Fainic taibhse an chiníochais

Mar chine a d’fhulaing sciúirse na heisimirce, is cóir go mbeadh tuiscint níos fearr againne ar an scéal

Fainic taibhse an chiníochais

Táthar ag leanúint leis an gconspóid faoin inimirce – agus an freagra ciníoch atá ag dul i neart – ar fud na hEorpa, agus an Taoiseach Leo Varadkar anois ag rá go gcaithfimid seasamh láidir a ghlacadh i dtaobh na faidhbe.

Deir sé go bhfuil sé i bhfabhar cearta inimirceach, ach deir sé freisin gur chóir daoine nach bhfaigheann cead fanacht sa tír a dhíbirt amach ar an toirt.

Is cosúil go bhfuil an rialtas ag iarraidh freastal ar an dá thrá: ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil siad tuisceanach faoi chás na dteifeach is lucht iarrtha dídine, ach ag an am céanna ag glacadh le dearcadh an phobail a cheapann go bhfuil an iomarca teifeach sa tír.

Rinneadh ceap magaidh dínn go léir freisin nuair a d’fhógair an tAire Dlí is Cirt (Sealadach), Simon Harris, go ndíbreofar gan mhoill éinne nach bhfaigheann cead fanacht sa tír ag an am céanna gur tháinig scéal amach faoi líon na ndaoine atá ag obair sa rannóg achomhairc a bheith laghdaithe.

Cén chaoi, in ainm an diabhail, an féidir linn tuilleadh oibre a dhéanamh níos gasta ach le foireann níos lú?

Roimhe sin, bhí Leo Varadkar agus an rialtas ar fad ag cur ciníochas i leith éinne a d’ardaigh ceist faoi lonnú na dteifeach, ach anois tá siad ag iarraidh míshástacht an phobail a chur ó dhoras an rialtais.

Ach is fadhb í atá cruthaithe ag an rialtas, mar gur lig siad do ghéarchéim na tithíochta dul in olcas (ar mhaithe le prionsabail an tsaormhargaidh a chosaint) agus tá muid sa tsáinn anois nach féidir linn freastal ar ár muintir féin, ná orthu siúd a tháinig anseo ó chogaí, achrann nó teip eacnamaíochta; ná ar na teifigh ón Úcráin ar dúradh fúthu nach mbeadh aon teorainn ar an líon a ligfí isteach.

Ní dhearna an rialtas aon phleanáil le dul i ngleic leis an líon daoine a tháinig anseo, in ainneoin ar tuaradh faoi theifigh na hÚcráine bliain ó shin nuair a bhíothas ag caint faoi chéad míle duine a bheith ag teacht. Tá os cionn 70,000 anseo, ach fós níl aon phlean ann.

Maidir leis na hagóidí, ceapaim gur cúis náire dúinn go bhfuil sluaite daoine sásta maslaí is bagairtí a bhéiceadh ar dhaoine nach bhfuil aon chumhacht acu ar na cinntí nár tógadh ná ar na cinntí atá fós le tógáil.

Ag an am céanna, is dream imeallach iad an eite dheis i bhfad amach, agus is i bhfad amach is cóir iad a choinneáil. Agus an freagra? Ar dtús, aird a dhíriú orthu siúd atá ciontach as an bhfaillí, as an tubaiste i gcoitinne: sé sin an rialtas.

Sé an rialtas a thug cuireadh do na mílte Úcránach teacht anseo, is nuair a tháinig siad, chaith siad isteach iad sna ceantair is boichte agus is dearóile sa tír. Níl aon teifeach á lonnú sna ceantair shaibhre.

Agus má tá an chonspóid seo ann ar fud na hEorpa, tá sé le feiceáil freisin ar fud na hEorpa go bhfuil páirtithe na bunaíochta sásta bogadh chun na heite deise chun toradh nó sochar an chiníochais a mhealladh chucu féin.

Rud eile is ceart a thabhairt faoi deara, go bhfuil stáit an Iarthair – Meiriceá agus an Eoraip – freagrach cuid mhaith as scrios na dtíortha as a dtagann na teifigh: an Afganastáin, an Libia, an Iaráic, an tSiria, is eile.

Dá n-éireodh an tIarthar as cogaí a fhearadh ar an domhan i mbéal forbartha seo, ní bheadh leath na dteifeach ann.

Agus iad siúd a thagann ar thóir saol níos fearr ó thíortha atá scriosta ag an mbochtaineacht, nach é an réiteach ná cabhrú leo éalú as an mbochtaineacht sin sa mbaile, agus an t-airgead a chaitheann muid ar dhídean a chaitheamh ar fhorbairt.

Agus chuige sin, rialacha na trádála domhanda a athrú ionas go mbeadh na tíortha sin in ann forbairt eacnamaíochta a bheith acu agus tionchar athrú na haeráide a laghdú – athrú atá cruthaithe ar an gcéad dul síos ag na tíortha is saibhre sa domhan.

Mar chine a d’fhulaing sciúirse na heisimirce, is cóir go mbeadh tuiscint níos fearr againne ar an scéal. Ní hamháin mar gurbh é sin an rud ceart le déanamh, ach toisc go mbeadh saol níos fearr againn sa mbaile dá bhféadfaimis acmhainní na tíre a úsáid ar son leas mhuintir na tíre.

Agus má thagann polasaí den chineál sin salach ar a bhfuil ag teastáil ón Aontas Eorpach, bhuel i dtigh an diabhail leis an Aontas. Déanaimis an rud ceart.

Fág freagra ar 'Fainic taibhse an chiníochais'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá líon mór teifeach ón Úcráin faoi choimirce na mban rialta i gclochair ar fuaid na hÉireann agus níl aon phoiblíocht á lorg acu…ná uathu.