Na céadta míle ag triall ar Bhaisleac Naomh Peadar chun ómós a thabhairt don Phápa Proinsias

Ina thiomna deiridh chinn sé go mbeadh níos lú den mhustar is den seó mór ag baint lena shochraid

Na céadta míle ag triall ar Bhaisleac Naomh Peadar chun ómós a thabhairt don Phápa Proinsias

Beidh na céadta míle ag triall ar Bhaisleac Naomh Peadar sa Róimh inniu chun ómós a thabhairt don Phápa Proinsias a d’éag Dé Luain.

Tabharfar corp an Phápa go dtí Baisleac Naomh Peadar maidin inniu, áit a gcoimeádfar an chónra go dtí Dé Sathairn le deis a thabhairt don phobal ómós a thabhairt dó sular dtionólfar a shochraid.

Beidh an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn, a bhean Saidhbhín, an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Simon Harris i láthair ag an tsochraid thar ceann na hÉireann.

Dhiúltaigh an Pápa Proinsias do chultacha ornáideacha na hoifige agus do ghalamaisíocht na n-áras cónaithe agus chloígh sé leis an dearcadh sin go deireadh a shaoil.

Ina thiomna deiridh chinn sé go mbeadh níos lú den mhustar is den seó mór ag baint lena shochraid.

Anuraidh scríobh sé síos na leasuithe a dhéanfaí ar dheasghnátha na sochraide agus rinne simpliú ar roinnt díobh.

Tá sé ina nós ón 13ú haois corpán balsamaithe na bpápaí a chur in airde ar sheastán os comhair an tsaoil mhóir.

Chuir an Pápa Proinsias deireadh leis an gcineál sin taispeántais. Ina áit sin beidh deis ag an bpobal a n-ómós a léiriú don Phápa i mBaisleac Naomh Peadar, áit ar thug na mílte aghaidh air riamh anall lena n-ómós a léiriú do phápaí eile. An difríocht an uair seo gur ina chónra féin a bheidh corp an Phápa seachas thuas ar sheastán.

Is cóir sochraid Pápa a reáchtáil idir ceithre agus sé lá tar éis a bháis agus bíonn deasghnátha sochraide ar siúl i séipéil éagsúla sa Róimh ar feadh naoi lá.

Ba nós trí chónra os cionn a chéile a chur ar Phápaí ach d’ordaigh an Pápa Proinsias nach mbeadh air féin ach an t-aon chónra amháin, cónra adhmaid agus craiceann since taobh istigh léi.

Dé hAoine, an oíche roimh a shochraid, clúdófar a éadan le héadach bán síoda agus dúnfar an chónra. Cuirfear siombailí dá Phápacht san uaigh leis an bPápa, mar a rinneadh leis an té a bhí ansin roimhe. San uaigh le Proinsias cuirfear mála de bhoinn airgid a buaileadh agus eisean ina Phápa agus stán ina mbeidh cáipéis nó ‘rogito’ a thugann gearrchuntas ar a shaol agus a thréimhse ina Phápa. Léifear an rogito amach os ard sula ndúnfar an chónra.

D’iarr an Pápa Proinsias go ndéanfaí é féin a adhlacadh i mBaisleac Pápach Santa Maria Maggiore, teach pobail ar mhinic leis cuairt a thabhairt air le paidir a rá os comhair íocón den Mhaighdean Mhuire ansin.

Fágann bás an Phápa Proinsias go bhfuil an Vatacáin ag tabhairt faoi na prótacail ar fad a bhaineann leis an idirthréimhse seo, an ‘interregnum’ sin idir bás phápa amháin agus a chomharba a thoghadh.

Is é an camerlengo, nó an seomairlín, an duine is tábhachtaí sa Vatacáin tráth seo an dobróin.

Baile Átha Cliathach, an Cairdinéal Kevin Farrell, a roghnaigh an Pápa Proinsias don chúram sin agus eisean atá i mbun na gcúraimí go léir na tréimhse seo agus cathaoir an Phápa folamh, ‘sede vacante’.

