Fathaigh na Gaillimhe, foighne fhear an Daingin agus easpa luais Luimnigh

Caitheann Tuairisc súil ar chuid de na ceachtanna a bhí le foghlaim ó chraobhacha peile agus iomána an deireadh seachtaine

Fathaigh na Gaillimhe, foighne fhear an Daingin agus easpa luais Luimnigh

Céin D'Arcy ar ruathar eile. PicL INPHO/James Lawlor

Gaillimh ag baint leas as ceann eile de na rialacha nua

Nuair a d’fhógair laoch Dhún na nGall Michael Murphy níos luaithe i mbliana go raibh sé chun filleadh ar an gcluiche idirchontae den chéad uair le cúpla bliain anuas, baineadh spraoi as an obair a bhí díreach críochnaithe aige leis an gCoiste Athbhreithnithe Peile. Is chun leasa leithéidí Murphy atá cuid de na rialacha nua agus dúradh go magúil gur ag iarraidh na rialacha a chur in oiriúint dó féin a bhí sé.

Ní raibh bainisteoir na Gaillimhe Pádraic Joyce ar dhuine acu siúd a bhí ar an gcoiste le Murphy ach b’fhéidir go raibh cara sa gcúirt aige mar tá na Gaillimhigh tar éis an-leas a bhaint as na rialacha nua chomh maith. Tá cuid mhaith cainte déanta cheana féin faoi chumas na nGaillimheach na scóranna dhá phointe a fháil agus d’aimsigh Paul Conroy, faoi dhó, agus Matthew Tierney cinn thábhachtacha sa gcéad leath in aghaidh Ros Comáin ach tá buntáiste ar leith bainte ag Gaillimh as athrú eile chomh maith.

Faoi na rialacha nua, caithfidh ciceanna amach anois an stua 40m a ghlanadh. Tá sé i bhfad níos deacra mar sin cic amach gearr a thógáil agus is fearr le foirne dul sa seans le comhrac amuigh faoin bpáirc.

Feileann sé sin do Ghaillimh, áfach, mar ní raibh Connor Gleeson riamh ar a chompord ag bualadh na gciceanna gearra sin amach. Tá cáineadh géar déanta ar Gleeson le blianta beaga anuas ach choinnigh Pádraic Joyce leis agus Gaillimh ag baint leas as an gcic fada atá aige, go háirithe agus fir mhóra roghnaithe ag an Seoigeach i lár na páirce.

Ar an Domhnach, bhí Paul Conroy, John Maher, Céin D’Arcy, Cillian McDaid, Matthew Tierney agus Seán Kelly uile ina spriocanna ag Gleeson agus scrios déanta ag na Gaillmhigh, agus ag D’Arcy go háirithe, ar Ros Comáin.

“Bhí daoine ag gáire fúinn cúpla bliain ó shin as an liathróid a chiceáil amach fada ach is saineolaithe muid anois, is léir,” a dúirt Joyce go fuarchúiseach i ndiaidh an chluiche.

Mícheál Bannigan Mhuineacháin ag iarraidh stop a chur le Michael Langan Dhún na nGall. Pic: INPHO/Leah Scholes

Cé chomh mór is atá bearna sách mór sa bpeil anois?

Tugadh léiriú eile sa gcluiche idir Corcaigh agus an Clár gur féidir le cúrsaí athrú an-tapa san iomáint agus na Cláirínigh tagtha ar ais ó dhá phointe dhéag chun deiridh chun comhscór a bhaint amach in Inis agus mí-ádh orthu nár éirigh leo an cluiche a bhuachan.

Níos annaimhe a d’fheicfeá a leithéid de theacht aniar sa bpeil ach tá na rialacha nua tar éis é sin a athrú agus bearnaí móra laghdaithe ag foirne i bhformhór na gcluichí a imríodh ag an deireadh seachtaine.

Nuair a d’aimsigh Oisín Gallen an chéad phointe den dara leath, chuir sé Dún na nGall seacht bpointe chun tosaigh, 0-15 in aghaidh 0-8. Bhí an bhearna sin laghdaithe go dtí aon phointe amháin ag Muineachán laistigh de sheacht nó ocht nóiméad, áfach, a bhuí le trí cinn de scóranna dhá phointe ó Conor McCarthy, Jack McCarron agus Micheál Bannigan. D’éirigh le Dún na nGall ceannas a thógáil ar an gcluiche arís ach d’fhág scór dhá phointe eile ó Dessie Ward gar don deireadh nach raibh ach lascadh amháin den liathróid idir na foirne faoin am gur séideadh an bonnán.

Sa gcluiche idir Ciarraí agus Corcaigh, bhí fir na Ríochta arís seacht bpointe chun tosaigh tar éis do Paul Geaney cúl a scóráil théis uair an chloig. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad ar Chorcaigh dul chun tosaigh orthu agus 1-5 aimsithe i bpreabadh na súl, dhá scór dhá phointe ina measc.

Tháinig an teacht aniar ab iontaí sa gcluiche idir Fear Manach agus contae an Dúin Dé Sathairn. Bhí bua gan choinne ar na bacáin agus Fear Manach seacht bpointe chun tosaigh agus an t-am nach mór caite i i bPáirc Esler ach rinne fir an Dúin scrios as sin go deireadh agus 2-4 aimsithe acu sna nóiméid dheireanacha i gcomparáid leis an aon phointe amháin a d’aimsigh Fear Manach. Scór dhá phointe ó Daniel McGuinness a spreag teacht aniar an Dúin ach nuair a d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar chiceanna amach an fhreasúra, ní raibh Fear Manach in ann an liathróid a ghlanadh amach agus an brú a bhí orthu a mhaolú.

