Faobhar ar sceana in Aontroim faoi oidhreacht an Bhreatimeachta

Caitear súil ar cheithre thoghcheantar eile sa Tuaisceart roimh olltoghchán Westminster na míosa seo chugainn – Doire Thoir, Aontroim Thuaidh, Aontroim Thoir agus Aontroim Theas

Faobhar ar sceana in Aontroim faoi oidhreacht an Bhreatimeachta

Dúnáras aontachtach is ea na limistéir seo, na ceithre shuíochán á gcosaint ag an DUP ach freasúra aontachtach sna toghcheantair ar fad agus faobhar ar sceana faoi oidhreacht an Bhreatimeachta

Doire Thoir

Síneann an toghcheantar ó imeall thoir Dhoire fan an chósta thuaidh anonn go Baile Monaidh. Is iad Cúil Raithin, Léim an Mhadaidh, Port Stíobhaird agus Port Rois na príomhbhailte.

Toghadh Gregory Campbell ina fheisire in 2001 agus bhí an lá leis i ngach olltoghchán ó shin. In 2019 bhí móramh 9,607 vóta aige ar Cara Hunter SDLP agus beirt a bhí sna sála uirthi, Dermot Nicholl, Sinn Féin agus Chris McCaw, Páirtí na Comhghuaillíochta. Ainneoin toirt an fharasbairr a bhí ag Campbell bhí titim 8% ar a vóta.

I dtoghchán an Tionóil in 2022 bhí Sinn Fein an-ghar don DUP, níos lú ná 600 vóta eatarthu, tuairimíocht le clos go mbeadh súil ag Sinn Féin ar an suíochán Parlaiminte an chéad uair eile, 2029 seans. Toghadh beirt Theachtaí Tionóil ón DUP, duine ó Shinn Féin, aontachtach neamhspleách agus duine ón SDLP.

Thug an toghchán sin leide dúinn faoi neart na n-aontachtach atá ag tabhairt dúshlán an DUP i ngeall ar an teorainn i Muir Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta. Bhí beagnach 3,000 vóta ag an TUV agus os cionn 900 ag an PUP agus ceaptar go gcuirfidh Allister Kyle, iarrthóir an TUV, leis an sciar sin. Tá aithne mhór ar Kyle, é gníomhach i gclub sacair Chúil Raithin agus i gcúrsaí feirmeoireachta.

Tá Kathleen McGurk, Sinn Féin, Cara Hunter, SDLP, Glen Mille, UUP, Richard Stewart, Páirtí na Comhghuaillíochta, Gemma Brolly, Aontú, Jen McCahon, an Comhaontas Glas agus Claire Scull, na Caomhaigh, ag seasamh freisin. Beidh súil ag an TUV greim a bhaint as Gregory Campbell ar thaobh amháin agus an sprioc chéanna ag Alliance/Páirtí na Comhghuaillíochta ar an taobh eile. Meastar nach baol do Gregory Campbell mar sin féin ach go laghdófar a mhóramh. Braithfidh go leor ar an tinreamh agus ní léir go fóill go bhfuil vótóirí aontachtacha an-tógtha leis an bhfeachtas reatha.

Aontroim Thuaidh

Is é Aontroim Thuaidh an toghcheantar is sábháilte ag an DUP, é i seilbh Ian Paisley agus a athair roimhe le 54 bliain. Ó chúinne thoir thuaidh chontae Aontroma siar go Baile an Chaistil síneann an toghcheantar ó dheas thar an Baile Meánach go Baile Raghnaill. Nuair a leasaíodh teorainneacha na dtoghcheantar laghdaíodh Aontroim Thuaidh de bheagán; bhí Sliabh Mis agus baile dúchais Jim Allister, ceannaire an TUV, i measc na gcomharsanachtaí a aistríodh go Aontroim Thoir. Bogadh cuid de Ghlinnte Aontroma as an toghcheantar thoir isteach in Aontroim Thuaidh. Meastar gur mhéadaigh na hathruithe sin an móramh aontachtach.

