Fíorbheagán d’fhilí na Gaeilge a ghabhann i ngleic leis an saol máguaird, ní mar sin do Ghabriel Rosenstock

Cuireadh amach le déanaí dhá leabhar le Gabriel Rosenstock Headlines (cnuasach dhátheangach filíochta) agus 'Domhan Úrnua', sleachta as ainrialaithe aistrithe go Gaeilge

Fíorbheagán d’fhilí na Gaeilge a ghabhann i ngleic leis an saol máguaird, ní mar sin do Ghabriel Rosenstock

Fíorbheagán d’fhilí na Gaeilge a ghabhann i ngleic leis an saol máguaird, leis an domhan mar a ritheann.  Ba dhóigh leat orthu go minic gurb é an saol beag suarach inmheánach, an gortú pearsanta, an radharc álainn ar íor na spéire, an duine a thit amach as grá liom, an epifiné soicindsoilseach an t-aon rud amháin a mheánn. Ní mar sin do Ghabriel Rosenstock, a bhfuil gach rud faoin spéir bhraonach triailte aige.

Comhartha amháin den fhile ceart is ea gur féidir leis nó léi scríobh mar gheall ar rud ar bith, go fiú ar ordú. Tá leabhar breá ag Paul Durcan ar na pictiúir atá i nDánlann náisiúnta Crazy About Women (1991) agus cé nach seoda gach ceann díobh, is filíocht a bhformhór.

Ach cé a chuimhneodh ar leabhar filíochta a dhéanamh as ceannlitreacha nuachtáin, óir de ghnáth is iad is neamhfhileata den domhan? Chuimhneodh Gabriel Rosenstock!

Óir is é atá sa leabhar seo Headlines: bilingual poems inspired by fragments of headlines featured in The New York Times (Revival Press €15.00) ná a bhfuil, mar a deir siad, ar an teideal.

Ós rud é gur foilsíodh i mbliana é is dánta cothrom le dáta iad a phléann ábhair iomaí an tsaoil, cé gur cás leis, ar chúis éigin an Sicín bocht Alfredo a chuireann a gob aníos níos mó ná uair amháin sa chnuasach. Don té a bhfuil an intinn sin aige, ní foláir nó gur samhail í dá lán a bhfuil bunoscionn leis an saol.

An sicín bocht sin, fiafraítear, nuair a thosaigh sé ag rith thart 6,000 bliain roimh Chríost sa tSín ‘Ar shamhlaigh sé riamh gurbh é a bhí i ndán dó/ Ná bheith ina shicín milis spíosrach/In oideas sa New York Times?’

Ní léir cén fáth a spreagfadh ceannlíne amháin seachas a chéile chun filíochta é, ach tá an patrún soiléir: daonnacht agus neamhchoitiantacht, arb ionann iad, b’fhéidir. Aoir, i bhfoirm, is ea ‘Slí Níos Cliste Chun do Chuid Plandaí a Uisciú’ ar an gcomhairle gan stad a chuirtear orainn ar na meáin uile go léir an bealach ceart le seo nó le siúd a dhéanamh, bíodh sé ‘Slí níos cliste chun éirí as an leaba/ Slí níos cliste chun do mhún a dhéanamh’ nó go deimhin ‘Slí níos cliste le Sicín Alfredo a ithe.’

Agus ar an gcuma sin, is gá an reitric a scaoileadh, an carnadh d’fhonn buille a chur abhaile. Conas eile a scríobhfaí dán ‘Tony Blair – He’s Back!/ Tony Blair ar ais’, gan na taibhsí eile a chaitheann a ndrochscáil ar an saol a lua: ‘An Súmaire ar ais/ An Jeidí ar ais/ An Dragan ar ais/Fear na gCrúb ar ais/Na Mairbh Bheo ar ais/ An rud as an gCorcach ar ais’ agus is ea, tá sé agat ‘Tony Blair ar ais!’

An bua is mó atá ag na dánta seo, seachas iad a bheith áititheach agus beacht inléite, ná nach gá dul níos sia leo. Bíonn an ghoimh dulta sa bheo ar an gcéad phéac.

Deir sé go bhfuil a inchinn ‘friuchta ag cinnlínte’ arb é a thuigim uaidh ná nach bhfuil iontu ach cinnlínte, gurb iad a stiúrann an saol, gurb uathu a fhaightear pé rud is gaois ár linne ann. Ar ór ná ar airgead ná ar na diabhail go léir atá i bPoll Tí Liabáin, ná gabhtar laistiar de na cinnlínte sin. Dá raghfá, ba scanrúla fós an fhírinne a dteangmhófá léi.

Is den insint an tsoiniciúlacht chomh maith céanna. Tá duaiseanna Pulitzer ann agus ardcháil orthu, ach ‘An gcreidfeá é – máistir ar nuacht bhréige/agus ar an iriseoireacht lathaí/ab ea Joseph Pulitzer féin.’ Samhlaigh é sin! Agus cad déarfá leis an dán a bhfuil ‘An Chuma atá ar Mhúineadh na Staire in Texas air,’ agus gan ann ach leathanaigh bhána?

