Éistear le Tomás Ó Monacháin faoi na fotheidil ar TG4 – tá fianaise mar thaca aige

Chuideodh fotheidil le cumas léitheoireachta daoine sa Ghaeilge, gan trácht ar na bunscileanna eile teanga a fheabhsú...

Éistear le Tomás Ó Monacháin faoi na fotheidil ar TG4 – tá fianaise mar thaca aige

Tamall maith de bhlianta ó shin, thugas-sa faoi chúpla caibidil as an leabhar The Lion, the Witch & the Wardrobe a aistriú go Gaeilge le haghaidh miontráchtais.

Nuair a bhí an méid sin déanta agam, d’iarr mé ar Gabriel Rosenstock roinnt sleachta ón téacs aistrithe a léamh os ard dom, fad a rinne mise taifeadadh air. Cé go raibh dlúthdhioscaí ar an bhfód le tamall roimhe, is gnáththéipthaifeadán a d’úsáid mise le caint fhear Chill Fhíonáin a thógáil uaidh.

D’iarr mé ansin ar mhúinteoir a bhí ag obair sa bhunscoil ar ar fhreastail mé féin an téacs aistrithe a chur os comhair a cuid daltaí, agus iarraidh orthu é a léamh os ard, duine ar dhuine. Leath den rang, bhí siad le taifeadadh Gabriel Rosenstock a chloisteáil roimh ré; níor tugadh cead don leath eile éisteacht leis go dtí ar ball.

Ba chruinne agus b’fhearr cumas léitheoireachta na ndaltaí a d’éist leis an téip sular thosaigh siad ag léamh ná an dream nár éist léi.

Dhá rud a bhí ag na daltaí ar éirigh níos fearr leo: fuaim agus téacs, dhá rud atá go rábach againn sa lá atá inniu ann.

Admhaím gur comhthéacs eile atá i gceist le moladh Thomáis Uí Mhonacháin, sa mhéid is nach ionann teanga na fuaime agus teanga an téacs sa chás áirithe seo, ach ba mhaith liom aird a dhíriú ar rud amháin a dúirt sé ina agallamh le Nuacht TG4 ar fiú é a chur i gcló:

“Ar an taobh dhearfach dó”, ar seisean, “dá mbeadh polasaí ann go mbeadh fotheidealú Gaeilge faoi achan Bhéarla a bheadh in achan chlár, chuirfeadh sé go mór le litearthacht phobal na Gaeilge…sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht”.

Tá taighde acadúil ag teacht leis an tuairim sin, agus ní hamháin nár mhiste fotheidil Ghaeilge a bheith ann le haghaidh ábhair i mBéarla, ach b’fhiú go mór iad a leagan anuas ar ábhar i nGaeilge.

Deir Brij Kothari nach féidir leis an ngnáthdhuine fotheidil a sheachaint má bhíonn siad roimhe ar scáileán, agus go léifidh sé iad dá bhuíochas. Léiríonn taighde a rinne sé féin agus scoláirí eile gur tháinig feabhas ar chumas léitheoireachta daoine san Ind nuair a cuireadh fotheidil ar fáil dóibh sa teanga chéanna agus a bhí an t-ábhar teilifíse a raibh siad ag breathnú air is ag éisteacht leis.

Díríodh ar amhráin – cuid lárnach den saol Gaelach – sa tarna staidéar a rinne Kothari.

Leathuair a’ chloig d’ábhar sa tseachtain a bhí i gceist, agus bhí idir dhaltaí scoile agus daoine fásta ina measc siúd a ndearnadh scrúdú orthu. Daoine a bhí faoi mhíbhuntáiste agus a raibh deacrachtaí léitheoireachta acu a bhí sa dá ghrúpa.

Ó thaobh na bpáistí nach raibh léamh acu ag teacht chun na scoile dóibh, d’éirigh le 56% acu léitheoirí maithe a dhéanamh díobh féin le cúnamh SLS (‘Same Language Subtitling’) in imeacht cúig bliana. 24% a rinne léitheoirí maithe díobh féin sa tréimhse chéanna ach a bhí d’uireasa SLS. Bhí 25% eile fós i gceist nach raibh aon teacht acu ar SLS ach oiread, agus a raibh deacrachtaí léitheoireachta acu i gcónaí faoi dheireadh na gcúig bliana céanna.

Tá impleachtaí ag na figiúirí seo d’fhoghlaimeoirí dara teanga freisin. Cainteoir níos moille mé féin ná an gnáthchainteoir dúchais, agus cuimhním ar ócáidí gur theip ar mo chuid cainte de bharr go rabhas neirbhíseach nó támáilte – rud a tharlódh dom sa Bhéarla féin – ach is féidir liom a rá gan aon agó gur chuidigh an léitheoireacht go mór liom pé líofacht atá agam sa Ghaeilge a bhaint amach, faoi mar a rinne scríobh na teanga.

Le fírinne, rachadh sé dian orm na bunscileanna teanga sin a scarúint óna chéile ar aon bhealach, agus go dtí an lá inniu féin, nuair a chloisim daoine ag labhairt i nGaeilge, is minic a ‘fheicim’ na focail atá á rá acu i m’intinn agus mé ag éisteacht leo, rud nach gcuireann isteach orm in aon chor.

Is í an fhírinne a bhí ag Tomás Ó Monacháin maidir le fotheidil agus litearthacht, fiú más fotheidil ar Bhéarla a bheadh i gceist le cuid de na fotheidil sin. Ar ndóigh, tuigim dóibh siúd a gcuireann fotheidil isteach orthu, ach is féidir leo iad a bhaint más mian leo – cé go n-admhaím go bhfuil comhlachtaí teilifíse go mór chun deiridh le hais comhlachtaí idirlín ón taobh sin de.