In 2019 bhí farasbarr 12,700 vóta, agus é ar 47%, ag Ian Paisley ar an iarrthóir ba ghaire dó, Robin Swann an UUP, a fuair 18.5%. B’in méadú 11.3% ar vóta Swann i gcodarsnacht le laghdú 11.5% ar sciar Paisley. Tá Swann aistrithe chuig Aontroim Theas (féach thíos) agus sé Jim Allister an TUV céile comhraic aontachtach Phaisley. Is Teachta Tionóil sa cheantar é Allister; bhí 21% de na vótaí ag a pháirtí i dtoghchán Stormont in 2022. An uair dheiridh a sheas sé in aghaidh Paisley i dtoghchán Westminster in 2010 bhí móramh 12,550 ag Paisley air, 46% in aghaidh 17%.

Maíonn Allister gur athraigh cinneadh an DUP an comhthéacs nuair a ghlac siad le Creat Windsor, ag maíomh go raibh an teorainn i Muir Éireann cealaithe nuair ba léir go raibh sí i réim. Feall agus dallamullóg dar leis, is é ag fógairt go dtabharfadh sé dúshlán an DUP i ngach toghcheantar seachas cinn a mbeadh baol ann go mbainfeadh Sinn Féin an suíochán dá scoiltfí an vóta aontachtach.

Bhí Allister mórtasach as margadh toghcháin a dhéanamh le Reform UK a gheall tacaíocht airgid agus feachtasaíochta don TUV. Bhí údar aiféaltais aige nuair a bhain ceannaire nua an pháirtí sin Nigel Farage an bonn den mhargadh; ní raibh sé lá fliuch i gceannas nuair a d’fhógair sé a thacaíocht do chéile comhraic Allister, Ian Paisley, agus Sammy Wilson a chomhbhádóirí i bhfeachtas an Bhreatimeachta.

Chomh maith leis an DUP agus an TUV, tá Teachtaí Tionóil ag Sinn Féin, UUP agus Alliance. Tá dul chun cinn déanta ag Sinn Féin agus SDLP imithe ar gcúl. Seans go mbeidh laghdú ar mhóramh Paisley ach nil teip á tuar.

Ochtar iarrthóirí: Jim Allister TUV, Helen Maher SDLP, Philip McGuigan Sinn Féin,

Ráichéal Mhic Niocaill Aontú, Jackson Minford an UUP, Tristan Morrow neamhspleách, Sian Mulholland Alliance agus Ian Paisley DUP.

Aontroim Thoir

Toghadh Sammy Wilson in Aontroim Thoir in 2005 nuair a fuair sé an ceann is fearr ar an UUP agus atoghadh é gan stró i ngach comórtas ó shin. Ar chósta Aontroma síneann an toghcheantar ó na Glinnte ó dheas go Loch Lao agus Baile na Mainistreach ar imeall thuaidh Bhéal Feirste.

Fearacht a chomharsa béal dorais in Aontroim Thuaidh, Ian Paisley, nocht Sammy Wilson míshástacht leis an margadh a d’aontaigh Jeffrey Donaldson agus an páirtí le rialtas na Breataine chun filleadh ar Stormont. Dúirt sé go neamhbhalbh go raibh an teorainn i Muir Éireann fós i réim ach níor bhagair sé an páirtí a fhágáil ná dúshlán na ceannaireachta a thabhairt.

Fearacht Paisley freisin tá beannacht Nigel Farage aige cé gur deacair a dhéanamh amach an dtabharfadh éinne abhus puinn airde ar imprimatur Farage.

Bhí móramh 6,700 ag Wilson in 2019 ar an iarrthóir ba ghaire dó, Danny Donnelly ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, 45% in aghaidh 27%. Tá Donnelly ag seasamh ar an 4 Iúil i dtoghchán Stormont. In 2022 toghadh beirt Theachtaí ón DUP, beirt ó pháirtí na comhghuaillíochta agus duine amháin ón UUP, John Stewart, atá ina iarrthóir an babhta seo. Thit sciar an DUP 5.6% san toghchán sin go 29.6%, bhí 24% ag an UUP agus 23% ag Páirtí na Comhghuaillíochta.

