Tá sé ráite ag an gceoltóir CMAT nach raibh aon bhaint aici le cinneadh an Ghaeilge a ghearradh amach óna hamhrán nua an lá a seinneadh ar an raidió é.
Craoladh amhrán nua CMAT, ‘Euro-Country’, den chéad uair riamh ar BBC Radio One arú aréir ach níor craoladh tús an amhráin, atá i nGaeilge.
Agus í ag labhairt i bhfíseán a roinneadh ar a cuntas Instagram, dúirt CMAT, arb as Dún Búinne i gcontae na Mí di, nach raibh a fhios aici go ngearrfaí amach an Ghaeilge agus go raibh sé craiceáilte go ndéanfaí a leithéid.
“I just want to say really quickly that it was not my decision to have the Irish language edited out of the first ever play of ‘Euro-Country’ on radio,” a dúirt sí
“I don’t know who edited that out. That was crazy of them. Not my decision, but they’re fixing it!”
Tá sé séanta ag an BBC gurbh iadsan a ghearr an Ghaeilge ón amhrán agus é ráite gur seinneadh leagan a tháinig ó lipéad ceoil CMAT.
Dúirt CMAT go raibh an BBC i dteagmháil léi agus go gcraolfaí an t-amhrán leis an gcuid i nGaeilge inniu, Dé Máirt.
“Níl a fhios agam an botún a bhí ann nó cad a tharla, ach ní hé mo chinneadh a bhí ann. Ach bhí siad i dteagmháil liom díreach agus deir siad go gcasfaidh siad an intreoir Ghaeilge, leagan iomlán full ‘Euro-Country’ amárach mar chúiteamh.”
Dheimhnigh an BBC gur seinneadh leagan iomlán den amhrán leis an véarsa Gaeilge ar an raidió inné agus go raibh sé le craoladh arís faoi dhó inniu.
Is i nGaeilge atá an chéad véarsa den amhrán ‘Euro-Country’ agus CMAT (Ciara Mary-Alice Thompson) ag canadh:
“Cad is gá dom a dhéanamh mura bhfuil mé ag bualadh leat?
Tá ceann folamh agam agus pearsantacht nua.
Éirím níos dofheicthe is tú imithe ó mo shaol.
Níl aon rud fágtha sa scáthán.
An mbeidh mé álainn maol?”
Déantar tionchar an chúlaithe eacnamaíochta in Éirinn a chaoineadh san amhrán ‘Euro-Country’ chomh maith agus tagairt ann d’iarthaoiseach na tíre, Bertie Ahern.
“All the big boys, all the Berties, all the envelopes, they hurt me.
I was 12 when the das started killing themselves all around me.”
Dúirt CMAT gur gearradh amach freisin an líne faoi dhaoine a bheith ag cur lámh ina mbás féin ach go raibh sé sin “níos sothuigthe” ná an cinneadh an Ghaeilge a bhaint amach.
Tá albam nua CMAT, Euro-Country, le heisiúint an mhí seo chugainn.
Fág freagra ar '‘Éirím níos dofheicthe is tú imithe ó mo shaol’ – véarsa Gaeilge gearrtha amach ó amhrán nua CMAT ar an BBC'