Feoil na cumadóireachta á cur ar chnámha na staire ag ‘The Crown’ i gcónaí

De réir mar a bhogann an scéal níos cóngaraí go dtí an lá atá inniu ann táthar ag éirí níos míshuaimhní faoin doiléireacht

Feoil na cumadóireachta á cur ar chnámha na staire ag ‘The Crown’ i gcónaí

Ón tús d’fhág The Crown (Netflix) an difear idir fírinne agus ficsean an-doiléir. Comhráití agus caidrimh phríobháideacha á gcniotáil le fíricí na staire. Feoil na cumadóireachta á cur ar chnámha na staire. D’oibrigh sé go seoigh. B’fhéidir gur cuma leis an lucht féachana, nó b’fhéidir ná tuigeann siad nó b’fhéidir go gcuireann siad an dallamullóg orthu féin. Pé acu scéal é, tá tóir thar na bearta ar an saothar ó 2016 i leith. De réir mar atá an scéal ag bogadh níos cóngaraí go dtí an lá atá inniu ann tá daoine áirithe, go mórmhór lucht leanta an teaghlaigh ríoga, ag éirí níos míshuaimhní faoin doiléireacht agus an chumadóireacht seo. Tá Netflix ag diúltú i rith an ama séanadh a chur ag tosach an chláir. Maireann an doiléire i gcónaí ach nuair a d’imigh an bhanríon ar shlí na fírinne agus an séasúr deiridh á scannánú bhí ar Peter Morgan siúl ar an tanaí níos mó ná riamh.

Faoi mar a dúirt, tá sciar suntasach den phobal gur cuma leo sa sioc faoin gcúram. Seo drámaíocht ar an gcaighdeán is airde. Aisteoireacht den scoth, scríbhneoireacht chumasach, léiriú snoite, láithreacha cuidsúlacha, carachtair chigilteacha, mealltacha. An t-iomlán léir.

I 1997 atáimid i dtosach shéasúr a sé, an bhliain gur maraíodh Diana i dtimpiste chairr i bPáras. Ní nach ionadh mar sin is ise atá i lár an aonaigh. Ag an tosach ar fad táimid i bPáras oíche na timpiste. Taispeántar an Mercedes ag gabháil thar bráid ar luas lasrach leis an paparazzi sa tóir air. Cloistear an timpiste ach ní thaispeántar aon ní. Ansin déantar sin a theilgean siar ocht seachtaine. Tá Charles agus Diana scartha le cúig bliana agus táid colscartha le bliain. Camilla mar pháirtí ag an bprionsa agus é sona sásta. Diana ag obair go crua don fheachtas i gcoinne na mianach talún. Rianaítear tosach an ghaoil le Dodi. Persona non grata teideal an chéad ghála, tagairt dá ról mar dhuine a bhí istigh agus amuigh as an teaghlach ríoga.

Ceann de na rudaí a rith liom ná cé go ndéanann an saothar seo bá a chothú ionainn do na carachtair, léirítear an mhífheidhmiúlacht agus an righne go soiléir. I radharc amháin agus an Charles (Dominic West) ag iarraidh rud éigin a phlé leis an mbanríon (Imelda Staunton) is mó suim a léiríonn sí ina gadhar. Is mó ceana a léiríonn sí don ghadhar chomh maith. Ní deas an léiriú a dhéantar ar

Mohamed Al-Fayed ach an oiread, é tíoránach, fuarchroíoch, sotalach. É ag déanamh beag is fiú dá mhac Dodi, fear atá faoi bhos cait ag a athair.

Léirítear an tóraíocht agus an ghéarleanúint a bhí an paparazzi ag déanamh ar Diana ag an am. Na meáin ar mire ag a cáil dhomhanda. The Sunday Mirror ag díol £250,000 ar phictiúr di féin agus Dodi. Tá teannas agus múchadh ag baint leis an radharc i bPáras mar a bhfuiltear de shíor sa tóir orthu.

Doiléireacht agus cumadóireacht againn i gcónaí ach is cinnte go ndéanfaidh an lucht féachana an saothar cumasach seo a alpadh le fonn.

Fág freagra ar 'Feoil na cumadóireachta á cur ar chnámha na staire ag ‘The Crown’ i gcónaí'