Díol suntais é go raibh 9% ag an TUV a bhfuil Matthew Warwick mar iarrthóir olltoghcháin acu. Cuirfear suntas i bhfeachtas an TUV in aghaidh Wilson ó tá sé ar aon intinn leo faoin teorainn i Muir Éireann.

Is iad na hiarrthóirí eile Mark Bailey, Comhaontas Glas, Margaret McKillop, SDLP, agus Oliver McMullan, Sinn Féin. Áirítear go bhféadfadh vótáil theaicticiúil ó lucht leanúna na ndreamanna sin – do Donnelly Pháirtí na Comhghuaillíochta nó Stewart an UUP – cor nua a chur sa scéal. Dá uireasa sin, tiocfaidh Sammy Wilson slán le móramh laghdaithe.

Aontroim Theas

Páirc chatha anseo go traidisiúnta idir an DUP agus an UUP. Ó Bhaile Raghnaill soir go Baile an Chláir, ó dheas go Baile Aontroma agus thairis i dtreo Lios na gCearrbhach, ba gheall le babhtáil an chaoi ar aistríodh an suíochán ón DUP go UUP agus ar ais sa chéad seo. Bhain an tUrramach Willie McCrea DUP an chraobh i bhfothoghchán in 2000 nuair a cailleadh Clifford Forsythe UUP. Bhain David Burnside UUP ar ais é in 2001 agus bhí an bua ag McCrea in 2005. Bhí leis go dtí 2015 nuair a bhain Danny Kinahan é don UUP. In 2017 fuair Paul Girvan DUP an ceann is fearr ar Kinahan agus choinnigh sé an suíochán ó shin.

An t-am seo tá a dhúshlán á thabhairt ag Robin Swann UUP, an t-iarAire Sláinte in Stormont a fuair ardmholadh le linn na paindéime Covid-19 agus a bhí ar cheann an chomhairimh in Aontroim Thuaidh i dtoghchán an Tionóil 2022.

Deir lucht staidrimh gurb é seo an seans is fearr ag an UUP le suíochán a ghnóthú. Chinn pobalbhreith le gairid go raibh casadh 11% ón DUP ó 2019; deir saineolaithe go bhfuil sé níos ísle ná sin, thart ar 7%. Cibé, chiallódh titim den chineál sin go bhféadfadh an UUP an bhearna a dhruidim. Tá Mel Lucas san iomaíocht don TUV. D’fhéadfadh tionchar cinniúnach a bheith ag an titim sin a mbeadh Declan Kearney Sinn Féin nó John Blair ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, seachas Robin Swann, in ann buntáiste a bhaint as.

Ní raibh ach 2,689 vóta d’fharasbarr ag Paul Girvan ar Danny Kinahan cúig bliana ó shin, 35% in aghaidh 29%. Bhí méadú mór ar vóta John Blair, Páirtí na Comhghuaillíochta, go 19% agus cé gur thit vóta Declan Kearney, Sinn Féin, bhí a sciar siúd méadaithe arís agus é ar cheann an chomhairimh i dtoghchán an Tionóil 2022. Bhí 18% ag an UUP i dtoghchán Stormont mar a bhfuil dhá shuíochán ag DUP, ceann ag Sinn Féin, ceann ag an UUP agus ceann ag Páirtí na Comhghuaillíochta.

Bhíodh vóta níos mó ag an UUP in olltoghcháin ná i dtoghcháin Tionóil – vótáil theaicticiúil ag náisiúnaithe agus – b’fhéidir – ag Alliance. Ach má cheapann na vótóirí sin go bhfuil seans ag a bpáirtí(the) féin caolseans go dtabharfaidh said an X do pháirtí eile. D’fhéadfadh Swann an chraobh a bhreith leis ach gur beag a bheas le spáráil aige.

Fág freagra ar 'Faobhar ar sceana in Aontroim faoi oidhreacht an Bhreatimeachta'