Féasta iomána ar fud na tíre agus cath na réalta i Luimneach

Má bhí easpa ábhar cainte ag lucht na hiománaíochta le tamall ní hamhlaidh an deireadh seachtaine seo agus cluichí móra ar siúl i Luimneach, Tiobraid Árann, an Ghaillimh agus Cill Chainnigh

Féasta iomána ar fud na tíre agus cath na réalta i Luimneach

Bhí roinnt seachtainí ann i ndiaidh chluiche ceannais sinsir na hÉireann nuair nach raibh mórán cluichí iomána ar siúl agus bhí easpa ábhair ar an té a scríobhann faoi na cúrsaí sin. An deireadh seachtaine seo is a mhalairt de scéal atá againn agus an iomad ábhar ag an duine céanna.

Tá athimirt Thiobraid Árann ar siúl agus Sáirséalaigh Dhurlas Éile ag tabhairt faoi Choill an Daingin amárach.

Sa Ghaillimh beidh Naomh Tomás, atá ar thóir a séú craobh as a chéile a thabhairt leo ag imirt i gcoinne an Turlaigh Mhóir. Rinne Turlach Mór an beart céanna idir 1961 agus 1966. Bhíodar seo sa ghrúpa céanna i mbliana agus d’imríodar a chéile i mbabhta 3, cluiche a bhuaigh Naomh Tomás éasca go leor. Is iad na seaimpíní atá ina rogha arís amárach. Déarfainn go mbeidh sé deacair iad a stopadh.

Tá an cluiche ceannais ar siúl freisin i mBaile Átha Cliath mar a bhfuil Na Fianna agus Baile Bhuadain i gcoinne a chéile. Chaill Na Fianna an dá chraobh dheireanach ach is iadsan an rogha amárach.

Tá cluiche ceannais á imirt i Luimneach um thráthnóna agus an dá chlub is fearr sa chontae agus is fearr sa tír le tamall de bhlianta ag dul chun páirce i bPáirc na nGael. Sea beidh na Piarsaigh agus Tobar Phádraig ag rith amach ar an fhód ársa sin inniu.

Agus cad é mar choimhlint a bhí againn nuair a bhuail na Piarsaigh foireann Dhún Bleisce sa chluiche leathcheannais. Bhí trua agam don Dún mar cheapas go raibh a ndóthain déanta acu sa chluiche le buachaint ach ar deireadh thiar, a bhuíochas d’am breise agus pionóis ba iad na seaimpíní a thug leo abhaile an chreach agus a n-áit sa chluiche ceannais. Bhí áthas orm an tosaí thar a bheith ábalta sin Shane Dowling a fheiceáil ar ais ar pháirc na himeartha agus saoire shabóideach trí bliana curtha de aige de bharr drochghortú glúine.

Ach i mbliana is idir na postaí atá Shane agus ní hamháin go bhfuil sé ag stopadh na liathróide ach tá sé ag tógaint na bpocanna éirice freisin. Thóg sé ceann sa ghnáth-am, nár scóráil sé, ach bháigh sé a iarracht san eangach sna pocanna éirice ag an deireadh. Dar ndóigh tá réalta ar fud na páirce ag na Piarsaigh, Mike Casey ag uimhir a trí, Kevin Downes ag a 6, Conor Boylan agus Peter Casey i measc na dtosaithe. Agus cá bhfágfainn William O’Donoghue, a bhí gortaithe an lá faoi dheireadh, agus Cathal King, Ronan Lynch, Adrian Breen agus David Dempsey a bhí ar phainéal Luimnigh tamall de bhlianta ó shin.

Ach ós ag caint ar réalta é, an bhfuil aon chlub sa tír i láthair na huaire a bhfuil leithéidí Cian Lynch, Diarmaid Byrnes agus Aaron Gillane acu? Tá beirt acu ainmnithe mar iománaí na bliana cheana, fear eile, Cian Lynch, a bhfuil an gradam sin buaite aige faoi dhó agus beirt acu ar an ngearrliosta i mbliana agus de réir na saineolaithe, Aaron Gillane ar bharr an liosta sin agus é ar a sheanléim fós lena chlub.

Sea tá an t-ádh le Tobar Phádraig go bhfuil an triúr san leo agus iad mar chnámh droma na foirne le tamall de bhlianta. Táim ag súil leis na cathanna pearsanta a bheidh idir William O’Donoghue (má bhíonn sé ag imirt) agus Cian Lynch, agus an iomaíocht idir Aaron Gillane agus Peter Casey. Táim ag súil freisin le hardchluiche. Beidh sé á thaispeáint ag TG4.

Beidh roinnt réaltaí eile ag dul chun páirce amárach agus craobh Cill Chainnigh ar siúl. Tá mórán scríte agam faoi Sheamróga Bhaile Héil ó thosnaigh mé ag scríobh do Tuairisc agus an t-uafás buaite ag an gclub le roinnt blianta. Coicís ó shin scríobhas go rabhas féin ag imirt i gcluiche ceannais Chorcaí nuair a bhuaigh Mainistir na Corann orainn, bua a chuir tús le ré órga don chlub sin. Bhuel bhí sé de mhí-ádh orm a bheith ag imirt i gcluiche ceannais club na hÉireann ag tosach na n-ochtóidí, mar ar thuill an bua a gcéad chraobh do Bhaile Héil. Ó shin i leith tá gaisce i ndiaidh gaisce déanta acu agus curiarracht i ndiaidh curiarrachta bainte amach acu.

Gaeil Uí Lochlainn a sheasann anois idir iad féin agus an chéad ghaisce eile.

Fág freagra ar 'Féasta iomána ar fud na tíre agus cath na réalta i Luimneach'