Ó am go chéile tagann scéala nuachta chugainn faoi phíosa ealaíne nó faoi iarsma stairiúil éigin a sciobadh ón áit arb as é. Agus ansin, déantar an cás lena thabhairt ar ais.
Is cuimhin liom na blianta ó shin, nuair a tosaíodh ag éileamh go dtabharfaí ar ais don Ghréig na ‘Elgin Marbles’ mar a tugadh ar na saothair dhealbhadóireachta sin. Ba í an t-aisteoir cáiliúil ón nGréig, Melina Mercouri, a ceapadh ina hAire Cultúir ina dhiaidh sin, a chuir tús leis an bhfeachtas.
Píosaí dealbhóireachta marmair a bhí, agus atá iontu, agus bhain siad go dlúth leis an bhfoirgneamh cáiliúil, an Parthenon.
Ní hé amháin gur thug an Tiarna Elgin abhaile ón nGréig iad i dtús an 19ú céad, ach tharraing sé anuas ó bhallaí an Parthenon iad. Agus bhí an chreach a thug sé abhaile go Sasana chomh mór sin, gur thóg sé na blianta fada air iad a iompar ar longa éagsúla, ceann a chuaigh go tóin poill san áireamh. Ach d’éirigh leo an lasta sin a thabhairt i dtír ar deireadh freisin.
Bhí sé conspóideach ón tús.
Labhair go leor daoine amach ina choinne, an Tiarna Byron san áireamh agus ar deireadh in 1816 socraíodh go ndíolfaí le Músaem na Breataine iad ar £35,000.
Áit an-spéisiúil é Músaem na Breataine. Is cuimhin liom cuairt a thabhairt ann na blianta ó shin agus ba í an chéad rud ar leag mé súil air, agus í breá feiceálach sa halla ar an mbealach isteach, ná cloch mhór le scríbhneoireacht Oghaim uirthi.
Ní dócha gur thángthas uirthi sin ar phríomhshráid i Londain.
Bhí scéala sa nuacht le gairid faoi chailís naofa Éireannach ón 16ú aois, atá coinnithe ag Músaem an Victoria agus Albert in Kensington, atá gar do Mhúsaem na Breataine. Bhí daoine sa gceantar as ar tógadh í i gCorcaigh ag éileamh go dtabharfaí ar ais í.
Ach, ar nós aon scéal faoi iarsmaí, níl rudaí simplí ach amháin ar an gcéad amharc.
Mar shampla, ní faoi réimeas na nGréagach a bhí an Parthenon le linn ré an Tiarna Elgin. Bhí na Turcaigh, nó na hOtamánaigh i gceannas agus ba é tuairim an Tiarna Elgin go raibh mí-úsáid á baint as na hiarsmaí agus mheas sé go raibh droch-chuma ar na láithreacha seandálaíochta ársa ag an am.
Is cuimhin liom féin le linn m’óige go raibh ‘an bháisteach aigéadach’ ina contúirt mhór agus bhí an-dochar á dhéanamh aici do láithreacha ar nós na seanfhoirgnimh Ghréagacha – is beag nach raibh na dealbha ar fad á leá nó á gcreimeadh faoi thionchar an aigéid sa bháisteach.
Mar sin, bhí cás láidir á dhéanamh ag an mBreatain gurb é an chaoi ar ‘shábháil’ siadsan go leor iarsmaí cáiliúla nach dtabharfaí aire dóibh dá bhfágfaí iad san áit arbh as iad.
Níl aon dabht ach go bhfuil músaeim ar fud an domhain ag teacht ar mhalairt tuairime faoi na rudaí ‘eachtrannacha’ atá ina gcuid bailiúchán náisiúnta – rudaí a goideadh go minic. Labhair Tristram Hunt, ceannasaí an V agus A, agus fear a bhí ina Aire i Rialtas na Breataine uair amháin, le gairid faoin ábhar seo. Dúirt sé go raibh sé in am anois breathnú ar an gceist seo ar bhealach eile.
Ach d’admhaigh sé go dtógfadh sé tamall.
Theastódh Acht Parlaiminte le go bhféadfadh an músaem tosú ag ‘tabhairt iarsmaí ar ais’. Níor luaigh sé an chailís as Corcaigh.
Thosaigh músaem sa nGearmáin ag bronnadh píosaí dealbhóireachta ó Bheinin na hAfraice ar ais ar an Nigéir le gairid. (Bhí an ‘Beinin’ sin sa Nigéir tráth.) Rud conspóideach eile é sin toisc go gceistítear an bhfuil na hacmhainní cuí ag stáit áirithe le píosaí leochaileacha ealaíne a choinneáil agus a chur ar taispeáint – fiú amháin más as an tír sin a tháinig siad an chéad lá.