Ar eagla nár leor sin mar áiteamh poiblí agus ar eagla gur shíl tú nár fhoilsigh sé ach an t-aon leabhar amháin an tseachtain cheana, tá chugainn, leis, Domhan Úrnua a bhfuil an fotheideal ‘Díolaim idirnáisiúnta de scríbhneoirí agus ráitis ó luath-ainrialaithe nótáilte.’

Agus is ea, deir sé sa teideal mar atá i gcorp an leabhair, sleachta gonta agus ailt áititheacha ó mhachnóirí sóisialta agus polaitiúla a bhfuil an cnuasainm ‘ainrialaithe’ orthu de ghnáth. Glacaim leis gurb é féin a d’fhoilsigh, óir, níl aon chomhlacht luaite leis agus gan aon phraghas luaite ach an oiread, toisc an chomhairle atá ann a bheith thar luach, is dócha.

San 19ú is mó a tháinig an t-ainrialachas clasaiceach chun tosaigh, bíodh go raibh an bunsmaoineamh riamh ann agus tá i gcónaí. Is maith maol lom a thosnaíonn Gabriel ag easaontú leis an sainmhíniú a thuigtear de ghnáth leis an bhfocal, agus go háirithe an sainmhíniú a thugtar in An Foclóir Beag (1991) de chuid an Ghúim.

Ina dhiaidh sin bronnann orainn seoda de chuid na smaointeoirí a luaitear an t-ainrialachas leo ag tosnú le Edward Abbey agus le David Andrade agus ag gabháil ar aghaidh ar feadh céad éigin díobh go dtí Robert Anton Wilson.

Ina measc tá gaois ó dhaoine nach gcuirfeadh puinn iontais orainn, Tolstoy, Gandhi, Proudhon, Kropotkin, Lorca, Goldmann, Borges agus Mother Jones í féin, ach osclóidh sé meabhair daoine eile Charlie Chaplin, Helen Keller, Tolkien, Naomh Eoin Chrysostom agus Dorothy Day (ach ní Doris Day!) a fheiscint ar a bhfud.

Bhí díomá áirithe orm féin nach bhfuaireas Thomas Masaryk ná Herbert Read ná Gerald Brenan ná Philip Selznick ina measc, ach níl ann ach go luaim iad le taispeáint go mustarach postúil go bhfuil eolas agam ar ainrialaithe eile nach eol do Ghabriel a bhfuil staidéar saoil déanta aige air seo, agus níos mó eolais aige ná mar a bheadh ag mo leithéidse a choíche ná go deo!

Is é is cóir iad seo a léamh go mall is go mion. Argóint a dhéanamh leo, easaontú leo, do chuid fiacla a chur iontu, iad a mheas, iad a chaitheamh uait, filleadh orthu, na cinn is ansa leat a chlasú led chroí, agus cinn eile a chaitheamh sa chiseán bruscair.

Is maith liom féin Emma Goldmann: ‘Iarr obair orthu. Mura dtugann siad obair duit, iarr arán orthu. Mura dtugann siad obair ná arán duit, ansin tóg an t-arán uathu.’ Ach n’fheadar faoi Jorge Luis Borges a dúirt: ‘Creidim nach fada uainn an lá a mbeimid saor ó rialtas.’ Thuigfí dó mar bhí sé dall cuid mhaith dá shaol, ach níl aon chuma air go bhfíorófar a aisling, ach a mhalairt go glan.

Ina dhiaidh sin is uile tá aiste fhada aige féin ar smaointe an ainrialaí chruthanta Wolfi Landstreicher ar léir gur tháinig sé faoina anáil go trom.

Nach iontach go bhfuil file agus machnóir againn a chuireann ábhar os ár gcomhair a mbeimis dall air á cheal?

Fág freagra ar 'Fíorbheagán d’fhilí na Gaeilge a ghabhann i ngleic leis an saol máguaird, ní mar sin do Ghabriel Rosenstock'

  • Colmcille Ó Monacháin

    Cá bhfuil fáil ar an leabhar ‘Domhan Úrnua’?

  • Gabriel Rosenstock

    Níl an leabhar os mo chomhair anois (tá sé thar a bheith deacair teacht air!) ach mheasas go raibh Sir Herbert Read, ainrialaí agus criticeoir ealaíne, ina measc. Táim á léamh ó bhíos im’ dhéagóir. Tá profa na díolama Domhan Úrnua os mo chomhair ceart go leor, agus is é a deir Read ann, agus tagaim leis go hiomlán:
    “Chun cruthú a dhéanamh, is den riachtanas é scrios a dhéanamh chomh maith; is é an file an gníomhaire scriosta sa tsochaí. Is gá go mbeadh an file ina Ainrialaí . . .’
    Na rudaí nár fhoghlaimíomar ar scoil!

  • JP

    Gabriel
    Rosenstock mar uachtarán ar Éirinn?