Maidir le hábhar Gaeilge, áfach, tuigtear dom gur féidir féachaint ar Ros na Rún le fotheidil Ghaeilge ar sheinnteoir TG4. B’fhiú a leithéid de rogha a thabhairt do dhuine i gcomhair cláracha eile Gaeilge, sílim, an fhaid is a thabharfaí beagán spáis don chanúint agus nach i dtaobh le ‘ní dúirt’ a bheimis agus ‘níor [dh]úirt’ á rá ag duine.

Theastódh beagán comhairle ón dream a rachadh ina bhun de réir na canúna, ach tá na saineolaithe agus na foinsí ann, ach iad a cheadú. D’fhéadfaí a ceart a thabhairt don chanúint gan imeacht ar fad ón gcaighdeán, agus vice versa.

Mar fhocal scoir, b’fhurasta ‘scéal an chancráin’ a dhéanamh de scéal Thomáis Uí Mhonacháin, ach b’fhearr i bhfad go ndíreofaí ar an gcuid sin dá chaint a bhí dearfach, agus go n-éistfí leis.

Mo bharúil féin nach féidir scríobh don tsúil agus scríobh don chluais a scarúint go hiomlán óna chéile – ná nár cheart iad a scarúint óna chéile. Don chluais a scríobhtaí gach uile rud sa Ghaeilge sularbh ann don litearthacht i measc an phobail, agus dá mbeadh an cur chuige ceart ann ó thaobh an fhotheidealaithe de, d’fhéadfadh sé go gcuirfí aos óg na tíre ag léamh fotheideal i nGaeilge cúpla lá sa tseachtain.

Dá dtarlódh sin, chuideodh sé lena gcumas léitheoireachta agus cluastuisceana araon sa teanga sin, agus chabhródh sé le foghlaimeoirí líofacht cainte a bhaint amach le haimsir. I mbeagán focal, rachadh sé chun tairbhe do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí araon.

Éistear le Tomás Ó Monacháin. Ní hí geonaíl an chancráin atá aige, ach an fhírinne.

Fág freagra ar 'Éistear le Tomás Ó Monacháin faoi na fotheidil ar TG4 – tá fianaise mar thaca aige'

  • Mait Ó Brádaigh

    Kevin, a chara, An-smaointe san alt seo is déanaí uait. Nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 anois) d’ardaigh mé féin an cheist ghinearálta seo ag na cruinnithe poiblí a bhí ar siúl i samhradh 1996. Is é sin an mbeadh ról teagaisc teanga ag an stáisiún? Chuige seo, d’fhiafraíos an mbeadh fotheidil i nGaeilge ar fáil chun cur teacht i dtír ar chumas léitheoireachta an phobail i nGaeilge agus cur leis. Tugadh le fios go soiléir dom gur siamsaíocht an sprioc a bheadh an stáisiún agus ní teagasc na Gaeilge agus, dá bhrí, nach mbeadh fotheidil i nGaeilge ann. Ó shin tá nós na léitheoireachta imithe i léig a thuilleadh, cuid mhaith mar nach bhfuil aon nuachtán clóite Gaeilge caite thart sna tithe. Tá pobal mór i gcónaí nach léann ach an beagán ar an idirlíon agus a léann nuachtáin chrua agus a dhéanann brabhsáil nó sracfhéachaint ar chuile shórt atá ag luí thart. Tá an dealramh ar an scéal go bhfuil an cumas labhartha sa teanga ag dul i léig, agus fáth amháin is ea nach léitear mórán i nGaeilge a thuilleadh.
    Thiocfainn leis an bpointe faoi na canúintí chomh maith. Ní de bharr go bhfuil cuid againn pas beag bodhar amháin atá gá le fotheidil ach chun an cumas tuisceana ar na canúintí a mhéadú trí thacaíocht na léitheoireachta agus cur le litearthacht den uile shaghas sa nGaeilge, labhairt san áireamh. Tá éirithe go seoigh ar go leor slite le TG4 ach tá teagasc teanga ag teastáil agus ní siamsaíocht amháin.

  • Séamas Mac Coitir

    Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid atá i gceist thuas. Tá an Ghaeilge ar mo thoil agamsa, tá triúr aisteoirí sa sobaldráma Ros na Rún, agus caithfidh mé a rá go macánta nach mbíonn a fhios agam ó Dhia anuas céard a bhíonn siad ag rá. Tá mo bhean ar bheagán Gaeilge, agus ba mhór an grá dia é dá mba rud é go raibh fotheidil ar an scáileán le linn don dráma a bheith ar siúl chun éascaíocht a dhéanamh di. Tá staid an scéil sin curtha in iúl agam do léiritheoirí Ros na Rún, níos mó ná uair amháin, agus ní bhfuair mé ach an chluas bhodhar go dtí seo.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    An alt é seo arbh fhiú níos mó plé a dhéanamh faoi. Is cinnte nach mbíonn an cluas chomh tréan nuair a bhíonn na fotheidil á léamh. Ach is mó tairbhe a bheadh le baint agamsa as fotheidil Ghaeilge a bheith le cláracha i nGaeilge ná fotheidil Ghaeilge le cláracha i mBéarla.

  • An tEisreachtach

    Bhí mé i bpub i nGaeltacht Chonamara tamall ó shin agus bhí ‘Ros na Rún’ ar bun ar an TF.
    Bhí cuid mhaith de na custaiméirí ba ghaire don teilifís ag féachaint air, ACH bhí an fhuaim casta anuas sa gcaoi gur ag brath ar na fotheidil Bhéarla a bhí na féachantóirí leis an scéal a leanúint.
    Tá ábhar machnaimh ansin!