D’imigh an Mhí ó dheich bpointe chun deiridh go dtí seacht bpointe chun tosaigh ar Uíbh Fhailí i gcluiche eile an tseachtain roimhe sin. Anois, bhí gaoth láidir ag séideadh sa gcluiche céanna ach is léir anois gur annamh a bhíonn deireadh déanta go hiomlán ag foireann faoi na rialacha nua.

Barry Dan O’Sullivan. Pic: INPHO/Bryan Keane

Faigheann foighne fortacht d’fhear an Daingin

Bhí Joe O’Connor ar fheabhas do Chiarraí an oíche cheana in aghaidh Chorcaí agus an moladh go léir a fuair sé tuillte go maith aige.

Chuir a chúl iontach in am breise an dlaoi mhullaigh ar shárthaispeántas aclaíochta agus níl aon amhras ach go bhfuil sé cruthaithe ag fear Aibhistín de Staic ó gortaíodh Diarmuid O’Connor go raibh dul amú ar aon duine a cheap nach raibh ach sárimreoir amháin ag Ciarraí i lár an ghoirt.

Ach botún a bheadh ann leis dearmad a dhéanamh ar an bhfear eile a d’imir lár páirce don Ríocht sa chluiche iontach a bhí againn i bPáirc Uí Chaoimh, Barry Dan O’Sullivan. Táthar amhrasach le tamall go bhfuil fear an Daingin ábhairín beag rómhall chun áit bhuan a bhaint amach ar fhoireann na Ríochta, ach tá a chúram déanta go slachtmhar aige aon uair gur tugadh seans dó agus b’amhlaidh aige arís cois Laoi. Imreoir stuama righin é an Súilleabhánach a n-oireann na cathanna breise faoin gcic amach dó. Tá ceann maith caide air agus muinín aige as féin agus is léir chomh maith an teacht aniar atá ann. In 2023 d’éirigh leis áit a fháil arís ar phainéal Chiarraí cúig bliana ó d’imir sé go deireanach don chontae. D’imir sé den chéad uair do Chiarraí in 2016, ach ba é cluiche an tSathairn seo caite an chéad uair gur thosaigh sé cluiche craoibhe do Chiarraí.

Níl aon dabht ach go mbeidh áit ar an bhfoireann ag Diarmuid O’Connor nuair a bheidh sé ábalta imirt arís agus tá Joe O’Connor anois ar dhuine de na himreoirí is tábhachtaí atá ag Jack O’Connor agus a chriú, ach níor chóir talamh slán a dhéanamh de go bhfágfar i dtaobh le corrchaimeo ón mbinse Barry Dan O’Sullivan arís i mbliana.

Níl aon fhianaise róláidir ann go fóill, mar shampla, go n-éireoidh sa bhfadtéarma leis an iarracht leatosaí a dhéanamh de Graham O’Sullivan, ionad go mbeadh aon duine den bheirt O’Connor ar a gcompord ann. B’fhéidir nach bhfuil oiread búis faoi Barry Dan O’Sullivan is atá faoi chuid dá chomrádaithe ach d’fhéadfadh go bhfeicfear níos mó d’imreoir an Daingin lár páirce do Chiarraí i mbliana ná mar a shíltear.

Alan Tynan (Tiobraid Árann) agus William O’Donoghue (Luimneach). Pic: INPHO/James Crombie

An tsrathair a chur ar an gcapall ceart don chath ceart ag Luimneach?

Tá ualach cainte faoi sheift John Kiely agus a leathbhádóirí Kyle Hayes a imirt mar leatosaí láir agus Will O’Donoghue a bhogadh ó lár páirce go dtí lár na líne leathchúil in aghaidh Thiobraid Árann.

Baineann an chuid is mó den chaint sin le cé acu ar éirigh leis an tseift nó nár éirigh agus cé acu ar chóir leanúint léi nó í a chaitheamh i dtraipisí.

Déarfá go raibh a chuid buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an bplean i gcluiche a chríochnaigh ar comhscór, ach d’fhéadfadh gurb é an rud is tábhachtaí do Kiely agus Paul Kinnerk an tsrathair a chur ar an gcapall ceart don chath ceart i mbliana, i gcúige Mumhan go háirithe.

Níl aon amhras ach gur údar imní a bhí san easpa luais a bhí acu i measc na gcúl nuair a gortaíodh Barry Nash roimh chluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh. Is cinnte gur ag cuimhneamh air sin a bhí an lucht bainistíochta nuair a cinneadh ar lánchúlaí sa chúinne a dhéanamh den tosaí Barry Murphy, mar a rinneadar le Nash féin roimhe.

Is deacair a shamhlú mar sin go rachadh Luimneach chun páirce leis an líne leathchúil chéanna – Diarmuid Byrnes, Will O’Donoghue agus Cathal Coughlan – in aghaidh Chorcaí i bPáirc na nGael an mhí seo chugainn. Is minic laigí ceilte ag córas cosanta Luimnigh, ach déarfá go mbeadh ábhairín níos mó luais ag teastáil uathu sa líne leathchúil don chath áirithe sin.

Fág freagra ar 'Fathaigh na Gaillimhe, foighne fhear an Daingin agus easpa luais Luimnigh'