Ar bhás an Phápa, dhún an camerlengo árasán an Phápa in Áras Naomh Marta go daingean. Ba sa lóistín simplí sin a chinn an Pápa Proinsias cónaí seachas san árasán áirgiúil ba ghnách le pápaí eile cónaí.

Os comhair Choláiste na gCairdinéal, le casúr speisialta an tsearmanais sin, scrios an camerlengo fáinne an iascaire, mar a thugtar ar fháinne séala an Phápa a úsáideann sé agus cáipéisí á síniú aige.

Baineann an Eaglais Chaitliceach leas as an sede vacante seo d’uireasa Pápa chun na hullmhúcháin a dhéanamh don chomhthionól rúnda ag a roghnóidh na cairdinéil an chéad Phápa eile.

San idirthréimhse sin tugtar rialú na heaglaise ar láimh go sealadach do Choláiste na gCairdinéal ach ní féidir leo aon chinneadh mór a dhéanamh go dtí go dtoghfar Pápa eile.

Lena chinntiú nach sárófar an rúndacht agus go mbeidh ord agus eagar ar aistriú chúraimí na pápachta, cloítear cuid mhaith le deasghnátha agus cuir chuige nár athraíodh leis na céadta bliain.

Is ar an gCairdinéal Giovanni Battiste, atá 91 bliain d’aois, Déan Choláiste na gCairdinéal, a bheidh an cúram, idir 15 agus 20 lá ó bhásaigh an Pápa, fios a chur ar chairdinéil na heaglaise go dtí an Róimh le comharba Phroinsiais a thoghadh ag comhthionól rúnda.

Sa Séipéal Sistíneach a chruinneoidh na cairdinéil mar a dtabharfaidh siad móid rúndachta sula gcaithfidh siad a vóta faoi rún. Níl cead vótála ach ag na cairdinéil atá faoi bhun na gceithre scór agus caithfidh dhá dtrian den tionól vótáil don phápa nua. Gan dabht bíonn polaitíocht is cogar mogar go leor ag baint leis an gcúram chomh maith.

Tá 252 cairdinéal san Eaglais Chaitliceach faoi láthair agus ba é Proinsias a cheap a bhformhór. Beidh lóistín ag na Cairdinéil sin ar fad in Casa Santa Marta ach níl i dteideal vótáil don chomharba ach 138 díobh.

Mar is dual don Vatacáin, tagann an focal ‘conclave’ nó comhthionól rúnda ón Laidin a chiallaíonn ‘le heochair’ ag tagairt don leithlisiú a dhéantar ar na cairdinéil in iarracht an mhoilleadóireacht a sheachaint.

I ndiaidh gach uile vóta, scaoiltear deatach amach simléar a bhfuil feiceáil air ó Chearnóg Pheadair. Is nós leis na sluaite cruinniú sa gcearnóg ag faire ar an deatach a bhíonn dubh sa gcás nach raibh dhá dtrian ar son aon chomharba.

Deatach bán a bhíonn sa simléar ach a mbíonn Pápa nua pioctha.

Taobh istigh sa Vatacáin fiafraíonn déan an Choláiste den té a roghnaigh na cairdinéil an mbeadh sé sásta tabhairt faoin gcúram. Má ghlacann sé leis an ainmniúchán fiafraíonn an Déan de cén t-ainm is mian leis a thabhairt air féin mar Phápa.

I sacraistí an tSéipéil Shistínigh, gléastar an Pápa nua i gcasóg gheal agus clóca dearg. Beannaíonn sé do na cairdinéil agus tugann a aghaidh ar Bhaisleac Naomh Peadar, mar a bhfógróidh cairdinéal sinsearach i Laidin  ‘Habemus papam’ (Tá Pápa againn.)

Fág freagra ar 'Na céadta míle ag triall ar Bhaisleac Naomh Peadar chun ómós a thabhairt don Phápa Proinsias'