Fadó, fadó in Éirinn nuair a bhí Taoiseach againn a bhí i gceannas

Murab ionann agus Bertie Ahern, thug Leo Varadkar uaidh an fhreagracht as ceist theorainn na hÉireann

Fadó, fadó in Éirinn nuair a bhí Taoiseach againn a bhí i gceannas

Foilsíodh alt tábhachtach le Bertie Ahern agus Tony Blair san Irish Times le déanaí. Mar is gnáth faoi láthair, cúrsaí Breatimeachta a bhí á gcur trí chéile acu, agus béim ar leith acu ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Rinneadar beirt cur síos ar an imní agus ar an eagla atá ag cur isteach orthu.

Ní léir dóibh céard a tharlóidh sa todhchaí.

Ní léir dóibh céard a tharlóidh má fhágann an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach gan mhargadh. Ní léir dóibh céard a tharlódh dá dtabharfadh Státrúnaí nua i mBéal Feirste cead reifreann faoin

teorainn a reáchtáil i dTuaisceart Éireann. 

Nó ní léir dóibh cad a tharlódh dá mba bhall den ERG é an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain.

Bhí moltaí praiticiúla éagsúla ag Ahern agus Blair, áfach. Dar leo, ní foláir dul i gcomhairle leis “na daoine” arís nuair a roghnóidh Westminster cúrsa amháin Breatimeacha faoi dheireadh. “Tá oiread sin éagsúlachta ag baint leis na margaí Breatimeachta a bhfuil díospóireacht déanta fúthu  agus rinneadh oiread sin gealltanas i dtaobh an Bhreatimeachta in 2016 gur ar éigean go dtiocfar ar aon réiteach arbh ionann é agus an méid a vótáil an pobal ar a shon. Acusan, muintir na Ríochta Aontaithe, ba cheart an focal deiridh a bheith. Ba chóir ceist a chur orthu, ar mian leo fós, agus a bhfuil ar eolas anois acu, dul ar aghaidh le pé cúrsa a aontaíonn an Rialtas agus an pharlaimint.”

Comhairle ríthábhachtach an méid seo gan amhras, ach bhí rud amháin eile san alt seo a bhí níos tábhachtaí fós. An achoimre bheag staire a bhreac siad.

Thagair Ahern agus Blair do na roghanna polaitiúila ba thábhachtaí a rinneadar le chéile idir 1998-2007. Ghlac Ahern leis nár chóir athrú a dhéanamh ar stádas bunreachtúil Thuaisceart Éireann gan cead a fháil ó mhóramh na ndaoine a bhí ina gcónaí sa stát sin. Thug Blair maithiúnas de facto do dhúnmharfóirí uafásacha. Agus cuireadh athruithe bunúsacha i bhfeidhm ó thaobh na slándála.

Iarsmaí iad na rudaí seo anois ó ré eile nuair ba faoi Thaoisigh na hÉireann a bhí sé, in éineacht le Príomh-Aire na Breataine, gach cinneadh tábhachtach a dhéanamh maidir le polasaí Phoblacht na hÉireann i leith Thuaisceart Éireann.

Le linn na mblianta a bhí faoi chaibidil in alt Ahern agus Blair, ní raibh baint ar bith ag an Aontas Eorpach le cur chuige Rialtas na hÉireann i dtaobh Thuaisceart Éireann.

Ní hamhlaidh an scéal faoi láthair, áfach.

Ba dheacair gan smaoineamh ar alt Ahern agus Blair agus an tráchtaireacht shainiúil a bhí le fáil in alt de chuid Politico.eu á léamh agam le déanaí. Is fiú comparáid a dhéanamh idir an meon a léirítear in alt Ahern agus Blair agus an meon a léirítear in ‘How the UK Lost the Brexit Battle’.

Tugtar sonraí san alt sin faoi chainteanna rúnda a bhí ar bun idir na húdaráis i mBaile Átha Cliath agus i Londain fén mBreatimeacht, cainteanna ar ar chuir Michel Barnier stop tobann leo ar mhaithe leis Aontas Eorpach:

“Cúpla lá i ndiaidh óráid May ag comhdháil an pháirtí, tháinig Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Choimisiúin go dtí Baile Átha Cliath. Bhí an teachtaireacht soiléir: éirigh as an idirbheartaíocht leis na Briotanaigh. As sin amach ar lucht na Bruiséile a bheadh an fhreagracht maidir leis an teorainn in Éirinn.”

Nuair a bhí Ahern agus Blair ina bpríomh-airí, ba orthu beirt a bhí an fhreagracht as polasaithe tábhachtacha ó thaobh Thuaisceart Éireann de. Ní raibh Leo Varadkar sásta leis an méid sin. Chaith sé an fhreagracht sin uaidh agus bhronn ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh í.

B’fhéidir gurb é sin an t-athrú is mó ó thaobh cúrsaí polasaí de in Éirinn ó 1973.

Ach dhiúltaigh sé an volte face mór seo a mhíniú.    

Fág freagra ar 'Fadó, fadó in Éirinn nuair a bhí Taoiseach againn a bhí i gceannas'