Faoi gheasa ag an seandraoi Scorsese agus ag an scannán Gaeilge is fearr riamh

Caitheann ár léirmheastóir scannán súil siar ar scannáin a bhí i mbéal an phobail in 2023

Faoi gheasa ag an seandraoi Scorsese agus ag an scannán Gaeilge is fearr riamh

Bliain chuíosach gan a bheith maíteach a bhí againn ar an scáileán mór in 2023. Tionchar na paindéime ar an soláthar scannán b’fhéidir. Ar an lámh eile tháinig an scannán Gaeilge is fearr riamh, b’fhéidir, ag déanamh gaisce.

1) Killers of the Flower Moon

Saothar mór-ráchairte leis an seandraoi é féin Martin Scorsese. Tugann an scannán snasta seo léargas ar scéal na treibhe Osage; a rachmas ola agus an éagóir is foréigean a imríodh orthu de bharr an rachmais chéanna. Comhghuaillíocht eile idir Scorsese agus DiCaprio atá anseo agus tugann Leonardo taispeántas breá uaidh. Ina slí féin, áfach, sí Lily Gladstone agus a carachtar Mollie Kyle croílár an scannáin. An rud is mó a  bhaineann barrthuisle as an saothar, dar liom, ná go bhfuiltear ag iarraidh scéal na héagóra a insint ó thaobh an duine a dhein an éagóir. Níl a fhios agam an féidir le scéal an tíoránaigh léargas a thabhairt ar scéal an íobartaigh.

 

2) Cine4

Bhí bliain iontach eile ag Cine4. Tá an chomhghuaillíocht seo idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann tar éis saothair atá thar bearta a sheoladh chugainn. Cé gur tháinig An Cailín Ciúin os ár gcomhair in 2022 bhíothas fós ag caint faoin saothar iontach seo in 2023 agus mórán ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na scannáin Éireannacha is fearr riamh, agus ceann de shaothair na bliana. Bhí gan n-aon ar cipíní nuair a fuair sé ainmniúchán Oscar i rannóg na saothar i dteangacha iasachta (an chéad saothar Gaeilge a fuair a leithéid). Níor éirigh leis ach níor mhaolaigh sin a chumas ná a cháil. Níos déanaí sa bhliain tháinig saothar eile ón gceárta, Tarrac. Scannán atá lonnaithe in Iarthar Duibhneach agus a thugann léargas ar an ngaol idir Aoife (Kelly Gough) agus a hathair, An Béar (Lorcan Cranitch). Tá Aoife fillte ar an bhfód dúchais le teacht i gcabhair ar a hathair agus an caidreamh eatarthu a chneasú. Fan na slí téann sí sáite sa rásaíocht naomhóg.

 

3) Oppenheimer

Níor loic Christopher Nolan riamh orainn. Is é atá deas ar an saothar tathagach, snasta, casta a chur os ár gcomhair. Sa saothar ar leith seo tugtar éachtaint ar shaol agus ar mheon cheann feadhna na meithle a thug an buama núicléach ar an bport. Dírítear ar a óige, a ghaiscí míchlúiteacha i rith an Dara Cogadh Domhanda mar aon leis an ngéarleanúint a deineadh air ina dhiaidh sin. Laigeacht amháin atá sa saothar ná an léiriú a dhéantar ar charachtair na mban. Is cinnte go mbeidh ainmniúchán Oscar, ar a laghad, i ndán do Chillian Murphy na hÉireann.

 

4)Women Talking

Sa saothar teanntásach, coscrach seo le Sarah Polley tugtar fogha faoi thíorántacht na bhfear. Tá an saothar cumhachtach seo bunaithe ar úrscéal den teideal céanna a dhírigh ar eachtraí a tharla i gcoilíneacht Manitoba sa Bholaiv idir 2005 agus 2009. Pobal de chuid na Meinniníteach a bhí buailte fúthu san áit iargúlta sin agus tháinig sé chun solais in 2009 go raibh buíon fear ag tabhairt drugaí do mhná an phobail agus ag déanamh ionsaithe gnéis orthu fad is a bhí siad gan aithne gan urlabhra. Freagra ficseanúil ar na huafáis atá sa leabhar agus scannán araon. Aisteoireacht foirne den scoth anseo ó chliar ban; Rooney Mara, Claire Foy, Frances McDormand agus Jessie Buckley na hÉireann. Léiriú cumhachtach ar allagar agus diongbháilteacht na mban

 

Tar

Ag tús na bliana bhíothas ag maíomh go raibh leathlámh ag Cate Blanchett ar an duais Oscar de bharr a taispeántais sa saothar seo. Ní mar a síleadh a bhí, ní féidir a shéanadh go dtugann sí taispeántas den scoth uaithi. Saothar aigneolaíoch, dúnéaltach atá againn anseo ó Todd Field. Tugtar cuntas ar shaol agus ar mheon an chumadóra agus an stiúrthóir ceoil Lydia Tár, bhean fhíorchumasach, fhíoréirimiúil agus bean dhian, fhuarchúiseach lena chois sin. De réir a chéile tosnaíonn a saol ag titim as a chéile de bharr na dtréithe céanna.

 

Anatomy of a Fall

Beidh tú ag tochas do chinn go minic i rith an tsaothair seo a chroch leis an Palm d’Or. Tá Sandra (Sandra Hüller) agus a fear Samuel (Samuel Theis) buailte fúthu ina dtigh iargúlta sna cnoic in aice le Grenoble le cúpla bliain. Lá de na laethanta faightear Samuel marbh ar an dtalamh taobh amuigh den tigh. Táthar in amhras faoi Sandra agus vae linn. Scéinséir agus dráma cúirte atá anseo. Cíoradh á dhéanamh ar dhoiléireacht na fírinne agus castacht na gcaidreamh idir daoine. Beidh tú ar tinneall.

 

Fág freagra ar 'Faoi gheasa ag an seandraoi Scorsese agus ag an scannán Gaeilge is fearr riamh'