46 cúilín ag Shane Dooley. Anuraidh bhí 50 cúilín ag Pauric Mahony.

Ar bharr an liosta i láthair na huaire tá TJ Reid agus dhá chúl agus 63 cúilín aige agus Peter Duggan ina dhiaidh aniar sa dara háit le dhá chúl agus 56 cúilín. Ina ndiaidh sin tá Joe Canning (1-48) agus sa séú háit tá Patrick Horgan (1-42). Dar ndóigh, tá deireadh le Reid i gcraobh na bliana seo chomh maith.

Bí cinnte de go mbeidh tionchar ollmhór ag na daoine ar cá ndéanfaidh Corn Mhic Cárthaigh a nead an fómhar seo. Ná déanaimis dearmad ach oiread ar Luimneach ná ar an ualach scórála atá déanta ag Tom Morrissey, Aaron Gillane agus Shane Dowling.

Beidh baint mhór ag máistrí na bpocanna saora le scéal na craoibhe seo, pé áit a rachaidh an corn luachmhar sin i mbliana, beidh tábhachtach.

Fág freagra ar 'Fir na bpoc saor ina máistrí sa chraobh iomána'