Faigh greim ar an gcnuasach seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí duit

I gcnuasach ina bhfuil breis is dhá scór dán, tá a chomhoiread suíomh, eachtra, ábhar is iontas ann

Faigh greim ar an gcnuasach seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí duit

...
Mainistir na Feola
Laoighseach Ní Choistealbha
Barzaz/
...

Dhá fhómhar ó shin bhain Solas Geimhridh ó Laoighseach Ní Choistealbha an t-amharc dínn le loinnir is áilleacht a friotail agus lena léamh sainiúil féin ar an saol agus ar an dúchas. Ní haon áibhéil a rá gur ag cogaint círe an fhómhair sin atá mise ó shin agus is deas liom go bhfuil an bhean a ghin iad ag cuimhneamh orthu freisin sa dán ‘Ag Léamh Siar ar Sholas Geimhridh Dom’.

Is deacair a chreidiúint go bhfuil bleánach eile tálta ag an gConallach mná i soitheach an dúchais agus i bhfad uaithi go raibh cinniúint an Ghlais Ghaibhnigh agus an bhé fhireann lena chriathar mailíseach is a ualach éada.

Maoithneachas a spreag dán an Ríordánaigh ónar tháinig teideal an leabhair i ndiaidh an tseomra ranga réamhidirlín agus fuaimrian na gcuislí ar an tseantéip in iarracht barda na giorrannála a athchruthú do dhéagóirí a bhí i mbláth na sláinte. Má fuaireamar imdhíonadh ar an eitinn, tá Mainistir na Feola fós lán imní is sceanairt. Éilíonn seal sa mainistir sin 9 ndán a fhágann scéin gach coinne dochtúra is obrádlainne ar an léitheoir seo ach a chúitigh an glaoch gutháin deiridh sin. A cinniúint féin ina cinniúint chách.

Mar bharr ar an úire gheobhaidh tú anseo béaloideas, taithí saoil agus tuiscint mná, chomh maith le ceird, giniúint agus deachúna na filíochta féin. Seo file a bheathaíonn an léann agus an dúchas ach atá ina seasamh go dána san aonú haois is fiche.

Ní geis di créachta na colainne ná créachta na cogaíochta a nochtadh go lom agus más í an Mhaighdean, a mac nó Iúdás féin iad, tá a scáthán féin ag an bhfile seo ar leochaileacht a ndaonnachta. Tá cairde is comharsana anseo ach teastaíonn cothú ón gcolainn chomh maith leis an intinn agus i ‘Míorúilt na mBuilíní’ agus goineadh curtha aici orainn le builín Batch a dúchais, séidtear go Gaza muid agus an báicéir ag tochailt a oighinn bhig amach as an smionagar ‘nuair a thit aerscaoileadh na sibhialtachta orthu ón spéir anuas’.

Géarú goile a thairg Laoighseach dúinn an dán deiridh ‘Críoch’ a leagan chugainn mar bhrollach, dán a mheabhraíonn don neamhfhile dúshlán na cruthaitheachta, ach má bhíonn ‘ualach dánta ar mo dhroim, chomh trom le peacaí marfacha’ déanann a saoirseacht cleití díobh agus ní trom-mheáchan saothar an eagnaí.

Cogar mé seo leat! Tá na réabhlóidithe fileata Ní Dhomhnaill agus Jenkinson blaiste ag bard an Lagáin. Níl feimineach cruthanta nach dtuigfidh an dán ‘Cad is Fear’ ach tá súil agam nach ndéanfaidh léaspach arm de.

Comhairle ón bhfile fíriúil seo in ‘Is Mairg Nár Rugadh Fireann Mé’ nach call gur géibheann spioraid a bhíonn i siobáil na cisteanaí i gcónaí – ‘Mar ní raibh réiteach ná umhlaíocht ná géilleadh ar bith don domhan fhuar fhireann…’ Ceacht nár fhoghlaimíos fós!

Tráthúil go maith ar na saolta coilgneacha seo tá deoch faoisimh is gáire sa dán ‘Baineannach Fireann’ a d’fhág mise i mo shaineolaí Gúgaileach ar an hiéana baineann. Seachain a plaic. “Há, bá, bá!”

I gcnuasach ina bhfuil breis is dhá scór dán, tá a chomhoiread suíomh, eachtra, ábhar is iontas ann.

Dán suntasach eile sa leabhar an t-aistriúchán snoite a rinne Conallach Iorras Aithneach ar dhán leis an Arabach-Meiriceánach, Naomi Shihab Nye, ‘Tá Trua Agam d’Íosa’ a ‘chuaigh isteach san fhásach’ seachas ‘i measc an mhustair is na mórdhála’.

Dán fada é ‘Cailín na Móna agus Mac an Iascaire’ sa gceathrú cuid den chnuasach a spreag scéal as béaloideas na Seapáine faoin tseafóid is an mí-ádh a bhaineann leis an éirí in airde agus an mhórchúis, téama atá fairsing sa seanchas s’againn féin agus ar geall le seanchaíocht rithim an dáin féin á léamh os ard. Ní críonna an beart ‘síoda a chur ar ghabhar’ ná lucht na gealaí “grá a thabhairt don rud neamhbhuan”.

Nach é Larkin a mhaígh gur domhan úrnua ann féin é chuile dhán agus is é gifte an fhile seo an domhainín sin a chruthú i ngach uile dhán – an gnáthrud a athghiniúint dúinn amhail is gur óna casúr díreach a tháinig faoi chóta na nua-thuisceana – bíodh sé ina theanga, ina éan, ina áit, ina ár, ina dhuine, ina bhuilín, ina dhán nó ar YouTube.

Is maith an oidhe ar na seoda spreagúla seo an slacht, an dearadh, an páipéar, an cló, an clúdach gorm agus an ribín óir a chuir na foilsitheoirí Barzaz mar chulaith ghaisce ar an gcnuasach aoibhinn seo.

Faigh greim ar an leabhar seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí meafaracha duit.

Fág freagra ar 'Faigh greim ar an gcnuasach seo go beo, geallaim pléisiúr, léargas is míorúiltí duit'