Tá margadh ann ar ndóigh i gcomhair píosaí ealaíne nó iarsmaí a théann ‘ar strae’. Thángthas le gairid ar phíosaí móra troma dealbhóireachta – sarcafagais adhmaid as an Éigipt atá thart ar 2,500 bliain d’aois agus iad ar díol i Houston, Texas. Cé a cheap gur trádáil ionraic ar fad a bhí ansin?
Chonaic mé féin dhá sharcafagas den chineál sin le gairid i Cádiz na Spáinne. Fuaireadar ceann amháin blianta fada ó shin agus é curtha sa ngaineamh. Thóg sé blianta orthu an ceann eile a aimsiú – cé nach raibh sé i bhfad ón gcéad cheann. Is ó aois na bhFéiníocach a tháinig an dá phíosa – cineál cónra cloiche atá iontu – ceann fireann agus ceann baineann.
Thóg Cádiz an músaem go speisialta leis an dá phíosa seo a chur ar taispeáint agus bailiúcháin rudaí eile thart orthu. B’as an Liobáin sa lá inniu, a tháinig lucht na Féinice agus scaip siad ar fud thíortha na Meánmhara. Drochsheans go dtiocfaidh aon duine ón Liobáin ag iarraidh na sarcafagais ar ais, cheapfainn.
An tseachtain seo léim an Teachta Dála Éamon Ó Cuív isteach sa chonspóid maidir le ‘Cloigne Inis Bó Finne’. Tá siad faoi láthair i gColáiste na Tríonóide, áit ar coinníodh iad ó ‘bailíodh’ iad sa gcéad seo caite. Ach is dócha go bhfuil an fhadhb chéanna ag an Ollscoil sin agus atá ag Músaem an V agus A. Tá srianta dlíthiúla orthu maidir le rudaí atá ina seilbh a ‘bhronnadh’ ar ais ar phobal ar bith.
Labhair mé le mo sheanmhéit Patsy McGarry, Comhfhreagraí Cúrsaí Creidimh san Irish Times. D’fhiafraigh mé de an raibh aon chásanna eile ar eolas aige féin go bhféadfaí cás a dhéanamh lena dtabhairt ais?
‘Bhuel, anois,’ a deir sé. ‘Cá dtosóidh mé?
Táimid inár suí anseo i nDún Laoghaire. Thíos ansin ar an gcé, tá gunna mór.’ Bíonn daoine ag glacadh pictiúr go minic in aice leis. Is breá le gasúir é.
‘Ach an bhfuil a fhios agat gur as an gCrimé é?’ a deir Patsy. ‘Tugadh na mílte acu ‘abhaile’ tar éis an chogaidh sa Chrimé sna 1850idí.
Tá rud éigin scríofa i Rúisis ar a thaobh. Ar chóir é a thabhairt ar ais don Chrimé?’
Measann sibh ar chóir dúinn é a thabhairt ar ais do Vladimir – nó do Volodymyr?
‘Cad faoi Leabhar Cheanannais a thabhairt ar ais do bhaile Cheanannais?’ a d’fhiafraigh sé.
Thosaigh sé ag cuimhneach ar shamplaí eile nach mbeadh eolas ag daoine fúthu. ‘Is as Baile Ros Comáin ó cheart í Cros Chonga- ar chóir í a bhronnadh ar Ros Comáin?’
D’inis sé dom go bhfuil siad ann a cheapann go bhfuil cloigeann Naomh Bríd i séipéal éicint sa Phortaingéil. ‘Nár chóir é sin a thabhairt ar ais agus a chur in éindí leis an gcuid eile den naomh?’
‘Céard faoin Naomh Oilibhéar Pluincéad?
Tá píosaí dá chorp in roinnt áiteacha éagsúla. Nár chóir iad a bhailiú le chéile agus a chur lena chloigeann, atá i nDroichead Átha agus na taisí sin a ‘thabhairt ar ais’ go hArd Mhacha, an áit dheireanach a raibh sé ina Ardeaspag ann?’
Bhí mearbhall ag teacht orm. An chéad rud eile bheadh sé ag iarraidh go dtabharfaí an bád adhmaid ón réamhstair a frítheadh i Loch Uí Ghadhra, a ‘bhronnadh’ ar ais ar Bhealach a’Doirín.
D’fhág mé slán aige féin agus ag na naoimh.
Fág freagra ar '‘Elgin Marbles’ agus ‘Cloigne Inis Bó Finne’ – scéal casta na n-iarsmaí'