Feachtasaíocht ag treisiú ó thuaidh d’olltoghchán cinniúnach na míosa seo chugainn

Féachann ár gcolúnaí ar an dian-iomaíocht a bheas sna toghcheantair éagsúla agus lá na vótála ag teannadh linn

Feachtasaíocht ag treisiú ó thuaidh d’olltoghchán cinniúnach na míosa seo chugainn

Arlene Foster agus Michelle O'Neill. Pictiúr: Rollingnews.ie

102 iarrthóir atá sa tóir ar 18 suíochán Thuaisceart Éireann in Westminster in olltoghchán na Breataine.

Cheana féin tá an fheachtasaíocht ag géarú, an DUP agus Sinn Féin ag ionsaí a chéile mar is gnáth ach iad araon ar a gcosaint freisin. Tá iompar an dá mhórpháirtí sin le dhá bhliain go leith á cheistiú go dian ag na páirtithe eile atá ag súil go gcuirfidh conspóid an Bhreatimeachta cor nua ina gcinniúint.

Is é seo an tríú toghchán abhus i mbliana. Thit líon na gcomhairleoirí a toghadh don DUP sna toghcháin áitiúla agus choinnigh an páirtí sin a suíochán i bParlaimint na hEorpa ach bhí laghdú ar an vóta. Choinnigh Sinn Féin a suíochán Eorpach freisin ach bhí siad ar dhíth córa sna toghcháin áitiúla abhus sa mhullach ar an tsraith de thubaistí toghcháin a bhí acu ó dheas agus an páirtí faoi cheannas Mary Lou McDonald.

Dúshlán tábhachtach do cheannairí an dá pháirtí sin, Arlene Foster agus Mary Lou McDonald, is ea an vótáil ar an 12 Nollaig. Séanann baill dhílse sa dá pháirtí go mbeadh a gceannairí faoi bhrú dá mbeadh drochthoghchán acu an mhí seo chugainn ach ní hé sin an port atá ag gach éinne.

An leanfaidh an lucht vótála patrún ‘na treibhe’ arís nó an mbeidh tairiscint eile uathu in éagmais Stormont agus i bhfianaise iompar an DUP a raibh 10 suíochán acu, agus Sinn Féin, a raibh seacht gcinn acu sa Pharlaimint ó 2017. B’in í an tréimhse ab íogaire i dtaca leis an mBreatimeacht.

Nath garbh brúidiúil é ‘an té a choinníonn an chnámh ina láimh, leanfaidh an madra é’ ach bíonn sé i gcroí na feachtasaíochta polaitíochta. An leor ‘seasaimid leis an aontas’ agus ‘éilímid reifreann faoin teorainn’ mar chnámh? I bhfianaise straitéis Shinn Féin gan freastal ar Westminster agus ó thréig Boris Johnston an DUP d’ainneoin a dtacaíocht don Bhreatimeacht, an seasfaidh vótóirí leo? Nó an bhfuil seans nua ag páirtithe an láir mar a thugtar anois ar an SDLP, UUP agus Alliance dul chun cinn a dhéanamh?

Toghchán cinniúnach do cheannairí na bpáirtithe sin chomh maith é. Maítear gurb é seo an seans is fearr ag an SDLP chun stop a chur leis an meath agus tús a chur le hathfhás.

Ní bheidh ach mí caite ag Steve Aiken mar cheannaire ar an UUP nuair a rachaidh daoine amach ag vótáil. Bhí tús sách ciotach lena cheannaireacht agus n’fheadar an mbeidh sé in ann a pháirtí a tharrtháil. Agus an raibh an ceart ag Naomi Long go bhfuil borradh chomh maith sin faoi pháirtí an Alliance gur fhéad sí a bheith tarcaisneach faoi na páirtithe fhrithBhreatimeachta eile? I ndeireadh an lae, is iad lucht vótála na bpáirtithe sin a thugann vótaí aistrithe d’Alliance de ghnáth.

Tá ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, ag iarraidh daingean an pháirtí, An Feabhal, a bhaint ar ais ó Elisha McCallion, Sinn Féin, a ghnóthaigh an suíochán le móramh 169 vóta ar Mark Durkan in 2017. Tá ardfheis Shinn Féin i nDoire an deireadh seachtaine seo mar thaca le feachtas McCallion.

Má bhíonn an bua ag Eastwood aireofar go bhfuil ag éirí leis an SDLP a athbheochan. Is í Claire Hanna, SDLP, rogha na coitiantachta chun Béal Feirste Theas a bhaint de Emma Little Pengelly, DUP. Thit Hanna amach leis an bpáirtí faoin gcaidreamh le Fianna Fáil ach níl aon chaint air sin anois.

Tá Steve Aiken ag seasamh in Aontroim Thoir in aghaidh Sammy Wilson, urlabhraí Breatimeachta an DUP atá i measc na ndaoine a bhfuil imeacht ‘crua’ ón Aontas Eorpach uathu. Fuair Wilson 57% den vóta an uair dheiridh. Áirítear go bhfuil seans ag an UUP i ndeisceart Aontroma agus tá iarcheannaire an UUP, Tom Elliott, san iomaíocht arís don pháirtí i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas, toghcheantar a bhíonn imeallach i gcónaí. Tá an DUP ag tacú le Elliott ansin in aghaidh Michelle Gildernew, Sinn Féin, a bhain an suíochán le móramh 875 ar Elliott in 2017. Fuair seisean an ceann is fearr uirthi le 530 vóta in 2015. An suíochán sin agus suíochán an Fheabhail an dá shuíochán de chuid Shinn Féin a meastar a bheith idir dhá cheann na meá.

Tá Naomi Long, ceannaire an Alliance atá ina feisire Eorpach, in iomaíocht in oirthear Bhéal Feirste áit a raibh móramh 8,000 ag Gavin Robinson ón DUP uirthi in 2017. Chaithfeadh an borradh a bheith ina rabharta chun rath a bheith uirthi ach deir páirtí an Alliance go léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil seans maith acu.

Cé is moite de David Simpson, nach bhfuil san iomaíocht sa Bhanna Uachtair, tá feisirí an DUP ar fad ag cosaint a gcuid suíochán. Meastar go dtiocfaidh Carla Lockhart i gcomharbacht ar a comhghleacaí Simpson sa Bhanna Uachtair agus seans ag an bpáirtí sin freisin sa Dún Thuaidh, áit ar éirigh an Bhantiarna Sylvia Hermon as a suíochán. Chomh maith leis an iomaíocht ghéar do shuíochán Emma Little-Pengelly i mBéal Feirste Theas tá aird gach éinne ar Bhéal Feirste Thuaidh, áit a bhfuil Nigel Dodds ar a bhionda ag cosaint 2000 vóta de mhóramh ar John Finucane, Sinn Féin. Nuala McAllister, ó pháirtí an Alliance, an tríú hiarrthóir sa toghcheantar sin.

Baineadh geit as daoine nuair nach ndearna an DUP tagairt ar bith don Bhreatimeacht ina bhfíseán bolscaireachta teilifíse ach ó d’fhág Johnson san fhaopach iad seans nach iontas é. Tá gach páirtí eile ag díriú go sonrach ar an mBreatimeacht agus bheadh sé dochreidte, fiú i gcomhthéacs na bpatrún vótála i dTuaisceart Éireann, mura mbeadh tionchar mór aige ar an toghchán.

Fág freagra ar 'Feachtasaíocht ag treisiú ó thuaidh d’olltoghchán cinniúnach na míosa seo chugainn'