Feachtas bailithe airgid tosaithe ag amharclann Ghaeltachta chun tionchar na paindéime a mhaolú

Tá drámaí agus imeachtaí eile curtha amach ar na meáin shóisialta ag lucht na hamharclainne ach deir siad go bhfuil maoiniú ag teastáil más leo tuilleadh taispeántas a chur ar fáil

Feachtas bailithe airgid tosaithe ag amharclann Ghaeltachta chun tionchar na paindéime a mhaolú

Tá feachtas tiomsaithe airgid ar bun ag amharclann Ghaeltachta agus í ag iarraidh dul i ngleic leis an tionchar a bhí ag an Covid-19 ar na healaíona.

Tá an feachtas tosaithe ag Amharclann Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill agus iad ag iarraidh leanúint orthu ag cur ócáidí ar siúl cé go bhfuil doirse na hamharclainne dúnta de bharr na paindéime.

Tá drámaí agus imeachtaí eile curtha amach ar na meáin shóisialta ag lucht na hamharclainne ach deir siad go bhfuil maoiniú ag teastáil más leo tuilleadh taispeántas a chur ar fáil.

Duine d’iontaobhaithe Amharclann Ghaoth Dobhair, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, a thosaigh an feachtas GoFundMe agus é mar sprioc €5,000 a bhailiú.

Deir sé go mbíonn an amharclann ag brath go mór ar an teacht isteach ó dhíol ticéad ach go bhfuil an amharclann dúnta ó mhí an Mhárta de bharr an Covid-19.

Deir Mac Giolla Bhríghde go bhfuil costas leictreachais, árachais agus chothabhála fós le híoc le linn na paindéime, go háirithe agus iad fós ag iarraidh imeachtaí a chur ar fáil ar na meáin shóisialta.

Osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair ar dtús i 1961 ach rinneadh athchóiriú ar an amharclann le blianta beaga anuas agus osclaíodh don phobal arís í in 2017.

Tá spás do 300 duine san amharclann féin de ghnáth, agus tá seomraí ar fáil inti do ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha agus seimineáir. Tá caifé ansin freisin.

Fág freagra ar 'Feachtas bailithe airgid tosaithe ag amharclann Ghaeltachta chun tionchar na paindéime a mhaolú'