Féach an pictiúr seo agus ná déantar dearmad ar áilleacht na peile…

Tá tuairim éigin ag an uile dhuine againn maidir leis na scileanna difriúla a theastaíonn uainn a bheith sa treis in aon chluiche caide - ach conas is fearr ionramháil a dhéanamh ar rialacha?

Féach an pictiúr seo agus ná déantar dearmad ar áilleacht na peile…

Pictiúr: Stephen McCarthy Twitter/@sportsfilesteve

Bhí pictiúr an-bhreá d’imreoir Chiarraí, Seán O’Shea, i gcuid mhaith de na leathanaigh spóirt Dé Luain agus deineadh ana-scaipeadh air ar na meáin shóisialta. Bail ó Dhia ar an obair ag an bhfear ceamara, Stephen McCarthy ó Sportsfile, ach dhein sé mogallú maith ar mháistir Neidín díreach tar éis dó cic sleasa diamhair a lascáil. Bhí teagmháil shlachtmhar déanta ag O’Shea leis an gcaid agus í ar a slí thar an trasnán nuair a bhrúigh McCarthy an cnaipe agus chaomhnaigh an slacht sin in íomhá fhoirfe a théann i bhfeidhm lom díreach ar do shúil.

Don té a chuireann spéis i gceard na gciceanna sleasa, tá na haon ní sa phictiúr. Ridire óg na caide agus lúthchleasaí den scoth, a bhuille tugtha tar éis 70 nóimeat caide imeartha, cos amháin i dtaca, an chos eile ag luascadh, ceann agus colainn i gcomhréir, dhá láimh sínte chun cothromaíochta agus an O’Neills seolta i dtreo na sprice. Áilleacht. 

Ar thóir na háilleachta a bhíonn cuid mhaith daoine nuair a théann siad ag féachaint ar chluichí caide inniu toisc go bhfuil an áilleacht chomh tearc agus an ealaín chomh gann. Seachas cic sleasa Uí Shé, bhí an áilleacht ar lár i Staid a’Ghearaltaigh Dé Domhnaigh ach ba chuma le lucht leanúna Chiarraí agus iad ag fágaint ina scuainí slaodacha. Is é a bhí le clos sa chogar mogar ná go raibh tamall ó facthas oiread imreoirí scaite chun oibre i ngeansaithe Chiarraí. As an obair chéanna a gheofar an fhoghlaim isteach sa bhliain agus níl aon amhras ná go bhfuil mórán le foghlaim ag imreoirí Chiarraí. Tús maith, ach sin uile.     

Fear eile atá ag síorfhoghlaim ná bainisteoir Átha Cliath, Jim Gavin. Cé nach mór a déarfaidh sé as seo go deireadh na bliana, bhí a raibh le rá Dé Domhnaigh i gCluain Eois aige, breac le léaspairtí beaga tuisceana is foghlama.

Nuair a bhí formhór na mbainisteoirí eadarchontae ag cáiseamh na rialacha nua agus ag iarraidh a mba féin a chur thar abhainn ó thús na bliana, is cosúil go raibh Gavin ag seasamh siar ón gcúram ar fad ag tomhas, ag scagadh is ag meá. Thug sé fés na bainisteoirí sin a bhain leas as ardáin phoiblí chun a mbuairt a cur in iúl agus chun a raibh molta i dtaobh na rialacha a leagadh. Ba ghéire ná san arís, áfach, an cáineadh a dhein sé ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael toisc nár chuireadar fís shoiléir os comhair an phobail maidir lena bhfuil ag teastáil uathu ó chluiche na caide. Go dtí go leagfar an fhís sin amach go cruinn beacht, dar le Gavin, beidh an mearbhall agus an éiginnteacht i réim mar atá i láthair na huaire.

Cé go dtagaim féin leis na leasuithe a bhí á moladh ag Coiste Seasta CLG ar Rialacha na hImeartha agus cé go dtuigim an bunús a bhí leis na moltaí ceann ar cheann, tá an ceart ag Gavin nuair a deir sé nach raibh aon éachtaint fachta ó CLG maidir lena mian don gcluiche féin. Ba gheall é, dá réir sin, le bheith ag lorg do mhadra is gan fios a dhatha agat.

Tá tuairim éigin ag an uile dhuine againn maidir leis na scileanna difriúla a theastaíonn uainn a bheith sa treis in aon chluiche caide – ach conas ionramháil a dhéanamh ar rialacha agus ar chultúr an chluiche féin chun a chinntiú go dtiocfar ar chluiche a thaitneoidh leis an lucht féachana – sin í an cheist. Tá na haon seans go bhfuil an ceart ag Gavin arís nuair a deir sé go bhfuil an chaid tagtha rómhór fé anáil na hiomána sa mhéid is go bhfuil lucht riartha na gcluichí an-thógtha anois leis an smaoineamh gur féidir na comhraic bheirte seo a fheictear coitianta sna camáin a chruthú sa chaid chomh maith. Ní hionann an dá chluiche. Ní hionann an ailtireacht ná an innealtóireacht a bhaineann leo agus b’fhéidir go bhfuil sé in am againn glacadh leis nár cheart go mbeadh rian á fhágaint ag cluiche amháin ar an gcluiche eile.

Rud amháin atá feicthe againn uair amháin eile, áfach, agus gan ach aon bhabhta amháin sraithe imeartha in 2019, ná nach bhfuil aon teora le bheith ag imirt cluichí ag do leibhéal féin. As na sé cinn déag de chluichí a imríodh, chríochnaigh dhá cheann ar chomhscór agus bhí bearna trí phointe nó níos lú idir na foirne i naoi gcinn de chluichí eile. Fianaise bhreise, má bhí a leithéid ag teastáil, go mb’fhéidir go bhfuil na seanchoimhlintí traidisiúnta cúige ar an dé deiridh agus gur léir do chách anois go bhfuil an tsraith níos fiúntaí i scata contaetha ná mar atá na craobhacha cúige.

Cad eile atá foghlamtha i ndeireadh mhí Eanáir againn?

Go mbeidh an-bhéim ar an marc chun tosaigh mar sheift de réir mar a dhruidfear i dtreo an tsamhraidh?

Go bhfuil réiteoirí, ar deireadh thiar thall, ag cur pionós ceart ar an té a chuireann isteach ar imreoir atá ag tógaint ciceanna saora?

Go mbeidh a rian féin á fhágaint ag cúinne na haithrí nó póna an pheaca más aon slat tomhais a raibh de chártaí dubha á nochtadh le linn an deireadh seachtaine?

Nach bhfuil a fhios ag scata a bhíonn ag scríobh, ag trácht agus ag cur síos ar chluichí caide nach bhfuil cead fós cic saor trí mhéadar déag a thógaint láithreach bonn gan cead agus fead an réiteora?

..agus gur fiú míle focal pictiúr maith. Ach bhí san ar eolas cheana féin agat, nach raibh?   

Fág freagra ar 'Féach an pictiúr seo agus ná déantar dearmad ar áilleacht na peile…'