Tamall gairid sular cailleadh é i 1997 thoiligh an Dr Noël Browne go gcuirfí agallamh fada air do shaothar a bhí beartaithe ag an léiritheoir James Black. Agus é buailte faoi ina thigh ceann tuí ar an gCloich Mhóir i nGaeltacht Chonamara do labhair sé go hionraic faoina shaol agus a shaothar. Ar an drochuair ní fhacthas an t-agallamh sin riamh. Ní hamháin go ndeachaigh an Brúnach ar shlí na fírinne ach buaileadh Black go dona tinn agus b’éigean dó a shaothar a chaitheamh i dtraipisí.
Cúig bliana ar fhichid ina dhiaidh sin bhronn baintreach Black, Nula Suchet, na píosaí scannánaíochta ar Alan Gilsenan le scannán faisnéise a dhéanamh le tacaíocht iníonacha Browne, Ruth agus Susan.
Saothar pearsanta, machnamhach é The Seven Ages of Noël Browne (RTÉ, Dé Máirt) a thug éachtaint ar dhuine ar leith agus polaiteoir conspóideach, ceannródaíoch. Deineadh paistí cainte leis na hiníonacha a shníomh leis na píosaí scannánaíochta agus ábhar cartlainne eile, clár faisnéise faoi a dhein RTÉ leis i 1968 san áireamh. Lena chois sin léigh a iníonacha sleachta as a shaothar dírbheathaisnéiseach Against the Tide.
Ritheann mórán téamaí tríd an saothar seo atá breis agus uair an chloig go leith ar fhad. An chéad cheann acu sin ná an lorg a d’fhág bochtanas, cruatan agus briseadh croí a óige air. Do sciob an eitinn léi a athair agus a mháthair sara raibh na ceithre bliana déag sáraithe aige. Cailleadh a dheirfiúr Eileen leis an ngalar blianta beaga ina dhiaidh sin. Ba iad na tragóidí seo a spreag é dul ar a oilithreacht cheanndána i gcoinne an bhochtanais.
Ba í Eileen an té ba shine sa chlann agus ba í a chabhraigh leis an teaghlach bogadh go Sasana nuair a cailleadh an t-athair. Murach an cinneadh sin ba i scoil saothair a bheadh na leanaí óir gur cailleadh an mháthair tamall beag ina dhiaidh sin. Ba iad teagmhálacha Eileen, an chinniúint agus sciorta den ádh a sheol Browne ar bhóthar an léinn agus an leighis.
Cháiligh sé mar dhochtúir i gColáiste na Tríonóide agus toghadh chun na Dála é i 1948. Tá sé ar dhuine den fhíorbheagán Teachtaí a roghnaíodh mar aire rialtais ar a gcéad lá sa Dáil. Meabhraíodh dúinn go ndein sé gaisce mar Aire Sláinte sa chomhrac i gcoinne na heitinne, galar a dhein slad ar an bpobal an uair úd.
Ansin tháinig an Scéim Máithreacha agus Leanaí, reachtaíocht a thabharfadh cúram leighis saor in aisce do mháithreacha agus leanaí. Ní bheadh aon rud róchonspóideach ansin do mheon aigne an lae inniu ach nuair a chuir na dochtúirí agus an Eaglais Chaitliceach i gcoinne na scéime bhí port na scéime agus Browne seinnte. Léirigh an t-ábhar cartlainne le John A. Costello agus Seán McBride an smacht a bhí ag an Eaglais ar shochaí na linne.
Bhí Browne ceannródaíoch agus chun tosaigh ar lucht a linne. Dá mbeadh sé níos glice agus níos mó taithí aige ar chúrsaí polaitíochta, an mbeadh cor eile sa scéal? Easnamh sa chlár, más easnamh é, i saothar den saghas seo, nach raibh staraithe againn le súil oibiachtúil, thomhaiste a chaitheamh ar eachtraí na tréimhse.
Bhí iarmhairtí fadtréimhseacha ag baint leis an scannal seo do Browne féin agus dá chlann; dúirt sé go raibh sé an-deacair dóibh scoil a fháil don bheirt chailíní. An t-amhras agus doras an doichill a bhí rompu i measc na bunaíochta agus cuid den phobal.
Fuaireadar tearmann i gConamara, áfach agus ba léir go raibh an-nasc acu leis an gceantar. Labhair Browne féin faoin bhfonn a bhí air an Ghaeilge a fhoghlaim, theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint faoi seo agus an nasc a bhí acu leis an gceantar, ach ba léargas pearsanta maith ar dhuine ar leith a bhí againn anseo.
Pádraig Ó Loirgneáin
Is mór an trua nach mhair sé chun toghchán uachtarántacht a bhuachaint. Níl a leithéid ann anois mar gheall ar scoil Terri Prone. Fear uasal iontach a bhí ann.
Tiarnan de Fréine
Laoch i measc na nGael. Is fiú go mór a bheathfhaisnéis, “Against the Tide” a léamh!