D’fhéadfadh Fine Gael a bheith fágtha gan aon suíochán Dála i nDún na nGall den chéad uair le 100 bliain, de réir pobalbhreith TG4/Ipsos B&A, a foilsíodh tráthnóna.
De réir na pobalbhreithe bheadh beagnach dhá chuóta ag Sinn Féin, rud a d’fhágfadh gur dócha go mbeadh dhá shuíochán ag an bpáirtí arís, ceann ag Pearse Doherty, atá ar 22%, agus ceann ag Pádraig Mac Lochlainn, atá ar 11%.
Mar sin féin, tá laghdú suntasach ar vóta Shinn Féin ó 2020, nuair a fuair Doherty agus Mac Lochlainn 45% eatarthu.
Sa dara háit, i ndiaidh Pearse Doherty, tá Pat the Cope Gallagher, an t-iar-aire Gaeltachta de chuid Fhianna Fáil a chaill a shuíochán in 2020.
Bheadh teacht aniar iontach déanta ag an seanfhondúir dá n-éireodh leis an vóta sin a fháil ag deireadh na míosa.
San sála ar Gallagher, tá a chomhghleacaí Charlie McConalogue, atá ar 12%, rud a fhágann an-seans ag Fianna Fáil ar dhá shuíochán a fháil.
In éineacht le Mac Lochlainn Shinn Féin ar 11%, tá an t-iarrthóir neamhspleách Thomas Pringle, a bhfuil seans mór aige a shuíochán a choimeád.
6% an duine atá ag beirt iarrthóirí Fhine Gael, John McNulty agus Nikki Bradley agus an chuma air gur le dua a choimeádfaidh an páirtí an suíochán a bhí ag Joe McHugh, an t-iar-aire Gaeltachta atá éirithe as an Dáil.
1923 an uair dheireanach nach raibh aon suíochán Dála i nDún na nGall ag Fine Gael (nó Cumann na nGaedheal mar a bhí orthu roimhe sin).
Ar 6% freisin atá Charles Ward ón 100% Redress Party, atá ag troid chás na ndaoine atá thíos le conspóid na mbrící míoca.
De réir na pobalbhreithe, 2% atá ag Noel Jordan Shinn Féin, Niall McConnell, neamhspleách, agus ag Nuala Carr an Chomhaontais Ghlais.
Fág freagra ar 'Fine Gael i mbaol a bheith fágtha gan aon suíochán i nDún na nGall den chéad uair le 100 bliain – pobalbhreith TG4'