Estancia Cristina – an fheirm ag deireadh an domhain

Bhí agus tá go fóill réimsí móra talún ó dheas sa Phatagóin agus gan mórán daoine ag cur fúthu iontu. Is iontach an stair a bhaineann leo mar sin féin…

Estancia Cristina – an fheirm ag deireadh an domhain

Nuair a tháinig Percival Masters go dtí an Airgintín mar inimirceach ag tús an chéid seo caite ní raibh aon scileanna feirmeoireachta aige. Ach bhí feirmeoirí ag teastáil san Airgintín – go leor acu. Bhí agus tá go fóill réimsí móra talún ó dheas sa Phatagóin agus gan mórán daoine ag cur fúthu iontu. Glacaim leis go raibh pobal bundúchasacha thart, ach bhíodar scaipthe agus ní raibh aon bhailte nó áiteacha cónaithe buana acu ann.

Chuimhnigh rialtas na hAirgintíne ar sheift – cosúil leis an méid a rinneadh i dtíortha eile ar domhan agus anseo in Éirinn fiú, le scéim Ráth Chairn. Thairg siad na mílte heicteár talún do dhaoine a thosódh ar fheirmeoireacht caorach, agus a gheallfadh go bhfanfaidís sa cheantar.

Sin a rinne Percival Masters nuair a chuaigh sé ar imirce ann. Toisc nach raibh aon chur amach aige ar an bhfeirmeoireacht, d’fhan sé cúpla bliain ag foghlaim na mbunscileanna, phós sé agus thug a chlann óg chomh fada leis an bpaiste talún a tugadh dó ar imeall iargúlta Loch Argentino.

Má bhí an turas chuig an bhfeirm (nó an ‘estancia,’) fada agus tuirsiúil dúinne agus gach áis nua-aimseartha taistil againn, cé chomh fada, casta, cruálach, agus crua a bhí sé i ré na mbád gaile, an chairr chapaill, agus siúl na gcos in aimsir Mhuintir Masters? 14 uair a chloig a thóg an turas trasna an locha orthusan.

Ní raibh tada ansin rompu nuair a chuadar ann an chéad lá. D’fhanadar thart ar sheacht mí agus gan acu ach campa mar áit chónaithe.

Is deacair cur síos a dhéanamh ar sceirdiúlacht na háite. Sa lá inniu, agus muidne ag caitheamh lá no dhó ann, tá teach breá compordach, a bhfuil chuile chineál áis nua-aimseartha ann, chomh maith le cumarsáid nua-aimseartha leis an domhan mór. Ach fiú sa lá inniu is earraí leochaileacha iad. Tá siad ag brath anois ar ghineadóir don leictreachas agus castar as é gach oíche chun an breosla a shábháil. Tá bád nua ‘Catamaran’ acu a thugann cuairteoirí lae agus cuairteoirí thar oíche go dtí an t-ionad.

Tá feirm chaorach na Masters imithe le fada an lá. D’éirigh go rímhaith leo i rith an fichiú haois agus margadh maith ann don olann ón 12,000 caora. Ní raibh aon chomharsana acu riamh – bhí a bhfeirm féin chomh mór sin go mba léi gach píosa talún san áit. Bhíodh foireann bheag oibrithe feirme acu agus thagadh lucht bearrtha na gcaorach chucu go séasúrach gach bliain. Bhí beirt pháistí acu – Herbert agus Cristina.

Ach ar an drochuair cailleadh Cristina agus gan ach an 20 bliain slánaithe aici, de bharr babhta ‘niúmóine. Mhair Herbert agus fuair sé oideachas agus traenáil thar lear agus tháinig sé abhaile ansin chun cúram a dhéanamh don estancia. Níor phós sé.

Bhí sé mar choinníoll sa léas a fuair an chlann ón rialtas go bhféadfaidís úinéireacht a fháil ar an bhfeirm dá bhfanfaidís 30 bliain ansin agus clann a bheith acu.

In imeacht na mblianta, bhain an estancia cáil amach, ní hamháin mar fheirm ach mar áit a bhí thar a bheith áisiúil le fanacht ann – sléibhteoirí, eolaithe, daoine ar shuim leo an nádúr agus mar sin de. Thagadh siad trasna Loch Argentino, mar a thagann cuairteoirí an lae inniu, agus ansin dhéanaidís a mbealach suas sna sléibhte, ar chosán cloiche agus uaidh sin b’fhéidir suas go dtí an t-oighearshruth mór ‘Upsala’ atá suite sa lá inniu ar an teorainn idir an tSile agus an Airgintín.

