Dún na nGall
Deireadh seachtaine den scoth a bhí ann do Naomh Columba tar éis d’fhoirne an chumainn craobh idirmheánach na bhfear agus craobh shóisir na mban a thabhairt leo i nDún na nGall ar an Domhnach.
Tar éis dóibh cluichí ceannais a chailliúint in 2022 agus 2024, rinne fir an chumainn an t-aicsean faoi dheireadh agus an ceann is fearr faighte acu ar Mhálainn sa gcluiche mór chun áit sa gcraobh shinsir a bhaint amach den chéad uair ó 2008. Bhí fir Ghleann Cholm Cille chun cinn d’fhormhór an chluiche agus cé go ndearna Málainn iarracht ar theacht aniar sna deich nóiméad deireanach, tháinig Naomh Columba slán ar scór 3-14 in aghaidh 2-9.
Bhí gaoth láidir ann i bPáirc Uí Dhomhnaill agus bhain Naomh Columba leas aisti chun bearna ocht bpointe a chur idir na foirne. Cúl ó bhróg Phádraig Byrne a bhí sa gcéad scór acu sa séú nóiméad agus bhí cuma na maitheasa orthu luath sa dara leath nuair a chuaigh Philip Doherty ag coradh agus ag casadh trí chosaint Mhálanna chun an dara cúl a aimsiú agus Naomh Columba a chur aon phointe dhéag chun tosaigh.
D’aimsigh Málainn cúl sa 53ú nóiméad chun an bhearna a laghdú go dtí seacht bpointe agus shlánaigh an t-imreoir contae Aaron Doherty cic éirice cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chun an farasbarr mór a choinneáil. D’aimsigh Málainn cúl eile in am cúitimh ach bhí an cath caillte faoin am sin.
HIGHLIGHTS: @CLGNaomhColumba were crowned the @MMurphySports Donegal Intermediate Football champions following a 3-14 to 2-09 win over @MalainnCLG @officialdonegal pic.twitter.com/zRBtmYi2Kv
— StreamSport.ie (@StreamsportI) October 5, 2025
Ba é an dara cluiche ceannais a bhí buaite ag Naomh Columba in imeacht cúpla uair an chloig agus craobh shóisir an chontae buaite ag na mná tar éis coimhlint a bhí i bhfad níos géire. Theastaigh am breise ón bhfoireann Ghaeltachta chun an ceann is fearr a fháil ar Iorras ach rinneadar sin ar scór 3-13 in aghaidh 2-15.
Bhí Niamh Ní Bhaoill ar dhuine de laochra Naomh Columba nuair a bhuadar an chraobh shóisir ag Comórtas Peile na Gaeltachta mí an Mheithimh agus bhí sí ina gaiscíoch arís ar an Domhnach agus 2-9 aimsithe aici sa gcluiche ceannais.
Cúl dá cuid díreach roimh leath ama a d’fhág go raibh Naomh Columba chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-8 in aghaidh 1-6, agus scóráil Clár Ní Bheirn an dara cúl dóibh go luath sa dara leath chun bearna cúig phointe a chur idir na foirne.
D’éirigh le hIorras teacht ar ais ar comhscór chun an t-am breise a chinntiú agus chuadar chun cinn le cúl eile ach d’fhreagair Niamh Ní Bhaoill lena dara cúl sa chluiche. Aon phointe amháin a scóráladh sa dara leath den am breise ach ceann cinniúnach a bhí ann mar ba é an scór sin ag Ailbhe Doherty a d’fhág go mbeadh an bua ag Naomh Columba ar lá mór don chumann.
Cuireadh deireadh le ceannas an Tearmainn i gcraobh shinsir peile na mban an lá roimhe sin agus an ceann is fearr faighte ag Gleann Fhinne orthu. Bhí an Tearmann sa tóir ar a gceathrú chraobh as a chéile ach bhí an t-iar-imreoir contae Yvonne Bonner ina laoch ag Gleann Fhinne agus dhá chúl aimsithe aici chun bua 2-8 in aghaidh 0-5 a thabhairt dá foireann.
D’aimsigh Bonner 1-2 sa gcéad leath agus d’fhág dhá phointe eile ó Katy Herron go raibh Gleann Fhinne 1-4 in aghaidh 0-2 chun cinn ag an mbriseadh agus nuair a d’aimsigh Bonner a dara cúl agus 20 nóiméad fanta, bhí cuma na maitheasa ar Ghleann Fhinne. Laghdaigh an Tearmann an bhearna de bheagán san am a bhí fágtha ach ó bhí Geraldine McLaughlin ar iarraidh, bhí sé deacair acu scóranna a fháil agus níor aimsíodar ach dhá phointe ón imirt sa gcluiche ar fad.
Imreoidh Gleann Fhinne in aghaidh sheaimpíní Thír Eoghain, Aireagal Ciaráin, i mbabhtaí ceathrú ceannais Uladh faoi cheann coicíse.
Ciarraí
Beidh cath Chorca Dhuibhne ann sna babhtaí ceathrú ceannais de chraobh shinsir peile an chontae i gCiarraí agus Ciarraí Thiar agus Daingean Uí Chúis tarraingthe le chéile sa gcéad bhabhta eile.
