Stróc agus teip croí a thug bás an Phápa Proinsias, a dúradh i ráiteas ón Vatacáin.
Dheimhnigh an Pápa ina thiomna deiridh gur mhaith leis go gcuirfí é i mBaisleac Santa Maria Maggiore sa Róimh agus dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh go ndéanfaí “aon mhaisiú ar leith” ar a thuama.
I mBaisleac Naomh Peadar a cuireadh go leor pápaí roimhe seo agus níor cuireadh aon phápa i mBaisleac Santa Maria Maggiore ó 1669.
D’iarr an Pápa Proinsias, a bhásaigh inné agus é 88 bliain, go mbeadh an leagan Laidine dá ainm pápach – Franciscus – mar inscríbhinn ar a thuama.
Mhínigh sé ina thiomna deiridh an chúis gur mhaith leis go gcuirfí i mBaisleac Santa Maria Maggiore é.
“Agus an bhraistint agam go bhfuil mo sheal nach mór tugtha agam sa saol seo, agus mé an-dóchasach faoin mbeatha shíoraí, ba mhaith liom na rudaí deireanacha atá uaim a leagan amach, rudaí a bhaineann leis an áit go gcuirfear mé agus leis sin amháin.
“Le linn mo shaoil agus le linn mo mhinistreachta mar shagart agus easpag, chuir mé mé féin i gcónaí faoi chúram Mháthair Dé, an Mhaighdean Bheannaithe.
“Dá bharr sin, iarraim go gcuirfear mo chorp –nó go dtiocfaidh lá an Aiséirí – i mBaisleac Pápach Santa Maria Maggiore.”
Dúirt sé go raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh deireadh lena “aistear sa saol seo” san áit chéanna a théadh sé ag paidreoireacht go minic chun buíochas a ghabháil le Muire as aire a thabhairt dó.
“Go gcúití Dia mar is ceart gach duine a thug grá dom agus a leanann orthu ag guí ar mo shon. An fhulaingt a bhaint leis an gcuid dheireanach de mo shaol ofrálaim don Tiarna í ar mhaithe le síocháin sa domhan agus bráithreachas idir daoine.”
D’fhógair an Cairdinéal Kevin Farrell, arb as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, bás cheannaire na hEaglaisí Caitlicí sa Vatacáin maidin inné. Bhí an Pápa Proinsias, a insealbhaíodh ina phápa in 2013, 88 bliain d’aois.
Ba as an Airgintín an Pápa Proinsias agus ba é an chéad phápa as an leathsféar theas agus an chéad phápa as Meiriceá Theas. Ba é an chéad duine de Chumann Íosa a bhí ina phápa freisin.
Bhásaigh sé ag 7:35 maidin inné (6:35 am na hÉireann). Thug an Pápa beannacht na Cásca uaidh i gCearnóg Peadair sa Vatacáin Dé Domhnaigh tar éis dó a bheith san ospidéal ar feadh cúig seachtaine níos luaithe i mbliana.
Bhíodh a shláinte ag cur isteach ar an bPápa ar feadh a shaoil agus bhí fadhbanna ar leith aige lena chuid anála ó baineadh ceann dá scamhóga as agus é 21 bliain d’aois.
Níorbh é féin ach ball eile den chléir a thug a óráid ‘Urbi et Orbi’ ag searmanas na Cásca inné, ach tugadh an Pápa i láthair an tslua agus tiomáineadh timpeall na Cearnóige i gcarr é. Stop sé cúpla babhta le leanaí nuabheirthe a bheannú.
San óráid a scríobh an Pápa, dúirt sé nárbh ann don tsíocháin gan “saoirse an reiligiúin, saoirse na smaointeoireachta, agus saoirse na tuairimíochta” agus go raibh “díocas mór chun báis” le feiceáil san iliomad coimhlintí atá ag titim amach ar fud na cruinne faoi láthair.
Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, go raibh “brón domhain” air ar chloisteáil dó scéal bhás an Phápa agus rinne sé comhbhrón le Nuinteas an Phápa, leis an Ardeaspag Éamon Martin agus leis na creidmhigh uilig in Éirinn.
Dúirt an tUachtarán gur thug an Pápa “teachtaireachtaí tábhachtacha” do dhaoine le linn a phápachta, teachtaireachtaí a bhain le ceisteanna amhail an t-ocras domhanda, an bhochtaineacht, an t-athrú aeráide, cás na dteifeach agus an gá atá leis an tsíocháin dhomhanda agus an taidhleoireacht.
Bhí ceangal ar leith ag an bPápa le hÉirinn. Sa bhliain 1980, agus é ina shagart, chaith Jorge Bergoglio seal i mBaile Átha Cliath ag iarraidh feabhas a chur ar a chuid Béarla. D’fhill sé ar Éirinn in 2018 agus é ina phápa le páirt a ghlacadh i gCruinniú Domhanda na dTeaghlach. Le linn an turais sin, thug sé cuairt ar Bhaile Munna agus Glas Naíon i dtuaisceart na cathrach agus é ar a bhealach go hÁras an Uachtaráin. Chas sé leis an Uachtarán cúig huaire le linn a phápachta – uair amháin in Áras an Uachtaráin agus ceithre huaire sa Vatacáin.
Dúirt an tArdeaspag Éamon Martin go raibh an-spéis ag an bPápa i gcúrsaí an Tuaiscirt agus sa phróiseas síochána ann. Dúirt Martin go gcreideann sé gurbh é tiomantas an Phápa don tsíocháin ba chúis lena rogha ainm pápachta – Proinsias.
“Roghnaigh sé an t-ainm Proinsias, ar ndóigh, agus ba chróga an rud é a dhéanamh. Ba é an chéad phápa riamh é a thóg ainm an naoimh mhóir Proinsias Assisi. Agus bhí teachtaireacht sin na síochána, moladh Dé as ar chruthaigh sé, teachtaireacht an bhráithreachais a bhí ina chomhartha sóirt de phápacht an Phápa Proinsias,” a dúirt sé.
Dúirt an Pápa Proinsias sular bhásaigh sé gurbh fhearr leis sochraid a bheadh níos simplí ná sochraidí na bpápaí a d’imigh ar shlí na fírinne roimhe.
Sna seachtainí amach romhainn cruinneoidh na 138 Cairdinéal a bhfuil cead vótála acu sa Vatacáin le pápa nua a roghnú.
Fág freagra ar 'Stróc agus teip croí a thug bás an Phápa Proinsias'