Bhí muid in ann ár mbealach féin a dhéanamh réasúnta gar dó ach ní thugtar cead do dhaoine dul amach ar an oighear féin. Tá an ceantar thar a bheith contúirteach agus bhí sciorradh talún mór millteach ar ceann de na sléibhte atá gar don oighearshruth tamall de bhlianta ó shin. Ar ndóigh is iad na hAindéis atá i do thimpeall nuair a théann tú chomh fada leis an ‘ionad faire’ don oighearshruth.

Ní haon iontas go mbeadh suim ag dreamanna oifigiúla san áit. Aon áit a mbíonn ceist faoi theorainneacha, beidh suim ag an rialtas – agus rialtais eile- ann. Bhíodh cúrsaí teorann ina gcnámh spairne idir an tSile agus an Airgintín riamh anall. Thuigfeadh duine cén fáth a mbeadh sé deacair an líne oifigiúil teorann a tharraingt sna seanlaethanta, nuair a fheictear na sléibhte arda, na hoighearshruthanna móra, agus na deacrachtaí taistil a bhí roimh aon duine a thóg an obair sin idir lámha.

Dhéanadh fórsaí míleata na hAirgintíne a gcuid traenála don Antartach sna bólaí seo freisin. Bhí muidne ann i lár an tsamhraidh – mí Feabhra – níor mhaith liom a shamhlú cén bhail a bheadh ar chúrsaí ansin ag an taistealaí i lár an gheimhridh.

Chaithfeadh daoine a bheith crua agus seiftiúil chun fanacht ina gcónaí ann. Is léir ón tragóid a bhuail an chlann nuair a bhásaigh Cristina, go raibh baol báis ann dá mbuailfí duine tinn. Nuair a bhris a mbád féin síos, i lár an chéid seo caite, thógadar ceann nua ó bhonn, le cabhair na hirise Popular Mechanics, an leagan Spáinnise, ar ndóigh. D’fhoghlaim siad go leor scileanna a bhí ag teastáil go géar uathu ón iris sin agus gan san áit ach iad féin.

Thógadar an bád i seid na gcaorach agus bhí sé rómhór le dul amach an doras nuair a críochnaíodh é. Níor thóg sé i bhfad orthu balla an sciobóil a leagan agus an bád a thabhairt amach as agus í a chur ar an loch.

Nuair a tháinig an rialtas ina ndiaidh faoi nach raibh aon cheadúnas acu don bhád, thugadar suas ar talamh tirim í agus d’fhágadar ann í. ‘Anois tugaigí libh an bád, más maith libh,’ a d’fhógair siad ar an rialtas. Tá sí ansin ó shin.

Bhí aois mhór ag an tseanlánúin nuair a fuaireadar bás agus fuair a mac Herbert bás cúpla bliain ina ndiaidh. Ach bhí Herbert díreach tar éis bean as Albain a phósadh – Janet Hermingston. Agus cé nach raibh aon sliocht orthu tháinig sise ar phlean chun an fheirm a shábháil.

Bhí sí faoi stiúir na bPáirceanna Náisiúnta faoin am sin ach cheap Janet go bhféadfaí an ‘estancia’ a shábháil dá mbeadh sé ag feidhmiú mar theach lóistín agus nach mbeadh úinéireacht ag aon duine air. Bheadh bord stiúrtha ann agus thabharfaí cead do dhaoine eile é a rith mar theach lóistín faoi choimirce na bPáirceanna Náisiúnta.

Agus is mar sin atá sé ag feidhmiú ó shin. Ach ní ligtear i ndearmad an chlann a d’oibrigh chomh crua sin sa bhfichiú aois chun slí bheatha a bhaint amach i gceann de na háiteacha is iargúlta san Airgintín. ‘Estancia Cristina’ a thugtar air in ómós don bhean óg a fuair bás i dtús an chéid. Is féidir cuairt a thabhairt ar sheid bearrtha na caorach, agus na gléasanna feirme a bhí acu a fheiceáil, chomh maith le cuid den troscán cistine a bhí sa teach ar feadh céad bliain nach mór.

Agus breá feiceálach istigh ina lár, tá seanchóip den iris Popular Mechanic.

Fág freagra ar 'Estancia Cristina – an fheirm ag deireadh an domhain'