Bhí deireadh seachtaine saor ag fir Chiarraí Thiar ach chinntigh an Daingean áit sna babhtaí ceathrú ceannais le bua cumasach i gcoinne na nGael, 2-19 in aghaidh 1-13.
Na Gaeil a dhíbir an Daingean ó bhabhtaí leathcheannais chraobh shinsir na gclubanna roinnt seachtainí ó shin ach bhí cuid de na himreoirí contae a bhí ar iarraidh ar an Daingean an lá sin, Tom O’Sullivan agus Dylan Geaney, ar ais ar an Domhnach agus bhí fir Thrá Lí d’uireasa a laoich an uair seo agus Diarmuid O’Connor gortaithe.
Ba é O’Sullivan a d’aimsigh an chéad chúl den chluiche agus beagán le cois ceathrú uaire imeartha chun an Daingean a chur 1-13 in aghaidh 0-2 chun tosaigh agus iad ag baint leas as cóir na gaoithe i Staid an Ghearaltaigh. D’aimsigh Ruairí Ó hAiniféin cúl do na Gaeil cúig nóiméad roimh leath ama ach chruthaigh Paul Geaney agus O’Sullivan deis do Ned Ryan díreach ina dhiaidh sin agus d’aimsigh an t-ógánach an dara cúl don Daingean agus farasbarr dhá phointe dhéag acu ag leath ama, 2-15 in aghaidh 1-6.
Níor chuireadar ach ceithre phointe leis an scór sin agus iad ag imirt in aghaidh na gaoithe ach ní raibh na Gaeil in ann an bhearna a laghdú a ndóthain agus beidh suim mhór sa gcluiche idir na comharsana Dé Domhnaigh seo chugainn.
Port Láirge
Beidh ar an Rinn an ceann is fearr a fháil ar An Chlais Mhór-Cionn tSáile Beag i gcluiche díbeartha más leo fanacht sa gcraobh shinsir peile i bPort Láirge tar éis d’fhir na Gaeltachta cailliúint sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais ag an deireadh seachtaine.
Bhí an Rinn dhá phointe chun tosaigh ar Bhaile na Cúirte agus cúig nóiméad fanta sa gcluiche eatarthu ar an Domhnach ach thug na fir ón taobh thoir de Dhún Garbhán an lá leo a bhuí le dhá chic saor dhá phointe ó Aaron Beresford san am a bhí fágtha.
D’fhág iarracht ó chic éirice a shábháil cúl báire na Rinne, Tomás Mac an tSaoir, nach raibh an Rinn ach cúpla pointe chun deiridh ag leath ama, 0-4 in aghaidh 0-6, agus cóir na gaoithe le bheith leo sa dara leath. Chuir scór dhá phointe ó Oisín Ó Ceallaigh na foirne ar comhscór leath bealaigh tríd an dara leath agus chuir iarracht eile ó lasmuigh den stua 40m ó Chaolán Mac Craith an Rinn chun tosaigh agus deich nóiméad fágtha. D’fhág scór eile ag an gCeallach gur farasbarr 0-12 in aghaidh 0-10 a bhí ag an Rinn agus cúig nóiméad fágtha ach ba é Beresford an laoch do Bhaile na Cúirte agus an Rinn fós ag fanacht ar a gcéad bhua sa gcraobh peile i mbliana.
Corcaigh
Beidh mná Naomh Abán ag imirt sa gcraobh shinsir peile i gCorcaigh an bhliain seo chugainn tar éis dóibh an bua a fháil ar Mhainistir na Corann sa gcluiche ceannais idirmheánach Dé Sathairn, 2-11 in aghaidh 1-6. Ba í seo an tríú hiarracht ag Naomh Abán ar an gcorn agus cluichí ceannais caillte acu le dhá bhliain anuas ach bhí mná Mhúscraí rómhaith dá gcéilí comhraic sa gceann seo agus cuma na maitheasa orthu ón tús.
Cé go raibh Naomh Abán ag imirt i gcoinne na gaoithe sa gcéad leath, chuireadar tús iontach leis an gcluiche agus cúl aimsithe ag Lydia Ní Dhonnacha is gan ach dhá nóiméad imeartha. Bhí ceannas iomlán acu ar chúrsaí nuair a d’aimsigh Grace Ní Mhurchú cúl eile théis 20 nóiméad.
D’éirigh le Mainistir na Corann an bhearna a laghdú go dtí cúig phointe faoi leath ama, 0-5 in aghaidh 2-4, ach d’fhág trí phointe as a chéile ag Lydia Ní Dhonncha, a d’aimsigh 1-9 ar fad sa gcluiche ceannais, nach raibh Naomh Abán in aon bhaol. D’aimsigh Mainistir na Corann cúl agus ceathrú uaire fágtha chun iad a spreagadh ach ar ais arís le Ní Dhonncha agus na trí scór deireanach den chluiche aimsithe aici chun bua ocht bpointe a thabhairt do Naomh Abán.
Fág freagra ar 'Fir agus mná Naomh Columba ag ceiliúradh, Naomh Abán ag déanamh ar an ngrád sinsear, cath Chorca Dhuibhne romhainn'